Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ - 2019

line decor
 
 
 
 

Cliceáil ar cheann de na roghanna thall ar chlé chun torthaí na foirne sin a fheiceáil.
 
Tá foirne againn ag imirt sna grádanna seo: Sinsear, Sóisear A, Sóisear C, Faoi 21, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 12, Faoi 10 agus Faoi 8.
Foirne na mBan: Sóisear, Mionúir, Faoi 16, Faoi 14, Faoi 13 agus Faoi 11
Seo liosta de na bainisteoirí foirne
 
Eanáir
Bhí Seán Aindí Ó Ceallaigh mar lánchúlaí ar fhoireann Sinsear na Gaillimhe a fuair an ceann is fearr ar Mhaigh Eo i gcluiche leathcheannais FBD Chonnacht ar Pháirc Naomh Iarflaith i dTuaim ar an Domhnach, 13 Eanáir, Chríochnaigh na foirne cothrom ar 1-9 an taobh théis lán ama ach bhuaigh Gaillimh ar chiceanna pianóis, 4-2. Bhí sé ar ais mar lánchúlaí arís do chluiche ceannais an FBD i gcoinne Ros Comáin ar an Domhnach, 20 Eanáir, arís i dTuaim, cluiche a bhuaigh Ros Comáin, 0-13 le 1-5
 
Bhí Seán Aindí Ó Ceallaigh mar lánchúlaí ar fhoireann Sinsear na Gaillimhe a fuair an ceann is fearr ar An Cábhan sa gcéad cluiche den tSraith Náisiúnta Peile, Roinn 1 i Stáid an Phiarsaigh ar an Domhnach 27 Eanáir, 0-13 le 0-11.  
 
Feabhra
Theip ar fhoireann Sinsear na Gaillimhe i gcoinne Bleá Cliath, 0-7 le 1-15, i bPáirc an Chrócaigh ina dara cluiche den tSraith Náisiúnta agus Seán Aindí Ó Ceallaigh mar lánchúlaí ar an Satharn, 2 Feabhra. Tharla gortú do ghualainn Shéain Andy roimh dheireadh na himeartha, rud a chiallaigh nár imir sé i mbua na Gaillimhigh ar Mhuineacháin, 1-9 le 0- 11, thuas i Inis Caoin, Muineacháin ar an Domhnach, 10 Feabhra. Bhí Seán Andy ar ais mar lánchúlaí i gcoinne Ciarraí ar an Domhnach, 24 Feabhra, ach theip orthu le pointe amháin istigh i Stáid an Phiarsaigh, 1-10 le 0-14, i mbabhta 4.

Ar an 2 Feabhra fuair Mná na Gaillimhe an ceann is fearr ar Chorcaigh thuas i Meala, Corcaigh, 1-8 le 0-5. Bhí Sarah Ní Loingsigh mar lánchúlaí agus thosaigh Ríona Ní Fhlatharta ar an líne lántosach ar dheis, áit as a scóráil sí 0-1. Bhí Sarah istigh mar lánchúlaí arís ar an Satharn, 9 Feabhra, nuair a thaistil siad ó thuaidh go Eanaigh Gheala, Muineacháin agus thosaigh Ríona sa líne lántosach ar dheis. Fuair siad an ceann is fearr ar an fhoireann baile ansin, 1-9 le 1-7. Bhí siad sa mbaile i gCluain Bheirn ar an Domhnach, 24 Feabhra, don cluiche i gcoinne an Iarmhí. Bhí bua cuimsitheach acu ar an lá, 3-11 le 2-5. Thosaigh Sarah mar lánchúlaí agus tháinig Ríona isteach mar ionadaí ag leathama, ag scóráil 0-1.

Fuair Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua an ceann is fearr ar an bPobalscoil, Dún Mór i gcluiche ceannais Chonnacht, Roinn D, istigh i Stáid an Phiarsaigh ar an gCéadaoin, 6 Feabhra. An scór deireadh ansin, SCC 2-11, Dún Mór 2-9.

