Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ - 2015

line decor
 
 
 
 

Cliceáil ar cheann de na roghanna thall ar chlé chun torthaí na foirne sin a fheiceáil.
 
Tá foirne againn ag imirt sna grádanna seo: Sinsear, Sóisear A, Sóisear C, Faoi 21, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 12, Faoi 10 agus Faoi 8.
Foirne na mBan: Sóisear, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 13 agus Faoi 11
Seo liosta de na bainisteoirí foirne
 
Eanáir
D'imir Seán Aindí Ó Ceallaigh mar lánchúlaí ar fhoireann Faoi 21 na Gaillimhe a theip orthu i gcoinne Longfort i gCorn Hastings le 1-7 i gcoinne 3-14 i mBéal Átha Liag, Longfort ar an Satharn, 3 Eanáir. Fuair Gaillimh siad an ceann is fearr ar Chill Dara ar an Satharn, 17 Eanáir i mBéal Átha na Slua, le 1-16 i gcoinne 1-10 agus ar Thiobrad Árann i bPort Omna ar an Mháirt, 20 Eanáir, le cúilín amháin, 0-10 le 1-6. D'imir Tadhg Ó Máille sa gcúl ina mbua ar Liatroim, 0-15 le 1-11 tar éis am breise, sa gcluiche leathcheannais ar an Satharn, 24 Eanáir i Mainistir Leathrátha, Co. Longfort chun áit a bhaint amach sa gcluiche ceannais i gcoinne Ros Comáin. D'imir Tadhg sa gcúl nuair a theip ar Ghaillimh sa gcluiche ceannais i gcoinne Ros Comáin ar an Satharn, 31 Eanáir, i Ráth Claon, Longfort. An scór deiridh: Ros Comáin 2-21, Gaillimh 1-11.
 
Gaillimh Faoi 21
Foireann Faoi 21 na Gaillimhe le Seán Aindí, an seachtú duine ó chlé ar chúl (Foinse an pictiúir seo)
 
Tháinig Ferdia Breathnach isteach mar fhear ionad sa dara leath ar fhoireann sinsir na Gaillimhe a fuair an ceann is fearr ar Sligeach i Sraith FBD Chonnacht le 0-14 i gcoinne 0-5 in Inis Crabhann i Sligeach ar an Domhnach, 4 Eanáir. Thosaigh Ferdia mar leath-thosach lár ar an fhoireann a fuair an ceann is fearr ar Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo i Maigh Cuilinn ar an Domhnach, 18 Eanáir, leis an scór 1-13 le 0-5 chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Sraith FBD i gcoinne Ros Comáin.
 
Ferdia Breathnach
 
 
Feabhra
Tháinig Sarah Ní Loingsigh isteach sa dara leath ar fhoireann Sinsir Ban na Gaillimhe a fuair an ceann is fearr ar mhná Thír Eoghan i Sraith Náisiúnta Peil na mBan i dTuaim ar an Domhnach, 22 Feabhra, le 4-15 i gcoinne 1-6 chun dul go barr an tábla.
 
Márta
D'imir Tadhg Ó Máille sa gcúl do Fhoireann Faoi 21 na Gaillimhe a fuair an ceann is fearr ar Mhuigh Eo i gcluiche leathcheannais Chonnacht i bPáirc Mhic Éil, Caisleán an Bharraigh ar an Satharn, 21 Márta. An scór deireadh ansin: Gaillimh 1-12 Maigh Eo 0-11.
 
Fuair Ríona Ní Fhlatharta agus Foireann Mionúir Cailíní na Gaillimhe an ceann is fearr ar Shligeach i gCraobh Chonnacht i gCaisleán Mhic Conchúir, Sligeach ar an Satharn, 28 Márta. An scór deireadh ansin: Gaillimh 15-14 Sligeach 1-0.
 
 
Aibreán
D'imir Tadhg Ó Máille sa gcúl do Fhoireann Faoi 21 na Gaillimhe a theip orthu i gcoinne Ros Comáin i gcluiche ceannais Chonnacht i bPáirc Naomh Iarlaithe, Tuaim ar an Satharn, 4 Aibreán. An scór deireadh ansin: Gaillimh 3-11 Ros Comáin 3-14.
 
Fuair Ríona Ní Fhlatharta agus Foireann Mionúir Cailíní na Gaillimhe an ceann is fearr ar Ros Comáin i gCraobh Chonnacht sa gCreagán ar an Satharn, 4 Aibreán. Tháinig Ríona isteach mar ionadaí agus scóráil sí pointe. An scór deireadh ansin: Gaillimh 6-15 Ros Comáin 0-10.
 
Bealtaine
Fuair Ríona Ní Fhlatharta agus Foireann Mionúir Cailíní na Gaillimhe an ceann is fearr ar Maigh Eo i gcluiche ceannais Craobh Chonnacht i mBéal Átha hAmhnais ar an Satharn, 2 Bealtaine chun an 3ú craobh as a chéile a bhaint amach. Tháinig Ríona isteach mar ionadaí sa dara leath agus scóráil sí cúl iontach. An scór deireadh ansin: Gaillimh 3-15 Maigh Eo 2-6.
 
