Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ - 2017

line decor
 
 
 
 

Cliceáil ar cheann de na roghanna thall ar chlé chun torthaí na foirne sin a fheiceáil.
 
Tá foirne againn ag imirt sna grádanna seo: Sinsear, Sóisear A, Sóisear C, Faoi 21, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 12, Faoi 10 agus Faoi 8.
Foirne na mBan: Sóisear, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 13 agus Faoi 11
Seo liosta de na bainisteoirí foirne
 
Eanáir

Bhí Tadhg Ó Máille sa chúl d'fhoireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a fuair an ceann is fearr ar Mhaigh Eó i Sraith FBD Chonnacht le 1-21 i gcoinne 2-16 ar Pháirc Mhic Éil, Caisleán an Bharraigh ar an Domhnach, 8 Eanáir. Theip ar Thadhg agus a chomrádaí ón Ollscoil sa tSraith FBD i gcoinne Ros Comáin, 0-14 le 1-17, i mBéal Átha Feorainne, Ros Comáin ar an Domhnach, 15 Eanáir.

Bhí Seán Aindí Ó Ceallaigh mar lánchúlaí ar fhoireann Faoi 21 na Gaillimhe a d'imir i gComórtas Peter McNulty. Fuair siad an ceann is fearr ar Thiobrad Árann sa gcéad cluiche 3-12 le 1-7 i gCealltrach ar an Domhnach, 8 Eanáir. Fuair siad an ceann is fearr ar Cheatharlach thíos i bPáirc Uí Chuilinn, Ceatharlach leis an scór 2-19 le 0-12. Theip orthu sa gcluiche leathcheannais i gcoinne An Chláir, 1-7 le 2-10.

Bhí bua iontach ag Sarah Ní Loingsigh agus ag foireann Ban na Gaillimhe ar Mhaigh Eo thuas i Mainistir Mhaigh Eo i gcluiche leathcheannais Sraith Gheimhridh Chonnacht, 7-10 le 0-9, ar an Domhnach, 8 Eanáir. Bhí Sarah i lár na páirce arís nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Shligeach, 1-2 le 0-3, i gcluiche ceannais Sraith Gheimhridh Chonnacht i Lárionad Spóirt Chonnacht i mBéal Átha hAmhnais ar an Domhnach, 15 Eanáir.

Bhí bua iontach ag Sarah Ní Loingsigh agus ag foireann Ban na Gaillimhe ar Mhaigh Eo sa gcéad cluiche den tsraith i mBéal Átha na Muice, Maigh Eó, 2-8 le 1-10, ar an Domhnach, 29 Eanáir.

Bhí Tadhg Ó Máille sa chúl d'fhoireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a fuair an ceann is fearr ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, 3-14 le 1-4, sa réamh-bhabhta de Corn Mhic Uigir ar an Daingin i nGaillimh ar an Déardaoin, 26 Eanáir ach ar theip orthu sa gcéad bhabhta eile i gcoinne Coláiste Naomh Muire, Béal Feiriste, le 1-7 le 1-9 ar an Mháirt, 31 Eanáir.

Foireann Ban na Gaillimhe 2017
Ar chúl: Emma Reaney, Johanna Connolly, Áine McDonagh, Lisa Gannon, Sarah Ní Loingsigh, Gillian O'Connor, Dearbhla Gower, Dora Gorman, Barbara Hannon, Ciara Ní Churraoin, Charlotte Cooney, Lucy Hannon, Noelle Connolly, Deidre Brennan      Pictiúir: Facebook Mná na Gaillimhe
Chun tosaigh: Mairéad Seoighe, Ailbhe Davoren, Aoife Ní Cheallaigh, Eimear O'Kane, Shauna Hynes, Shauna Molloy, Sarah Conneally, Emily Gavin, Aishling Donnelly
 
D'imir Joe Gubbins sna tosaithe ar fhoireann Sacar Faoi 18 na Gaillimhe i gcomórtas an FAI Umbro Youth Interleague ar an Domhnach, 22 Eanáir ar Pháirc Eamonn Deacy. Bhuaigh siad 3-1 in aghaidh foireann ón tSraith Peil na gComhchontaetha.
 
Feabhra
Bhí mí-ádh ar Sarah Ní Loingsigh agus ar fhoireann Ban na Gaillimhe i gcoinne Dún na nGall sa dara cluiche den tsraith i dTuaim ar an Domhnach, 5 Feabhra. Fuair mná Thír Conaill an ceann is fearr orthu lé pointe amháin, 1-12 le 2-10. Fuair siad an ceann is fearr ar Mhuineachán sa tríú babhta thuas i gCluain Eois ar an 19 Feabhra, 3-12 le 1-13. Siad mná Ard Mhaca a fuair siad an ceann is fearr orthu sa gceathrú babhta i dTuaim ar an 26 Feabhra, 2-11 le 1-12.
 
Roghnaíodh Joe Gubbins ar phainéal Faoi 17 Gaillimh Aontithe don tséasúir seo. Imreoidh siad a céad cluiche comórtas sa mbaile i gcoinne Ciarraí ar an 19ú Márta. Roghnaíodh Katie Ní Fhlatharta, iníon Chiarán Óg agus gariníon Chiaráin Chóil, ar fhoireann Cailíní Faoi 12 na Gaillimhe.
 