Foireann Sinsear SCC Captaen SCC
Foireann Sinsear Scoil Chuimsitheach Chiaráin Christopher Seoige, captaen Scoil Chuimsitheach Chiaráin

 

Márta

Fuair foireann Sinsear na Gaillimhe an ceann is fearr ar Mhaigh Eó, 1-11 le 0-12, ar Pháirc Mhic Éil i mbabhta 5 den tSraith Náisiúnta agus Seán Aindí Ó Ceallaigh mar lánchúlaí ar an Satharn, 2 Márta. Bhí 7 bpointe, 1-17 le 1-10, le spáráil ag Gaillimh agus Seán Andy mar lánchúlaí i gcoinne Ros Comáin ar an Satharn, 16 Márta, istigh i Stáid an Phiarsaigh, i mbabhta 6. Bhí deis ag Gaillimh áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na sraithe ach an ceann is fearr a fháil ar Thír Eoghain thuas in Omaigh ar an Domhnach, 24 Márta. Bhí bua ag an fhoireann baile, 1-14 le 3-15, cluiche inar imir Seán Andy mar lánchúlaí.

Seán Aindí & Ruairí Lavelle
Seán Andy Ó Ceallaigh agus Ruairí Lavelle

Ar an 2 Márta fuair Mná na Gaillimhe an ceann is fearr ar Mhaigh Eó thuas ar Pháirc Mhic Éil, Caisleáin an Bharraigh, 1-11 le 0-8. Bhí Sarah Ní Loingsigh mar lánchúlaí i gcoinne Mhaigh Eó agus is ann a thosaigh sí sa cúigiú babhta thíos sa mBáinseach i gcoinne Tiobrad Árann i mbua na Gaillimhe, 2-14 le 2-9. Tháinig Ríona Ní Fhlatharta isteach mar ionadaí sa gcluiche sin. Is i Maigh Cuilinn a chas siad le seaimpíní na hÉireann, Baile Átha Cliath, i mbabhta a 6 agus is ann a chaill siad a gcéad cluiche den bhliain, ag dul síos 1-7 le 2-8. Bhí Sarah istigh mar lánchúlaí agus tháinig Ríona isteach mar ionadaí sa dara leath.

Theip ar fhoireann Sinsear Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua i gcluiche leathcheannais na hÉireann D agus Coláiste Pobail Bhéal Átha Beithe as Muineacháin ag fáil an ceann is fearr orthu thuas i gCluainín, Ros Comáin ar an Satharn, 2 Márta. An scór deireadh ansin, SCC 1-6, Coláiste Pobail Bhéal Átha Beithe 1-8.

Bhuaigh fhoireann Rugbaí Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua Chraobh Shinsir Chonnacht do Scoileanna atá ag Forbairt nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Scoil Phobail Ghailinne as Uíbh Fhailí ar an mBóthar Beag, Gaillimh ar an gCéadaoin, 13 Márta, leis an scór 25 le 19. Scóráil Cian Ó Scanláin dhá úd agus siad Colm Mac Donnacha agus Warren seoighe an fuair an dá ceann eile. Shlánaigh Joe Ó Gubáin ceann de na húid agus chiceáil sé cic pianóis chomh maith.

Foireann Rugbaí Scoil Chuimsitheach Chiaráin
Pictiúir eile le Seán Ó Mainnín ag https://www.seanomainnin.com/p693980082

Scoil Chuimsitheach Chiaráin: Warren Seoighe; Myles Mac Donnchadha, Chris Seoighe, Seán Mac Donnchadha, Killian Ó Súilleabháin; Joe Ó Gubáin, Oisín Breathnach; Cian Ó Scanláin, Eoin de Buitléar, Antoine Ó hIcí; Brandon Ó hEidhin, Dara Ó Domhnaill; Seán Ó Conghaile, Conall Ó Gríofa, Colm Mac Donnacha. Fir Ionaid: Éanna Mac Cormaic in áit Killian Ó Súilleabháin, Tadhg Ó Dálaigh in áit Cholm Mac Donnacha

