| Thosaigh Comórtas na Scoileanna sna hOileáin thiar ag tús na seachtóidí agus is iomaí imreoir mhaith, cumasach a thosaigh a s(h)aol
      imeartha sa gcomórtas seo agus a chuaigh ar aghaidh le imirt don Chumann
      agus don Chontae. Bhí daoine éagsúla ag riaradh an chomórtas seo san
      am sin, daoine ar nós an tAthair Colm Ó Faoláin, S.P. Leitir Móir agus iar-uachtarán Naomh Anna. Fuair an tAthair Ó Faoláin tacaíocht mhaith ó na múinteoirí scoile agus ó bhaill an Chumann. Le blianta beaga bhí daoine ar nós Caoimhín Ó Fátharta,
      atá ag múineadh sa scoil náisiúnta i Leitir Móir, Phatrick Stephen Ó
              Flatharta,
              atá ag obair le Muintearas i dTír an Fhia agus Michael Bharry Ó
              Flatharta ag riaradh an Chomórtas.
               Nuair a thosaigh an comórtas amach, ní raibh ann ach aon comórtas amháin ach thar na mblianta bhí uimhreacha an líon gasúir ag laghdú agus faraor scoileanna ag dúnadh. Da bhrí sin bhí orainn dhá chomórtas a chur ar siúl, A agus B. Tharla sé sin i 2004 agus i 2005 ach ní raibh aon comórtas againn ó sin. D'imir na foirne i gcomórtas A do Chorn an tAthair Uí Fhaoláin agus d'imir na scoileanna i gcomórtas B do Corn Chuimhneacháin Jimmy Rua
      Mac Cormaic.  Comórtas na Scoileanna 
             
             
                |