Bunaíodh Cumann Peile Naomh Anna i 1964. Roimhe sin d’imir peileadóirí ó cheantar na nOileán le Cumann Peile Chois Fharraige, Cumann Mhicheál Breathnach, Cumann Cholmcille, Cumann Peile na Ceathrún Rua nó Na Piarsaigh, Ros Muc. Bhí tuairim fhorleathan ann ag an am go raibh an oiread fear óg sa cheantar chun foireann peile dá gcuid féin a bhunú. Bhí an tAthair Micheál Ó Flannabhra mar shéiplíneach i dTír an Fhia ó 1961 agus bhí suim mhór aige i gcúrsaí peile agus i bhforbairt pobail. Bheartaigh sé féin agus Jimmy Rua Mac Cormaic, as Tír an Fhia, Pádraic Ó hUallacháin, garda a bhí i Leitir Móir ag an am, Michael Mór Ó Conghaile, Maitiú Mac Donnchadha, múinteoir scoile a bhí i Leitir Móir ag an am agus go leor daoine eile Cumann Peile a bhunú i gCeantar na nOileán. Tháinig suas le scór duine le chéile i Halla Thír an Fhia i bhfómhar na bliana 1964 chun cumann peile a bhunú. Ba é Maitiú Mac Donnchadha, Príomhoide Scoil Leitir Móir, an chéad Chathaoirleach ar an gCumann agus Tomás Ó Durcáin, Príomhoide Scoil an Droma, an chéad rúnaí. Socraíodh go ndéanfadh Jimmy Rua Mac Cormaic an fhoireann a thraenáil i Halla Thír an Fhia mar nach raibh aon áit cheart traenála sa cheantar. Tugadh Cumann Peile Naomh Anna ar an gcumann nua.
Nuair a bunaíodh Cumann Peile Naomh Anna, roghnaíodh gorm agus bán mar dhathanna an chumainn. Chaith siad na dathanna sin go dtí 1971 nuair a d’athraigh siad na dathanna go dubh agus buí. Le roinnt blianta anuas, tá suaitheantas an chumainn le feiceáil ar pháipéir, ar phóstaeir agus ar gheansaithe an Chumainn. Tá an mana “Misneach, Mórtas agus Muinín” ar an suaitheantas. Is iad gasúir scoile an cheantair a dhear an suaitheantas agus a chum an mana, le cabhair ón Athair Ciarán De Bláca, ó Mhichael Bharry Ó Flatharta agus ón ealaíontóir, Seán Ó Flatharta.
Is iomaí údar ceiliúrtha a bhí ag an gCumann ó bunaíodh é. Ina measc siúd bhí oscailt na páirce i 1974 agus ag imirt i gCorn an Oireachtais i bPáirc an Chrócaigh i 1975. Is iomaí éacht atá déanta ar pháirc na himeartha chomh maith: Craobh Sóisir an Chontae i 1983, Comórtas Peile na Gaeltachta Sóisir i 1987, Craobh Idirmheánach an Chontae i 1995 agus arís i 2009, Craobh Idirmheánach Chonnachta i 2009, Craobh Sinsear an Chontae Peil na mBan 1994 agus 1995 agus Craobh Sóisir an Chontae Peil na mBan i 2005 chomh maith le craobhacha an iarthair agus araile sna gráid éagsúla. Is féidir an liosta iomlán a fheiceáil anseo.
D’imir go leor de pheileadóirí Naomh Anna ar fhoirne an chontae i ngach grád agus bhain go leor acu craobhacha Cúige amach. Bhain siad seo a leanas boinn uile-Éireann amach, Ciarán Ó Fátharta agus Pádraic Ó Conaire (mionúr 1976), Ciarán Ó Fátharta (sóisir 1985), Séamus Ó Ráinne (sóisir 1987), Micheál Mac Eochagáin (sinsear 1998), Pádraic Ó Conghaile (máistrí 1999), Fiachra Breathnach (faoi 21 i 2005), Antoine 'Toto' Ó Gríofa (mionúr 2007) agus Philomena Ní Fhlatharta (sóisir ban i 2002 agus sinsear i 2004).
