Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ - 2020

line decor
 
 
 
 

Cliceáil ar cheann de na roghanna thall ar chlé chun torthaí na foirne sin a fheiceáil.
 
Tá foirne againn ag imirt sna grádanna seo: Idirmheánach, Sóisear A, Sóisear C, Faoi 21, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 12, Faoi 10 agus Faoi 8.
Foirne na mBan: Idirmheánach, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 13 agus Faoi 11
Seo liosta de na bainisteoirí foirne
 
Eanáir

D'imir Sarah Ní Loingsigh agus Ríona Ní Fhlatharta ar fhoireann Mná na Gaillimhe i gcoinne Mná Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcluiche carthanachta ar mhaithe le COPE ar an Satharn, 18 Eánair i Dangan.

Agus Mná na Gaillimhe ag cur tús lena bhfeachtas i Sraith Peil Lidl, Roinn 1, i gCorafinne ar an Domhnach, 26 Eanáir, i gcoinne Port Láirge, thosaigh Sarah Ní Loingsigh mar lánchúlaí ar dheis agus thosaigh Ríona Ní Fhlatharta ar an líne lántosach ar dheis. Bhí bua aon chúilín amháin ag mná na Déise, 1-15 le 5-4. Bhí Sarah istigh mar lánchúlaí arís ar an Satharn, 9 Feabhra, nuair a thaistil siad ó thuaidh go Eanaigh Gheala, Muineacháin agus thosaigh Ríona sa líne lántosach ar dheis. Fuair siad an ceann is fearr ar an fhoireann baile ansin, 1-9 le 1-7. Bhí siad sa mbaile i gCluain Bheirn ar an Domhnach, 24 Feabhra, don cluiche i gcoinne an Iarmhí. Bhí bua cuimsitheach acu ar an lá, 3-11 le 2-5. Thosaigh Sarah mar lánchúlaí agus tháinig Ríona isteach mar ionadaí ag leathama, ag scóráil 0-1.

Bhí Seán Aindí Ó Ceallaigh mar lánchúlaí ar fhoireann Sinsear na Gaillimhe a fuair an ceann is fearr ar Mhaigh Eo i gcluiche leathcheannais FBD Chonnacht ar Pháirc Naomh Iarflaith i dTuaim ar an Domhnach, 13 Eanáir, Chríochnaigh na foirne cothrom ar 1-9 an taobh théis lán ama ach bhuaigh Gaillimh ar chiceanna pianóis, 4-2. Bhí sé ar ais mar lánchúlaí arís do chluiche ceannais an FBD i gcoinne Ros Comáin ar an Domhnach, 20 Eanáir, arís i dTuaim, cluiche a bhuaigh Ros Comáin, 0-13 le 1-5

 
Bhí Seán Aindí Ó Ceallaigh mar lánchúlaí ar fhoireann Sinsear na Gaillimhe a fuair an ceann is fearr ar An Cábhan sa gcéad cluiche den tSraith Náisiúnta Peile, Roinn 1 i Stáid an Phiarsaigh ar an Domhnach 27 Eanáir, 0-13 le 0-11.  
 
Feabhra
Bhí toradh níos fearr ag Mná na Gaillimhe ina dara chluiche i Sraith Náisiúnta Lidl nuair a fuair siad bua cuimsitheach ar An Iarmhí sa Mhuilinn Gearr ar an Domhnach, 2 Feabhra, 5-11 le 0-7. Bhí Sarah Ní Loingsigh mar lánchúlaí agus tháinig Ríona Ní Fhlatharta isteach mar ionadaí sa dara leath. Thosaigh Sarah mar lánchúlaí ar dheis i gcoinne Dún na nGall thuas i Leitir Ceannain ar an Domhnach, 9 Feabhra, agus thosaigh Ríona isteach mar ionadaí sa dara leath ina mbua 3-12 le 4-5. Bhí Sarah Ní Loingsigh ar ais mar lánchúlaí agus tháinig Ríona Ní Fhlatharta isteach mar ionadaí sa dara leath nuair a fuair Gaillimh an ceann is fearr, 4-6 le 2-6, ar sheaimpíní na hÉireann, Baile Átha Cliath, ar Pháirc Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar an Domhnach, 23 Feabhra.
 
Márta
Chuaigh Mná na Gaillimhe le Sarah Ní Loingsigh mar lánchúlaí agus Ríona Ní Fhlatharta mar lántosach ar dheis, ar ais go barr Sraith Lidl, Roinn 1, lena mbua ar Thiobrad Árann iar Pháirc Naomh Iarlaithe i dTuaim ar an Domhnach, 8 Márta, sula cuireadh stop leis na cluichí ar fuad na tíre de bharr an Chorónvíreas Covid-19.