Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

STAIR - 2009, Sinsear arís

line decor
 
 
 
 

Níl aon dabht faoi ach go mbeidh sé blianta fada sular ndéanfar dearmad, má dhéanfar dearmad choíche, ar an mbliain 2009 i gCeantar na nOileán. Seo í an bhliain ar bhuaigh Foireann Idirmheánach an chumainn Craobh an Chontae chomh maith le Craobh Chonnachta.  I gCraobh na Gaillimhe, fuair muid an ceann is fearr ar Naomh Séamus le dhá chúilín, 0-9 le 0-7, rud a chuir ar an mbóthar muid i gConnacht den chéad uair.  D’imir muid seaimpíní Liatroma, An Chluain, sa gcluiche leathcheannais ar Pháirc an Phiarsaigh agus thug muid na cosa linn ar éigin le cúilín amháin, 1-8 le  1-7.  Chinntigh an bua sin go mbeadh muid ag casadh le Cathair na Mart as Maigh Eo sa gcluiche ceannais a bhí socruithe do Pháirc Naomh Iarfhlaith i dTuaim ar an Domhnach, 15 Samhain.  Ar an lá fuar, tirim sin thaispeáin an fhoireann seo an croí agus an mhisneach atá iontu agus tar éis an-chluiche thug siad leo Craobh Chonnachta, arís le haon chúilín amháin tar éis am breise, 2-14 le 2-13.  Thug foireann na mBan Craobh Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta leo ar dheireadh seachtaine na Cincíse nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chill Chartha as Tír Chonaill sa gcluiche leathcheannais agus ar an bhfoireann baile, Na Piarsaigh, Ros Muc sa gcluiche ceannais. Bhain iar-Chathaoirleach an Chumainn, Máirtín Ó Conghaile, gradam speisialta CLG 125 amach ó Chomhairle Chonnachta nuair a bhí sé ar dhuine den bheirt a roghnaíodh as Contae na Gaillimhe.  Roghnaíodh Cóilín Ó hÓgáin mar Peileadóir Idirmheánach na Gaillimhe do 2009 agus chomh maith le Cóilín, roghnaíodh cúigear eile ar shár-fhoireann Idirmheánach na Bliana i nGaillimh: Eoin Ó Confhaola, Tomás Ó Gríofa, Antoine ‘Toto’ Ó Gríofa, Fiachra Breathnach agus Patsy Seoighe. Roghnaigh Coiste Peile na Gaillimhe Eoin Ó Conghaile mar Peileadóir Idirmheánach na Bliana.

Is cinnte go bhfuil éacht déanta ag an gCumann i mbliana ar pháirc na himeartha.  Chomh maith le príomhfhoireann an Chumainn a bheidh ag imirt i ngrád na Sinsir i 2010, d’éirigh go maith leis na foirne eile a chuaigh chun páirce le linn na bliana.  Bhuaigh Foireann Mionúir an chumainn Craobh Mionúir B an Iarthair lena mbua ar An gClochán sa gcluiche ceannais le 2-15 i gcoinne 1-6 ach bhí an mí-ádh dearg orthu i gcluiche ceannais an Chontae nuair a fuair foireann maith as Baile Átha an Rí an ceann is fearr orthu le haon phointe amháin i bPáirc an Phiarsaigh, 0-11 le 1-9.  Chríochnaigh siad ar chomhscór leis An Spidéal i gcluiche ceannais sraith an Iarthair leis an scór 1-10 an taobh agus tá an athimirt sin fós romhainn agus séasúr na Nollag ar an tairseach againn.  Chuaigh an fhoireann Sóisir C chomh fada le Cluiche Ceannais na Craoibhe san Iarthair ach faraor níor éirigh leo in aghaidh fhoireann láidir Bhóthar na Trá, 1-15 le 0-12.  Bhuaigh an fhoireann Faoi 14 Corn Frank Kelly ar an Spidéal i mí Lúnasa nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an gCeathrú Rua sa gcluiche ceannais.