Márta
Bhí sár-cluiche ag Seán Aindí Ó Ceallaigh (leas-chaptae na foirne) agus é ag imirt sa líne leathchúl ar fhoireann Faoi 21 na Gaillimhe i gcoinne Liatroim sa gcéad bhabhta de Craobh Chonnacht i dTuaim ar an Satharn, 11 Márta, 1-16 le 0-8. Bhí Séan san iomaíocht le Dylan McHugh do laoch an cluiche ach sé fear Chorafinne a roghnaíodh. Cháiligh siad do cluiche ceannais Chonnacht lena mbua ar Mhaigh Eo sa gcluiche leathcheannais i dTuaim ar an Satharn, 25 Márta, 2-13 le 1-10.
 
D'imír Maitias Eoin Bairéad i lár na páirce ar fhoireann Mionúir na Gaillimhe i gcoinne Liatroim sa gcéad bhabhta de Sraith Chonnacht i dTuaim ar an Satharn, 11 Márta, 4-10 le 2-12. B
Bhí an dara bua acu sa gcomórtas i gcoinne Longfoirt thuas i gClonbonny, 2-12 le 1-10. Bhí an tríú bua acu i gcoinne Mhaigh Eo i dTuaim ar an Satharn, 25 Márta, 1-11 le 1-7.
 
Fuair Sarah Ní Loingsigh agus foireann Ban na Gaillimhe an bua i gcoinne Chiarraí sa cuigiú cluiche den tsraith i gCorafinne ar an Domhnach, 19 Márta, 3-6 le 1-10. Theip orthu sa séú babhta nuair a fuair Corcaigh an ceann is fearr orthu i Meallach, Corcaigh ar an Domhnach, 26 Márta, 2-5 le 1-11.
 
D'imir Joe Gubbins ar fhoireann Faoi 17 Gaillimh Aontithe a fuair an ceann is fearr ar Sraith Chiarraí, 4-0, ina gcéad cluiche de comórtas na bliana ar an Satharn, 18 Márta.
Gaillimh Aontaithe Faoi 17 2017
Foireann Faoi 17 Ghaillimh Aontaithe le Joe Gubbins, an chéad duine ar chlé chun tosaigh. Foinse: Suíomh Gaillimh Aontaithe
 
D'imir Roseanna Ní Bháille sa gcúl d'fhoireann Faoi 14 na Gaillimhe a fuair an ceann is fearr ar Mhaigh Eo sa gcéad bhabhta de Craobh Chonnacht, 6-14 le 2-6 i nGleann an Mhadadh ar an Satharn, 25 Márta.
 
Foireann Faoi 14 Cailíní na Gaillimhe 2017
Foireann Cailíní Faoi 14 na Gaillimhe 2017. Foinse: Suíomh Mhná na Gaillimhe
Roseanna Ní Bháille (Naomh Anna, Leitir Móir) le feiceáil an 7ú duine ó chlé chun deireadh (Uimhir 1)
 
Aibreán
Bhí sár-cluiche ag Seán Aindí Ó Ceallaigh agus é ag imirt sa líne lanchúl ar fhoireann Faoi 21 na Gaillimhe i gcoinne Sligeach i gcluiche ceannais Craobh Chonnacht ar Pháirc Markievicz i Sligeach ar an Satharn, 1 Aibreán, 3-20 le 2-14 tar éis am breise. Bhí na foirne cothrom ag deireadh na huaire, 1-16 le 2-13.
 
Foireann Faoi 21 na Gaillimhe 2017
Foireann Faoi 21 na Gaillimhe 2017. Foinse: Suíomh Co. na Gaillimhe
Ar chúl: Séan Andy Ó Ceallaigh (Naomh Anna, Leitir Móir), Kieran Molloy (Corafinne), Dylan McHugh (Corafinne), Ronán Ó Beoláin (Micheál Breathnach), Liam Kelly (An Spidéal), Colm Brennan (Oileáin Árann), Peter Cooke (Maigh Cuilinn).
Chun tosaigh: Robert Finnerty (Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach), Ruairi Greene (Cill Aithnín), Dessie Conneely (Maigh Cuilinn), Michael Daly (An Chreagán-Magh Locha), Cillian McDaid (Muine Bheá-Mainistir Cnoc Muaidhe), Antaine Ó Laoi (An Spidéal), Colin Brady (Corafinne), Paul Mannion (Cill Chonla)
 
D'imír Maitias Eoin Bairéad i lár na páirce ar fhoireann Mionúir na Gaillimhe i gcoinne Ros Comáin sa ceathrú bhabhta de Sraith Chonnacht i dTuaim ar an Satharn, 1 Aibreán, 6-11 le 1-8, ar Pháirc Phádraic Mac Piarais in Ard na Coille i Ros Comáin. Thug siad leo Sraith Chonnacht lena mbua i gcoinne Sligeach i dTuaim, 0-13 le 0-7 ar an Satharn, 8 Aibreán.
 
D'imir Roseanna Ní Bháille sa gcúl d'fhoireann Faoi 14 na Gaillimhe a fuair an ceann is fearr ar Liatroim i gCraobh Chonnacht, 4-13 le 1-4 i nGleann an Mhadadh ar an Déardaoin, 6 Aibreán.
 
D'imir Joe Gubbins sna tosaigh ar fhoireann Faoi 17 Gaillimh Aontithe a theip orthu i gcoinne Port Láirge, 2-5, sa dara cluiche de comórtas na bliana ar an Satharn, 8 Aibreán.
 
Nollaig
Comhghairdeas leis na Mná a roghnaíodh ar Fhoireann Sóisear A Réalta na Gaillimhe 2017: Caoimhe Ní Laoi, Saoirse Ní Dhomhnaill, Tina Uí Ógáin, Ríona Ní Fhlatharta, Sarah Ní Loingsigh & Mairéad Ní Loingsigh. Seo é an dara bliain as a chéile do Chaoimhe, Ríona & do Sarah a bheith roghnaithe ar fhoireann na Réalta