Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ - 2008

line decor
 
 
 
 

 

Cliceáil ar cheann de na roghanna thall ar chlé chun torthaí na foirne sin a fheiceáil.

 

Bhí foirne againn ag imirt sna grádanna seo: Idirmheánach, Sóisear A, Sóisear C, Faoi 21, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 12, Faoi 10 agus Faoi 8.

 

Foirne na mBan: Sóisear, Faoi 16 agus Faoi 14.

 

Feabhra:

 

Fuair Fiachra Breathnach agus peileadóirí na Gaillimhe an ceann is fearr ar fhoireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcluiche ceannais an FBD ar an Domhnach, 24 Feabhra leis an scór 4-9 i gcoinne 2-10. Scóráil Fiachra 2-1. Bhí Ferdia Breathnach ag imirt mar lán tosach ar fhoireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh aghaidh ar Ghaillimh agus scóráil sé 0-1.

 

D'imir Ciarán Bairéad ar fhoireann Ghairmscoileanna na Gaillimhe i gcluiche leathcheannais na hÉireann i Luimneach ar an Satharn, 23 Feabhra.Theip ar Ghaillimh i gcoinne Corcaigh leis an scór 0-14 le 0-10.

 

Comhghairdeas le Fiachra Breathnach agus le foireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Shinsir Chonnacht 2008
lena mbua 2-12 le 1-14 i gcoinne Mhaigh Eo i bPáirc Mhic Éil.