 

Aibreán

Ar an 7 Aibreán fuair Mná na Gaillimhe an ceann is fearr ar Dhún na nGall i gCorafinne, 2-13 le 0-10. Mar a bhí i chuile cluiche go dtí seo thosaigh Sarah Ní Loingsigh agus tháinig Ríona Ní Fhlatharta isteach mar ionadaí sa dara leath, ag scóráil 0-1. Mar gheall ar na torthaí sin, bhain Gaillimh áit amach sa gcluiche leathcheannais, áit ar chas siad arís le Dún na nGall i bPáirc an Phiarsaigh, Longfoirt ar an 20 Aibreán. Mar a thárla sa gcluiche sraithe le Sarah mar lánchúlaí, fuair Gaillimh an ceann is fearr ar mhná Thír Conaill, 1-12 le 1-5 chun áit a bhaint amach sa gcluiche ceannais i gcoinne Corcaigh thuais ar Pháirc Parnell i mBaile Átha Cliath.

Ar an 13 Aibreán i gCraobh Chonnacht, chas Cailíní Faoi 16 na Gaillimhe, le Roseanna Ní Bháille i measc na hionadaithe, an ceann is fearr ar Mhaigh Eó i gCluain Bheirn, 1-9 le 1-8. Bhí Roseanna sa chúl don dara cluiche ar an Luan, 22 Aibreán, i gCora Droma Rúisc i gcoinne Liatroim. Bhí an lá le cailíní na Gaillimhe, 3-15 le 4-5. Sa triú babhta d'imir siad Ros Comáin i gClan na nGael, Baile Sheáin. Bhí bua thar a bheith éasca ag Gaillimh, 8-12 le 1-7.

Bealtaine

Is ar an Domhnach, 5 Bealtaine, a chas Gaillimh le Corcaigh thuais ar Pháirc Parnell i mBaile Átha Cliath i gcluiche ceannais Sraith Náisiúnta Lidl na mBan, Roinn 1. Bhain Corcaigh díoltas amach ar an mbua a bhí ag Gaillimh orthu sa tsraith agus iad ag teacht amach in uachtar, 2-7 le 1-12. Thosaigh Sarah Ní Loingsigh mar lánchúlaí agus bhí Ríona Ni Fhlatharta sna hionadaithe.

Mná na Gaillimhe
Sarah Ní Loingsigh, uimhir 3, agus Ríona Ní Fhlatharta, uimhir 23 ar chúl.

Bhuaigh fhoireann Rugbaí Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua Sraith Shinsir Chonnacht do Scoileanna atá ag Forbairt nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Choláiste Naomh Muredach as Béal an Átha, Maigh Eo ar an pháirc Cumann Rugbaí na Coiribe in Áth Cinn ar an Mháirt, 7 Bealtaine, leis an scór 27 le 23, chun an Sraith a chur leis an gCraobh a bhuaigh siad níos luaithe sa bhliain.

Foireann Rugbaí Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Ar an 19 Bealtaine i gcluiche ceannais Craobh Chonnacht, chas Cailíní Faoi 16 na Gaillimhe ar Mhaigh Eó i mBéal Átha hAmhnais. Bhí Roseanna Ní Bháille gortuithe don cluiche seo, ceann a bhuaigh Gaillimh go héasca, 5-18 le 1-8.

Cailíní F16 na Gailimhe
Roseanne Ní Bháille ar cúl, uimhir 27.

Chuir foireann Mionúir na Gaillimhe tús lena bhfeachtas i gCraobh Chonnacht le cluiche i gcoinne Ros Comáin ar Pháirc De hÍde, Ros Comháin ar an Aoine, 17 Bealtaine. Thosaigh Warren Seoige sa líne lántosach ar chlé, cluiche a bhuaigh an fhoireann baile, 1-15 le 1-17. Scóráil Warren 4 chúilín nuair a fuair Gaillimh an ceann is fearr ar Shligeach ar Pháirc Naomh Iarlaith i dTuaim an tseachtain dár gcionn, 24 Bealtaine, 0-15 le 1-10.