Tá traidisiún láidir Gaeilge sa Chumann agus tá ról lárnach ag an teanga agus ag an gcultúr ann. Glacann Naomh Anna páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta gach bliain. Bhuaigh muid an Chraobh Náisiúnta Sóisir i mBéal a' Mhuirthid i 1987 ach ní ar an bpáirc amháin atá clú agus cáil bainte amach ag muintir na nOileán. Bhuaigh mná an Chumainn Comórtas Náisiúnta an Chailín Gaelaigh trí huaire: Mairéad Ní Neachtain as Béal a’ Daingin (Béal a’ Mhuirthead i 1987), Tríona Ní Ráinne as an Trá Bháin, gariníon le Michael Mór Ó Conghaile, (Béal Átha an Ghaorthaidh i 1991) agus Máire Áine Ní Iarnáin as an Ros, Leitir Calaidh (Máimín i 2002).
Bhuaigh foireann na mBan an Comórtas Náisiúnta i Ros Muc i 2009.
Bhíodh na peileadóirí ag cleachtadh ar chorrach an Mháimín nuair nach raibh aon áit níos feiliúnaí ar fáil. Talamh fliuch riascach ar a dtagadh an taoille go minic a bhí sa chorrach seo. Ba le Michael Johnny Mac Donnchadha an talamh seo ar dtús. Chuaigh seisean agus a mhuintir go Rath Cairn na Mí i 1935. Ba le Coimisiún na Talún an corrach ansin agus d’fhág an Coimisiún píosa den chorrach ag buachaillí na háite le haghaidh peile. Chinn Cumann Peile Naomh Anna go ndéanfaí forbairt ar chorrach an Mháimín mar pháirc chaighdeánach peile de réir rialacha Chumann Lúthchleas Gael. Nuair a chinn an Cumann go raibh páirc le forbairt, bhronn Joe Mór Mac an Iomaire, fear gnó as Na Doireadha agus a
raibh teach tábhairne aige ar an Droim, ceithre scór punt orthu chun tuilleadh talún a cheannach ó Sheáinín Phatch Bheartla. Ceannaíodh tuilleadh talún ó Dan Chóilín Ó Domhnaill ag an am. Ní raibh sé éasca teacht ar airgead sna blianta sin agus reáchtáladh drámaí, coirmeacha ceoil, cluichí cártaí agus céilithe le hairgead a bhailiú. Rinne Nioclás Ó Conchubhair obair na gcapall mar rúnaí na blianta sin. Chinntigh sé gur frítheadh na deontais chuí ó Roinn na Gaeltachta agus ó Chumann Lúthchleas Gael agus d’aimsigh sé chuile chineál foinse airgid ab fhéidir leis. Thosaigh obair ar an bpáirc i mí Eanáir 1969 agus osclaíodh an pháirc go hoifigiúil ar 31 Márta 1974. Chosain an pháirc ₤6,200. Tógadh seomraí feistis le taobh na páirce i 1976 ar chostas ₤7,700. Bhí an Cumann thart ar £1,500 i bhfiacha tar éis na forbartha seo agus bheartaigh an Cumann comórtas Rí na nOileán a eagrú ag deireadh na seachtóidí chun é seo a glanadh. Roghnaíodh daoine ón gceantar a bhí sásta dul amach le cártaí urraíochta agus airgead a bhailiú don chumann. Bhuaigh Cóilín Joe Gorm Ó Maolchiaráin as an Máimín an comórtas agus bronnadh teideal Rí na nOileán air, ach níos tábhachtaí fós, ghlan an comórtas fiacha an Chumainn ag an am.
