Cliceáil ar cheann de na roghanna thall ar chlé chun torthaí na foirne sin a fheiceáil.
Tá foirne againn ag imirt sna grádanna seo: Sinsear, Sóisear A, Sóisear C, Faoi 19, Faoi 17, Faoi 15, Faoi 13, Faoi 12, Faoi 10, Faoi 8 agus Faoi 6.
Foirne na mBan: Idirmheánach, Sóisear, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 12 agus Faoi 10
Eanáir
Cuireadh tús le comórtas idirchontae Peil na mBan ar an 21 Eanáir nuair a thug Mná na Gaillimhe aghaidh ar Bhaile an Easpaig i gCorcaigh le casadh leis an bhfoireann baile ansin sa gcéad bhabhta i Roinn 1A i Sraith Náisiúnta Lidl.
Bhí an lá le mná Corcaigh, 1-6 le 0-5. D'imir Sarah Ní Loingsigh mar lánchúlaí.
An Satharn dár gcionn, agus Sarah arís mar lánchúlaí theip orthu le aon phointe amháin i gcoinne Mhaigh Eo thíos ar Pháirc Uí Dhúgáin, Béal Átha na Slua, 0-10 le 2-5.
Feabhra
Ar an gcéad Domhnach de Feabhra thug Mná na Gaillimhe turas fada suas go Ard Mhaca le casadh leis an bhfoireann baile ar Pháirc Lúthchleasaíochta i mbabhta 3 i Roinn 1A i Sraith Náisiúnta Lidl.
Bhí an lá le mná Árd Mhaca, 0-8 le 0-6. D'imir Sarah mar lánchúlaí.
Ar an Domhnach, 18 Feabhra, agus Sarah arís mar lánchúlaí theip orthu le aon phointe amháin i gcoinne Bleá Cliath thuas ar Pháirc Pharnell, 1-12 le 0-16, i mbabhta 4.
Márta
Ar an Domhach, 3 Márta, uair Mná na Gaillimhe, le Sarah mar lánchúlaí, a chéad bua sa tsraith nuair a fuair siad an ceann is fearr ar An Mhí thíos ar Pháirc Uí Dhúgáin, Béal Átha na Slua i mbabhta 5 i Roinn 1A i Sraith Náisiúnta Lidl, 1-12 le 0-7.
Ar an Domhnach, 24 Márta, agus Sarah arís mar lánchúlaí theip orthu le i gcoinne Chiarraí thíos ar Pháirc Mhic Gearailt i gCill Áirne, 0-12 le 2-11, i mbabhta 6.
Bhí Fionn Mac Donnacha ar phainéal Faoi 20 na Gaillimhe a fuair an ceann is fearr ar Liatroim sa gcéad bhabhta den comórtas ciocalach i gCraobh Chonnacht na bliana seo thíos ar Pháirc Uí Dhúgáin, Béal Átha na Slua, 2-16 le 1-13, ar an gCéadaoin, 20 Márta. Scóráil Fionn dhá phointe nuair a tháinig sé chun páirce roimh leathama sa dara cluiche, i gcoinne Mhaigh Eo ar an gCéadaoin, 27 Márta ar Pháic Mhic Éil i gCaisleáin an Bharraigh ach theip ar fir óga na Gaillimhe an ceann is fearr a fháil ar an fhoireann baile, iad ag cailleadh le 4 phointe, 2-6 le 0-16.
Aibreán
|