Fuair foireann Sinsear na Gaillimhe an ceann is fearr ar Sligeach, 3-11 le 0-7, i gcluiche leathcheannais Craobh Chonnacht ar Pháirc Markievicz, Sligeach agus Seán Aindí Ó Ceallaigh mar lánchúlaí ar an Domhnach, 19 Bealtaine. Cuireadh Seán Aindí chun páirce sa dara leath tar éis dó a dara cárta buí a fháil. Thosaigh Antaine Ó Laoi ón Spidéal, mac le Joe Joe, sa líne lántosach ar dheis.

Meitheamh

Fuair foireann Faoi 20 na Gaillimhe, le Maitias Eoin Bairéad i lár na páirce, an ceann is fearr ar Chill Dara i gCorn John Kerins ar Pháirc na bPiarsach, Longfort ar an Satharn, 1 Meitheamh, 1-20 le 0-9. Chas siad le Corcaigh thíos i Luimneach sa dara cluiche, arís le Maitias Eoin i lár na páirce, ar an Satharn, 8 Meitheamh, le Gaillimh ag fáil an ceann is fearr ar Chorcaigh, 1-11 le 0-12. Bhí an triú bua acu agus iad ag fáil an ceann is fearr ar Chiarraí thíos i gCill Mocheallóg, Luimneach ar an gCéadaoin, 12 Meitheamh, 1-10 le 1-8. Thosaigh Maitias Eoin i lár na páirce agus tháinig Oisín Mac Donnacha chun páirce sa dara leath mar ionadaí. Bhí an triú bua acu agus iad ag fáil an ceann is fearr ar Chiarraí thíos i gCill Mocheallóg, Luimneach ar an gCéadaoin, 12 Meitheamh, 1-10 le 1-8. Scóráil Maitias Eoin 0-2 as lár na páirce, ar an Satharn, 15 Meitheamh, ag Gaillimh ag fáil an ceann is fearr ar Bhaile Átha Cliath, 2-17 le 0-7, ar Pháirc Uí Dhúgáin, Béal Átha na Slua agus iad ag tabhairt leo Corn John Kerins..

Maitias Eoin Bairéad & Oisín Mac Donnacha

Thosaigh Warren Seoige sa líne lántosach ar chlé ar foireann Faoi 17 na Gaillimhe a fuair an ceann is fearr ar Mhaigh Eo i gCraobh Mionúir Chonnacht ar Pháirc Mhic Éil, Caisleán an Bharraigh ar an Aoine, 14 Meitheamh, 2-12 le 0-11. Scóráil Warren 1-1 ina mbua ar Liatroim, 5-24 le 1-4, i Staid Naomh Iarlaithe i dTuaim ar an Aoine, 21 Meitheamh chun áit a chinntiú i gcluiche ceannais Craobh Mionúir Chonnacht i gcoinne Mhaigh Eo.

Mná na Gaillimhe
Foireann Mionúir na Gaillimhe le Warren Seoige, uimhir 15, ar an dara duine ó chlé ar chúl.

Bhí drochlá ag foireann Sinsear na Gaillimhe i gcluiche ceannais Craobh Chonnacht i Stáid an Phiarsaigh, Bóthar na Trá ar an Domhnach, 16 Meitheamh, agus Seán Aindí Ó Ceallaigh mar lánchúlaí, fuair Ros Comáin an ceann is fearr orthu, 0-12 le 1-13. Scóráil Antaine Ó Laoi ón Spidéal 0-2 ón líne lántosach ar dheis.

Ar an Domhnach, 23 Meitheamh, chríochnaigh mná na Gaillimhe cothrom le Maigh Eo cothrom i gcluiche ceannais Chonnacht thuas ar Pháirc Mhic Éil, Caisleán an Bharraigh, 1-12 le 3-6. Thosaigh Sarah Ní Loingsigh mar lánchúlaí agus bhí Ríona Ni Fhlatharta sna hionadaithe.

