Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ - 2006

line decor
 
 
 
 

 

Cliceáil ar cheann de na roghanna thall ar chlé chun torthaí na foirne sin a fheiceáil.

 

Bhí foirne againn ag imirt sna grádanna seo: Idirmheánach, Sóisear A, Sóisear C, Faoi 21, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 12, Faoi 10 agus Faoi 8.

 

Foirne na mBan: Sóisear agus Faoi 14.

 

Márta:

Bhí Patrick Mark Ó Fátharta, Antoine Ó Gríofa, Pádraig S. Ó Ceallaigh agus Dáithí Mac Donnacha ar fhoireann Ceardscoileanna na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Chonnachta lena mbua ar Mhaigh Eo, 1-9 i gcoinne 0-8. Is é Patrick Mark a scóráil cúl na Gaillimhe. Bhí mí-ádh orthu i gCluiche Leathcheannais na hÉireann i gcoinne Thír Eoghain ar an Máirt, 4 Aibreán, i mBaile Chathail, Maigh Eo. Bhuaigh leads an Tuaiscirt le cúilín amháin, 0-11 le 0-10. Scóráil Patrick Mark cúilín sa chluiche sin.

 

Comhghairdeas le foireann Cispheile Cailíní na Ceathrún Rua a bhuaigh Roinn 2 le gairid. Ar an bhfoireann tá Philomena agus Marie Ní Fhlatharta, Bríd Nic Dhonncha, Tina Uí Ógáin, Bairbre Nic Dhonnacha, Eileen Ní Loideáin agus Nóra Ní Ógáin. Is é Cormac Ó Confhaola an traenálaí.

 

Aibreán:

Bhuaigh peileadóirí Mionúir na Gaillimhe sraith mionúir Chonnachta. Bhí Ferdia Breathnach ón gCumann seo agus Aonghus Mac Donnacha (mac le Nóirín Nee as Leitir Caladh) ó C.L.G. An Cheathrú Rua ar an bpainéal.

 

Comhghairdeas le Antoine 'Toto' Ó Gríofa, a bhí ag imirt i lár an líne leathchúil ar fhoireann Ceardscoile Cholm Cille, Na hAille, a bhuaigh Craobh Chonnachta A an tseachtain seo caite lena mbua ar Choláiste Davett, Caisleán an Bharraigh le 2-16 i gcoinne 1-4.
Scóráil Pádraig Óg Ó Conaire, mac Phádraig Conroy, 1-7. Céard a dhéanadh mac an chait ach ...

 

Bhí mí-ádh orthu i gCluiche Leathcheannais na hÉireann nuair a chlis orthu i gcoinne Scoil Virginia, an Cabhán, leis an scór 1-8 in aghaidh 3-9.


Bealtaine:
Bhí foireann peile Faoi 17 Chonnachta ar thuras chuig Boston agus Nua Eabhrac. Bhí Ciarán Ó Laoi (mac le Joe Joe Antoine) as C.L.G. An Spidéil ar an bpainéal.

 

Níor éirigh le Fiachra Breathnach ná le peileadóirí Faoi 21 na Gaillimhe i gCluiche Ceannais Chraobh Chonnachta nuair a fuair Maigh Eo an ceann is fearr orthu i bPáirc Mhic Éil, le 7 bpointe, 0-15 le 1-5. Is é Fiachra a scóráil cúl na Gaillimhe.

 

Meitheamh:
Bhuaigh Éanna Ó Catháin bonn airgid sa chomórtas Discus i gCraobh Sóisear Scoileanna na hÉireann. Bhuaigh sé bonn óir sa Shot Putt agus ceann eile sa Discus i gCraobh Chonnachta Lúthchleasaíocht na gClub.

 

Bhí Sorcha Ní Loingsigh as Béal an Daingin agus Clíodhna Ní Cheallaigh as Tuairín, ar fhoireann Faoi 14 na Gaillimhe a bhuaigh Sraith Faoi 14 Chonnachta lena mbua ar Mhaigh Eo sa gcluiche ceannais leis an scór 7-14 i gcoinne 2-2. Bhí Sarah mar lánchúlaí agus bhí Clíodhna ar an líne leath-tosaigh ar chlé.

 

Bhí lá mór ar Pháirc an Mháimín ar an Satharn, 24 Meitheamh, nuair a tháinig Stiofán Ó Maolchiaráin agus a bhád, an Naomh Bairbre, i dtír ag Céibh an Mháimín tar éis dóibh seoladh ó Chicago.

 

 

Iúil:
Bhuaigh Éanna Ó Catháin bonn Óir sa chomórtas Discus i gCraobh Faoi i16 Lúthchleasaíochta na hÉireann. Bhuaigh sé bonn Chré-umha sa Shot Putt chomh maith.

 

Meán Fómhair:
Bhain Foireann na Cailíní Faoi 14 áit amach i gcluichí ceannais an chontae sa tSraith agus sa Chraobh ach níor éirí leo sa dá chluiche nuair a fuairt foireann láidir as Cill Chiaráin an bua orthu.

 

Samhain:
Bhuaigh Micheál Seoighe as Cruiminne an comórtas damhsa ar an sean-nós Faoi 15 ag Oireachtas na Gaeilge i nDoire. Bronnadh corn agus bonn airgid ar Mhicheál. Imríonn Micheál do Fhoireann Faoi 14.