Bhí bliain mhaith ag na foirne eile faoi aois an Chumainn agus cé nár éirigh leo aon chomórtas a bhuachan, sheas siad an fód sna cluichí éagsúla a d’imir siad.  Dár ndóigh, tá struchtúr láidir ó thaobh Peil na mBan i bhfeidhm ag Cumann Peile Naomh Anna agus arís chuir siadsan ardthaispeántas ar fáil i 2009.  Bhí mí-ádh ar Fhoireann Sóisir A na mBan agus iad ag cailleadh amach i gcluiche ceannais Chraobh an Chontae le dhá chúilín i gcoinne Chill Chiaráin-Cluain Bheirn, 2-7 le 2-9.  Chlis orthu chomh maith i gcluiche ceannais na sciatha i gcoinne Mhuine Mheá, 2-9 le 3-7.  Ach ag deireadh na bliana, bhuaigh an fhoireann chéanna seo Sciath Idirmheánach an Iarthair nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Bhearna sa gcluiche ceannais, 1-13 le   1-7. Cé nár éirigh le foirne cailíní faoi aois an Chumainn aon chraobh ceannais a bhuachan, mar sin féin, ní miste a lua go raibh bliain iontach acu ar pháirc na himeartha.  Bhuaigh na Cailíní Faoi 13 Sraith B an Iarthair agus bhuaigh na Cailíní Faoi 11 Sraith C an Iarthair.

Ó thaobh imeachtaí eile an Chumainn i rith 2009, reáchtáil muid na babhtaí áitiúla do Chomórtas Peile na Gaeltachta le linn an deireadh seachtaine saoire bainc i mí Bealtaine. Imríodh roinnt de chluichí an Chomórtas Náisiúnta ar Pháirc an Mháimín chomh maith, a bhí á reáchtáil ag ár gcairde i gCumann Peile na bPiarsach, Ros Muc.  I mí Bealtaine freisin, bhí babhtaí ceannais chomórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta faoi 17 againn agus oíche shiamsaíochta sa Spórtlann ina dhiaidh.  Níos déanaí an mhí sin, ba ar Pháirc an Mháimín chomh maith a bhí an choimhlint ghéar le linn Chomórtas Peile Ghael-Linn ar ar fhreastal scoileanna náisiúnta ó cheantair éagsúla timpeall na tíre.  Ní féidir dearmad a dhéanamh ar cheiliúradh 125 bliain Chumann Lúthchleas Gael mar go raibh lá breá againn ar an Máimín agus imeachtaí difriúla eagraithe ar an lá sin freisin. Bhí ceiliúradh ag Coiste an Chontae chomh maith agus bhronn siad gradam ar dhuine as gach cumann sa chontae as ucht an obair iontach a rinne sé/sí i rith na mblianta. Roghnaíodh Máirín Bharry Uí Fhlatharta mar Laoch 125 Bliain Naomh Anna.

Tá Spórtlann Naomh Anna Teo., ag feidhmiú leis le dhá bhliain agus seirbhís den scoth ar fáil ann do phobal an cheantair.  Baineann grúpaí éagsúla idir óg agus aosta úsáid rialta as agus is cinnte go gcuireann sé go mór le háiseanna an chumainn.  Ag breathnú chun cinn, tá obair mhór fós le déanamh ar Pháirc Thraenála an Mháimín agus is cinnte go mbeidh bliain ghnóthach eile ag Cumann Peile Naomh Anna i 2010. Ach nach cuma, tá ceann de phríomhspriocanna an Chumainn bainte amach againn i mbliana, sé sin go mbeidh muid ag imirt i ngrád na Sinsir i 2010, a bhuíochas sin do na himreoirí ar fad a chuir an obair isteach sa traenáil agus don fhoireann bhainistíochta a thug treoir, misneach agus spreagadh dóibh i gcaitheamh na bliana.  Mar a deir an seanfhocal, Ní neart go cur le chéile.