Téann stair
na peile i gCeantar na nOileán siar go dtí tús an chéid seo caite de réir
seanchais agus eolais. Thart
ar an mbliain 1902 tháinig séiplíneach darbh ainm an tAthair
Ó Maolarcaigh go dtí na Leacracha Móra san áit a mbíodh
seanséipéal Thír an Fhia sular tógadh an séipéal nua ar an
mBriceanna sa mbliain 1935. Deirtear
gurb eisean a spreag spéis sa mbáire i mbuachaillí óga an cheantair ag
an am. Bhunaigh seisean freisin banna ceoil san áit agus ba mhinic
leis an mbanna ceoil a bheith ag máirseáil síos bhóthar na Páirce i
dTír an Fhia go dtí an Trá Mhóir lena gcuid drumaí agus uirlisí
ceoil.
Ba ghearr go
raibh an pheil ghaelach agus an tsuim sa pheil ag múscailt in aos óg na
háite. Thosaigh buachaillí óga an cheantair ag imirt peile eatarthu féin
ina gcuid bailte agus ba mhinic foirne beaga bailte a bheith in iomaíocht
lena chéile in áiteanna mar Thrá Dhaighinse, an Trá Mhóir, Criathrach Ghleann Trasna, Púirín na Mionnán sa Droim
agus ar an Móinín sa Trá Bháin. Ba ag Cóil Phádraig Ó
Conghaile a facthas an chéad liathróid peile ar an Trá Bháin. Ghnóthaigh sé í ar rás cos i gCuigéal ag tús an chéid. Bhí
foireann peile i dTír an Fhia ag tús na bhfichidí agus i measc na
n-imreoirí bhí:
Micheál Mac Eochagáin
Micheál Sheáin Bhreathnaigh
Joe Sheáin Ned Ó Cuana
Cóil Ghaoithín
Micil Pháidín Ó Conghaile
Pat Bheartla Con Ríogh. |