Lean an Cumann ag treabhadh leo ar pháirc na himeartha, ag iarraidh an pheil a chur chun cinn, rud a bhí doiligh ag an am mar bhí ar chuid mhór de dhaoine óga an cheantair dul ar imirce de bharr nach raibh aon obair ar fáil ag baile. Bhí an-deacracht ag an gCumann foirne a chur chun páirce. Tháinig feabhas beag ar chúrsaí ó lár na n-ochtóidí ar aghaidh. Le himeacht ama, de bharr an éilimh cuireadh tuilleadh foirne faoi aois chun páirce agus ag tús na nóchaidí cuireadh foirne ban chun páirce. Ag an am seo freisin, thuig an Cumann gur theastaigh uasghrádú a dhéanamh ar an bpáirc. Cuireadh tús le feachtais éagsúla le hairgead a bhailiú ar nós Bingo, crannchuir, siúlóidí urraithe, rothaíocht urraithe, rásaí capall ar scannáin agus mar sin de. Cuireadh coiste i mbun na hoibre seo faoi stiúir Mháirtín Breathnach, Pádraig Choilmín Ó Conghaile, Peadar Ó Gríofa agus Pádraic Ó Cualáin (Foley) agus déanadh athchóiriú iomlán ar an bpáirc ar chostas níos mó ná ₤100,000. Frítheadh deontas flaithiúil ó Roinn na Gaeltachta ag an am don obair seo. Chun fiacha na forbartha seo a ghlanadh ritheadh crannchur teoranta le ceithre charr mar dhuaiseanna agus ar chostas ₤100 an ticéad. D’fhág seo nach raibh aon fhiacha ar an gCumann nuair a bhí obair fhorbartha na páirce críochnaithe. Fiú bhí roinnt airgid le spáráil agus shocraigh an Cumann na seanseomraí feistis a leagann go talamh agus cinn nua a thógáil, rud a déanadh ag tús na nóchaidí, arís le cabhair ó Roinn na Gaeltachta. Is thart ar an am seo a cuireadh tús leis an Lotto. Ceannaíodh píosa talún ó Mhicilín Neide Ó Cuanaigh taobh thiar den pháirc le fad a chur leis an bpáirc nuair a bhí an fhorbairt thuas ar bun. Bhí an Cumann i gcónaí ag lorg breis spáis timpeall na páirce agus i 2001 ceannaíodh píosa talún ó Phádraic Sheáinín Phatch Bheartla. Ba é seo an t-am ceart chun an talamh seo a cheannach mar bhí an Cumann ag reáchtáil Comórtas Peile na Gaeltachta i 2002 agus bhíothas in ann na himeachtaí ar fad a bhain leis an gcomórtas a reáchtáil timpeall na páirce. Bhí an comórtas seo ar an ócáid spóirt is mó a reáchtáladh i gCeantar na nOileán riamh. D’éirigh thar barr leis agus a bhuíochas sin do thacaíocht mhuintir an cheantair.
Nuair a bhí Comórtas Peile na Gaeltachta thart i 2002, tógadh an chinneadh gur chóir ionad a bheith ag an gcumann peile do dhaoine óga an cheantair, go mbeadh áit acu le casadh le chéile agus cluichí a imirt dá mbeadh fonn orthu. Socraíodh ansin Ionad Spóirt faoi dhíon a thógáil agus páirc traenála a fhorbairt ar an bpíosa talún a bhí fágtha. Cuireadh tús leis an bpleanáil ansin agus frítheadh cead pleanála chun an Ionad a thógáil i 2004. Cheadaigh an tAire Éamon Ó Cuív ón Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta deontas de €1.2 milliún agus cuireadh tús le crannchur teoranta do 1500 duine chun an fuílleach a bhailiú. Bailíodh os cionn €100,000 ar an gcrannchur seo. Cuireadh tús leis an obair thógála i mí Aibreáin 2005.
Tá láidreacht Chumann Lúthchleas Gael ag brath ar mhuintir na háite i ngach paróiste ar fud na tíre. Ceann de na rudaí is mó a deirtear le baill Naomh Anna agus iad ag taisteal an chontae agus na tíre ná chomh maith agus a thacaíonn muintir na nOileán leis an gCumann Peile. Táimid ar cheann de na Cumainn is fearr sa tír anois ó thaobh áiseanna de agus tá a bhuíochas sin ag dul do mhuintir na nOileán agus dár gcairde sna ceantair máguaird. Is ceantar é a bhí buailte ag an imirce sna blianta siar ach tá tacaíocht fós ag teacht ó na daoine sin a thug a n-aghaidh ar Chicago, Boston, Londain agus ar fud na cruinne ar thóir oibre. Tá an Lotto ar siúl anois ó 1993 ach táthar fós ag brath ar lucht gnó an cheantair chun cuidiú leis an gCumann. Thug siad tacaíocht sna blianta siar nuair nach raibh airgead fairsing ag aon duine agus tá siad fós ag tacú leis an gCumann, ár mbuíochas do lucht gnó na háite.
Bhí muid, tá muid agus beidh muid ag brath ar thacaíocht ó eagraíochtaí ar nós an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, FÁS, Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus go leor eile chun tuilleadh forbairt a dhéanamh chun cur leis na háiseanna atá againn ar Pháirc a’ Mháimín. Táimid thar a bheith buíoch do na heagraíochtaí ar fad a chabhraigh linn.
|