Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ - 2009

line decor
 
 
 
 

 

Cliceáil ar cheann de na roghanna thall ar chlé chun torthaí na foirne sin a fheiceáil.

 

Bhí foirne againn ag imirt sna grádanna seo: Idirmheánach, Sóisear A, Sóisear C, Faoi 21, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 12, Faoi 10 agus Faoi 8.

 

Foirne na mBan: Sóisear, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 13 agus Faoi 11.

 

B'iontach an bhliain a bhí ag foirne an chumann i 2009. Thug an fhoireann Idirmheánach leo Craobh Chonnacht chomh maith le Craobh an Chontae. Theip orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann i gcoinne An Chorra Chriochach as Tír Eoghan thuas i bPáirc an Phiarsaigh i Longfoirt. Bhain muid áit amach i ngrád na Sinsir arís tar éis bua ar Naomh Shéamuis i gcluiche ceannais an chontae le 9 bpointe i gcoinne 7. Roghnaigh Bord an Chontae Patsy Seoighe mar Laoch an Chluiche agus roghnaigh Galway Bay FM Antoine 'Toto' Ó Gríofa mar Laoch an Chluiche. D'imir siad beirt go maith ach thaispeáin an naonúr déag a chuaigh chun páirce an-spiorad agus an-chroí chun an corn a thabhairt siar go Ceantar na nOileáin don dara uair. D'imir muid i gCraobh Chonnacht don chéad uair riamh, nuair a thug muid aghaidh ar sheaimpíní Liatroim, C.L.G. Cluain, sa gcluiche leathcheannais ar an Domhnach, 1 Samhain, i bPáirc an Phiarsaigh, Bóthar na Trá. Bhuamar an cluiche sin le cúilín amháin, 1-8 le 1-7. Roghnaíodh Fiachra Breathnach mar Laoch an Chluiche ach ní mórán a bhí idir Fhiachra agus an fathach i lár na páirce, Criostóir Ó Flatharta. D'imir muid Cathair na Mart as Maigh Eo sa gcluiche ceannais i dTuaim ar an Domhnach, 15 Samhain agus tar éis am breise bhí an Corn ag dul siar go dtí na hOileáin le 2-14 i gcoinne 2-13. Roghnaíodh Patrick Mark Ó Fátharta mar Laoch an Chluiche tar éis dó 1-8 a scróráil. Is iad Eoin Ó Conghaile (Coiste Peile na Gaillimhe) agus Cóilín Ó hÓgáin a roghnaíodh mar Peileadóirí Idirmheánach na Gaillimhe do 2009.

 

Comhghairdeas leis na leads a roghnaíodh. Roghnaíodh Eoin Ó Conghaile,Cóilín Ó hÓgáin, Tomás Ó Gríofa, Toto Ó Gríofa, Fiachra Breathnach agus Patsy Seoighe ar fhoireann Réalta Idirmheánach na Gaillimhe 2009. Seo a leanas an fhoireann:

1. Eoin Ó Conghaile, 2. Cóilín Ó hÓgáin, 3. Paul Gleeson (Dún Mhór Mhic Éil), 4. Johnny Duane (Naomh Séamus), 5. Niall Ó Cadhain (Carna-An Chaiseal), 6. Mark Ó Ceallaigh (Naomh Séamus), 7. Tomás Ó Gríofa, 8. Toto Ó Gríofa, 9. JJ Ó Gráinne (Uachtar Ard), 10. Pól Ó Conaire (Naomh Séamus), 11. Fiachra Breathnach 12. Micheál Ó Murchú (Cill Chonla), 13. Tomás Ó Flannabhra (Naomh Kerril), 14. Máirtín Coady (Uachtar Ard) agus 15. Patsy Seoighe.

 

Thug na mná leo an chraobh náisiúnta de Chomhórtas Peile na Gaeltachta lena mbua i gcoinne an fhoireann bhaile, Na Piarsaigh, sa chluiche ceannais leis an scór 8-13 le 2-3. Bhuaigh siad sraith idirmheánach an Iarthair lena mbua ar Bhearna ach chlis orthu i gcluichí ceannais Craobh an Chontae agus Sraith an Chontae.

 

Faoi aois bhuaigh na Mionúir Craobh B an Iarthair ach chlis orthu i gcoinne Baile Átha an Rí sa gcluiche ceannais. Bhuaigh siad Sraith an Iarthair chomh maith. Bhuaigh an fhoireann Faoi 14 Corn Proinsias Ó Ceallaigh ar An Spidéal. Bhuaigh na Cailíní Faoi 13 agus na Cailíní Faoi 11 Sraith an Iarthair.

 

Rinne cailíní óga Chlann Uí Loingsigh as Béal a' Daingin, Sarah, Bairbre agus Mairéad, éacht i 2009.
Bhain Sarah Craobhacha Chonnacht amach le foirne sóisear agus mionúir na Gaillimhe. Bhain Bairbre agus Cliodhna Ní Cheallaigh as Tuairín Craobh Chonnacht faoi 16 amach leis an fhoireann Faoi 16 agus bhuaigh Mairéad agus Niamh Ní Chualáin as Cladhnach Craobh Chonnacht leis an fhoireann Faoi 14 ach chlis orthu i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Chorcaigh..

Bhuaigh Ciarán Ó Gríofa as Tír an Fhia Craobh Dornálaíochta na hÉireann sa 91Kg i mBaile Átha Cliath ar an 22 Bealtaine. Fuair Ciarán an ceann is fearr ar Phatrick Purcell (Darndale) leis an scór 10-4. Chomh maith leis sin, roghnaíodh Ciarán mar Réalt na Seachtaine sa Churadh Connachtach don tseachtain 28 Bealtaine.

 

Comhghairdeas chomh maith le hÉanna Ó Catháin, a bhuaigh Craobh Sinsir Scoileanna na hÉireann sa Discus 1.75kg sa Tulach Mhór ar an Satharn, 30 Bealtaine.

 

D'imir Uinsíonn Ó Lorcáin ar fhoireann Maistrí na hÉireann i gcoinne An Astráil.

 

Comhghairdeas le Máirtín Ó Conghaile, iar-Chathaoirleach an Chumainn, a bhain gradam speisialta CLG 125 amach ó Chomhairle Chonnachta. Is gradam speisialta atá anseo a thugann aitheantas do dhaoine a thug a gcuid ama go deonach chun Cumann Lúthchleas Gael a chur chun cinn. Roghnaíodh beirt as gach contae.

Ainmníodh Máirín Bharry mar phearsa an Chumainn, ar ócáid cheiliúradh 125 bliain an Chumann Luathchleas Gael i 2009.

 

Bhuaigh James Ó Domhnaill Craobh Chonnacht le foireann Gairmscoileanna na Gaillimhe.