Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

STAIR - Léinteáin an Chumainn

line decor
 
 
 
 

Nuair a bunaíodh Cumann Peile Naomh Anna i 1964 roghnaíodh gorm agus bán mar dhathanna an chumainn. Chaith siad na dathanna sin go dtí 1971 nuair a d'athraigh siad  na dathanna go dubh agus buí.  Ní raibh aon suaitheantas ag an gCumann go dtí 1995 nuair a reachtáil an tAthair Ciarán DeBláca, sagart Thír an Fhia, agus rúnaí an chumann, Michael Bharry, comórtas idir scoileanna an cheantar ón Tuairín anoir. Bhí ar gach scoil suaitheantas a dhearadh a cheap siad a bheadh feiliúnach agus aiste beag ag léiriú an fáth a bhí acu leis. Bhí na torthaí thar barr ar fad agus bhí an oiread obair curtha isteach ag na scoileanna ann gur tugadh dreacht den obair don ealaíontóir Seán Ó Flatharta agus rinne seisean an suaitheantas atá in úsáid ó shin.  Tá mana ag an gCumann chomh maith Misneach, Mórtas, Muinín.