| Páirc an Mháimín                 Forbairt na Páirce
             
             B'iontach an lá é do   Cheantar na nOileán an lá ar oscail Páirc an Mháimín ar an 31 Márta   1974.  B'iad an tAthair Micheál Ó   Flannabhra, an tAthair Micheál Ó Fátharta, a bhí ina shéiplíneach i   dTír an Fhia ag an am,  agus an   tAthair Colm Ó Faoláin, sagart paróiste Leitir Móir, a rinne an   beannú.   D'imir foireann Naomh Anna an lá úd in aghaidh Bhaile Mháirtín as Ráth Cairn agus   d'imir Cumann an Athar Uí Ghríofa in aghaidh Ghaeltacht   Chonamara.  Ní raibh na seomraí   feistis tógtha an lá úd agus baineadh úsáid as Halla Thír an Fhia.  Ba iad banna ceoil Scoil Thír an Fhia faoi stiúir an tSr Uinseann a chuir an ceol ar fáil ar feadh an lae.   Tráthnóna, chuir an Cumann an sméar   mhullaigh ar an oscailt le dinnéar mór do na foirne in Óstán na Ceathrún Rua   agus céilí ina dhiaidh sin arís i Halla Mhic an Adhstair san áit ar bronnadh na   duaiseanna.  Bhronn Cumann Peile   Connemara Gaels Boston agus Nua Eabhrac corn agus trófaithe ar an gCumann   baile.  Ceann de na coirn sin ab ea Corn James Philbin a bhronn Connemara Gaels Nua Eabhrac.  De bharr sruth na   himirce bhí bánú á dhéanamh ar Chumann Peile Naomh Anna ag tús na   seachtóidí.  B'éigean do phlúr na bhfear   a n-aghaidh a thabhairt ar Leeds, Londain, Nua Eabhrac agus ar Boston.  D'imigh leitheidí Mharcuis agus Sheáin Uí Chualáin as Fuirnis, triúr de mhuintir Chonghaile, Seán, Michael agus Pádraig, na Peircíní, Micheál agus Seán. Agus Micheál Ó   Flatharta as Leitir Móir.  D'imir   siadsan uilig d'fhoireann sinsir Connemara Gaels i mBoston agus i Nua Eabhrac.   Chuaigh imreoirí eile go Leeds agus go Londain. Michael Phat Liaimín as   an Trá Bháin, a raibh bonn uile-Éireann bainte amach aige agus é ag freastal ar   Scoil Ghairmoideachais na Gaillimhe agus Cóilín Ó Ceallaigh as an Maimín.   Bhí aitheantas faighte ag Seán Ó Conghaile as Tír an Fhia ag an leibhéal   contae nuair a b'éigean dó féin an baile a fhágáil agus a aghaidh a thabhairt ar   Boston.  Cé   gur thóg na fir sin orthu féin páirt a ghlacadh i gCumainn Pheile thar lear   d'fhan a ndílseacht agus a ndúthracht riamh le Cumann Peile Naomh Anna.       
             Seo a leanas giotaí a bhí sa leabhrán   oifigiúil a bhí ar fáil d'oscailt na páirce ar an 31ú Márta 1974.     
   
 
           |