Foireann Mionúir Cailíní na Gaillimhe
Foireann Mionúir Cailíní na Gaillimhe - Seaimpíní Chonnacht 2015 (Foinse an pictiúir seo)
 
Ar chúl: Ciara Naughton (Caltra), Aoife Donavan (Moycullan), Erin Coyle (Annaghdown), Shauna Naughton (Dunmore), Megan Davoran (Moycullan), Ellie Glynn (Claregalway), Caoimhe Walsh (Kilannin), Lauren Diskin (Dunmore), Claire Dunleavy (Kilkerrin/Clonberne, Eimear O Kane (St Fursey's), Sarah Donnelan (Salthill/K'Carra), Siobhan Divilly (Kilkerrin/Clonberne), Caitlin Maloney (Tuam Cortoon), Karen Dowd (Claregalway) Caoimhe Boyle (Kilkerrin/Clonberne)
Chun tosaigh: Ailbhe Davoren (Moycullan), Ríona Ní Fhlatharta (Naomh Anna, Leitir Móir), Sheena Heffernan (St Michaels), Grace Cahill (Claregalway), Alannah McBrien (Salthill/K'carra) Evie Lowndes (Moycullan), Derbhla Gower (Corofin), Sinead Burke (Dunmore), Orla Murphy (Claregalway), Chelsey Blade (Corofin), Shauna Hynes (Capt,Miltown), Megan Glynn (Claregalway), Shauna Molloy (St Fursey's)
 
Bhí Tadhg Ó Máille ar phainéal Sóisear na Gaillimhe a fuair an ceann is fearr ar Liatroim i gcluiche leathcheannais Craobh Chonnacht ar Pháirc Sheáin Mhic Diarmada i gCora Droma Rúisc ar an gCéadaoin, 6 Bealtaine chun áit a bhaint amach sa gcluiche ceannais i gcoinne Mhaigh Eo. An scór deireadh ansin: Gaillimh 1-11 Liatroim 0-7.
 
Chríochnaigh foireann Ban na Gaillimhe ar chomhscór le Corcaigh i gcluiche ceannais na sraithe Roinn 1 i bPáirc Pharnell i mBaile Átha Cliath ar an Satharn 9 Bealtaine. Bhí Sarah Ní Loingsigh ar an bpainéal. An scór deireadh ansin: Gaillimh 1-14 Corcaigh 3-8. Bhí mí-ádh orthu sa gcluiche athimirt i bPort Laoise ar an Satharn, 16 Bealtaine nuair a fuair Corcaigh an ceann is fearr orthu le aon chúilín amháin, Gaillimh 1-10 Corcaigh 0-14
 
Bhí Tadhg Ó Máille ar phainéal Sóisear na Gaillimhe a theip orthu i gcoinne Mhaigh Eo i gcluiche ceannais Craobh Chonnacht ar Pháirc Sheáin Mhic Diarmada i gCora Droma Rúisc ar an Domhnach, 17 Bealtaine. An scór deireadh ansin: Gaillimh 0-13 Maigh Eo 1-12.
 
Iúil
Fuair Sarah Ní Loingsigh agus Foireann Sinsir Ban na Gaillimhe an ceann is fearr ar mhná Mhaigh Eó i gcluiche ceannais Chonnacht i bPeil na mBan ar Pháirc Mhic Éil i gCaisleáin an Bharraigh ar an Domhnach, 12 Iúil, le cúilín amháin, 0-21 i gcoinne 1-17 chun Craobh Chonnacht a thabhairt leo don ceathrú bliain as a chéile.
 
Foireann Mionúir Sinsir na Gaillimhe
Foireann Sinsir Ban na Gaillimhe - Seaimpíní Chonnacht 2015 (Foinse an pictiúir seo) . Tá Sarah i lár an líne ar chúl (uimhir 27)
 
Fuair Ríona Ní Fhlatharta agus Foireann Mionúir Ban na Gaillimhe an ceann is fearr ar mhná An Cabhán i gcluiche leathcheannais na hÉireann i bPeil na mBan sa dTobar Chláir i gCo. na hIarmhí ar an Satharn, 18 Iúil, leis an scór 2-15 i gcoinne 1-4 chun áit a bhaint amach i gcluiche Ceannais na hÉireann i gcoinne Corcaigh.
 
Lúnasa
Theip ar Ríona Ní Fhlatharta agus ar Fhoireann Mionúir Ban na Gaillimhe an ceann is fearr ar mhná Chorcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann i bPeil na mBan ar Pháirc Semple i nDurlas i gCo. Tiobrad Árainn ar an Luan, 3 Lúnasa, leis an scór 2-4 i gcoinne 3-10.