Iúil

Fuair foireann Faoi 20 na Gaillimhe, le Maitias Eoin Bairéad i lár na páirce, an ceann is fearr ar Ros Comáin, 0-17 le 1-7, i gcluiche leathcheannais Chonnacht thíos i gCill Tuama, Ros Comáin ar an gCéadaoin, 3 Iúil. An tseachtain dar gcionn, 10 Iúil, fuair siad an ceann is fearr ar Mhaigh Eo, arís le Maitias Eoin i lár na páirce, i Staid Naomh Iarlaithe i dTuaim, 0-16 le 0-10. Thosaigh Maitias Eoin i lár na páirce i gcluiche leathcheannais na hÉireann nuair a tháinig deireadh lena bhfeachtas i gcoinne Bhaile Átha Cliath, 1-10 le 2-14, ar Pháirc an Piarsaigh i Longfort.
Foireann F20 na Gaillimhe Seán Ó Maoilchiaráin & Maitias Eoin
Foireann Faoi 20 na Gaillimhe le Maitias Eoin Bairéad, uimhir 8, ar an séú duine ar chúl ó dheis. Seán Ó Maolchiaráin (Oileán Árann) le Maitias Eoin Bairéad

Thosaigh Warren Seoige sa líne lántosach ar chlé ar foireann Faoi 17 na Gaillimhe a theip orthu, tar éis am breise, i gcoinne Mhaigh Eo i gcluiche ceannais Craobh Mionúir Chonnacht i Staid Naomh Iarlaithe i dTuaim ar an Aoine, 5 Iúil, 1-17 le 1-18. Scóráil Warren 0-1.

Bhí drochlá eile ag foireann Sinsear na Gaillimhe i gcluiche Craoibhe Babhta 4 i bPáirc na nGael, Luimneach ar an Satharn, 6 Iúil. Don chéad uair le tamall mhaith níor thosaigh Seán Aindí Ó Ceallaigh ar fhoireann na Gaillimhe ach tháinig sé isteach mar fhear ionad roimh leathama. Fuair Maigh Eo an ceann is fearr orthu, 1-13 le 2-13. Níor thosaigh Antaine Ó Laoi ach an oiread ach tháinig sé chn páirce gar de deireadh na himeartha.

Ar an lá céanna, 6 Iúil, fuair mná na Gaillimhe an ceann is fearr ar Mhaigh Eo in athimirt cluiche ceannais Chonnacht, cluiche a imríodh roimh cluiche na bhfear ar Pháirc na nGael, Luimneach. An scór deiridh ansin, Gaillimh 3-7 Maigh Eo 0-9. Thosaigh Sarah Ní Loingsigh mar lánchúlaí ach bhí uirthi an pháirc a fhágáil ag leathama agus bhí Ríona Ni Fhlatharta sna hionadaithe. Bhí mná na Gaillimhe 10 bpointe chun deiridh, 0-1 le 1-8, i gcoinne Ciarraí ina gcéad cluiche i ngrúpa 3 thíos ar Páirc Uí Mhórdha i bPortlaoise ar an Satharn, 13 Iúil. Tháinig Sarah Ní Loingsigh agus Ríona Ni Fhlatharta chun páirce sa dara leath agus chríochnaigh mná na Gaillimhe le bua, 1-14 le 1-10. Bhain siad a háit amach i gcluiche ceathrúceannais na hÉireann an tseachtain dar gcionn, 20 Iúil, lena mbua ar an Iarmhí thíos sa Muileann gCearr, 2-13 le 1-3. Tháinig Sarah Ní Loingsigh chun páirce mar ionadaí sa gcéad leath.

Sarah agus Ríona
Don 3ú bliain as a chéile bhuaigh Foireann Faoi 16 Cailíní na Gaillimhe Craobh na hÉireann Faoi 16 nuair a fuair siad an ceann is fearr ar An Mhí thíos i mBeannchar, Co Uibh Fháilí, 7-16 le 3-10 ar an gCéadaoin 24 Iúil. Ba é seo an tríú craobh as a chéile bainte amach ag Roseanna Ní Bháille, tar éis di Faoi 14 i 2017 agus Faoi 16 i 2018 agus 2019. Roseanna agus a Clann

Gaillimh Faoi 16      

Bhain Warren Seoige agus foireann Faoi 17 na Gaillimhe áit amach i gcluiche leathcheannais na hÉireann lena mbua ar sheaimpíní Chúige Laighean, Chill Dara ar Pháirc an Phiarsaigh, Longfort, ar an Satharn, 27 Iúil, 2-17 le 1-15. Bhí sárchluiche ag Warren agus agus bhí an-tionchar aige ar imirt na Gaillimhe, go háirithe sa dara leath. Scóráil Warren 0-2.


Labhair Warren Seoige le TG4 tar éis an cluiche

Lúnasa

Bhí bua mhaith ag foireann Sinsear Mná na Gaillimhe ar Phort Láirge, 1-12 le 2-4, i gcluiche ceathrúceannais na hÉireann ar Pháirc an Phiarsaigh, Longfort ar an Satharn, 10 Lúnasa. Thosaigh Sarah Ní Loingsigh sa líne lánchúl ar chlé. Thosaigh Sarah san áit céanna i gcluiche leathcheannais na hÉireann ar an Domhnach, 25 Lúnasa nuair a chas Gaillimh le Maigh Eo don 3ú uair i gcraobh na bliana seo i bPáirc an Chrócaigh. Don dara cluiche as a chéile bhí an bua ag Gaillimh, 2-10 le 2-9, chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann don chéad uair ó 2005.

Sarah tar éis an cluiche
Tar éis an cluiche - Sarah Conneally, Megan Glynn agus Sarah Ní Loingsigh

Thosaigh Warren Seoige mar leatosaí láir ar foireann Faoi 17 na Gaillimhe a fuair an ceann is fearr ar Chiarraí i gcluiche leathcheannais Craobh Mionúir na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach, 11 Lúnasa, 0-14 le 0-13. Scóráil Warren 0-2.

Warren agus a Chlann
Tar éis an cluiche - Warren Seoige lena mhuintir Ellie agus Myle agus a dheartháir Darren

Ainmnigh Maitias Eoin Bairéad i measc an 20 imreoir is fearr sa tír sa ngrád Faoi 20 do 2019. I measc na Gaillimhigh eile a bhí ainmnithe bhí Oran Burke as Corafinne agus Liam Ó Coisdealbha as Baile an Mhuilinn.

Warren agus a Chlann
Réalta F20- Liam Costello, Oran Burke agus Maitias Eoin Bairéad

  Cúlbáire Cúlaithe Lár Páirce Tosaithe
 

1. Josh O’Keeffe (Corcaigh)
2. Oran Burke (Gaillimh)

 

 

3. Paul Ring (Corcaigh)
4. Peter O’Driscoll (Corcaigh)
5. Maurice Shanley (Corcaigh)
6. Kieran Kennedy (Baile Átha Cliath)
7. Oisin Mullin (Maigh Eo)
8. Conal Grimes (Tír Eoghan)
9. Conor Quinn (Tyrone)

10. Brian Hartnett (Corcaigh)
11. Peadar Ó Cofaigh Byrne (Baile Átha Cliath)
12. Maitias Eoin Bairéad (Gaillimh)

 

13. Cathal O’Mahony (Corcaigh)
14. Mark Cronin (Corcaigh)
15. Ciaran Archer (Baile Átha Cliath)
16. James Doran (Baile Átha Cliath)
17. Liam Costello (Gaillimh)
18. Darragh Canavan (Tyrone)
19. Sean Óg McAleer (Tyrone)
20. Diarmuid Whelan (Laoise)