Ní raibh mé ach i mo ghasúr an-óg nuair a chuala mé caint ar pheileadóirí na Trá Báine. Thugadh mo mhuintir ar siúlóid mé síos chuig an trá. Is ansin a bhíodh an ghleo agus an choimhlint. Bhíodh daoine ar nós Seáinín Jack, Cóil Breathnach, Stiofán Stephen, Cóilín Sheáin Learaí, Stephen & Páraic Keane luaite, cé nach bhfacthas ag imirt iad. De réir mar a bhí mé ag dul in aois, thosaigh mé ag imirt le Joe Churraoin, Cóil Beag, Myle Chóil Pheaitch, Seán agus Páidín Mhicil, Cóilín Saile agus Cóilín Hogan, Maitias & Cóilín an Fhíodóra agus Michael Pheait Liaimín.
Bhí an raidió leis an "mbattery" fliuch an-tábhachtach nuair a bhíodh cluiche ceannais na hÉireann ann. Is cuimhin liom m’athair, Tomás Stephen, in éindí le Joe Saile Larry agus Cóil Breathnach ag réiteach agus ag socrú suas an raidió ag an seanscoil agus muintir an bhaile ag bailiú timpeall chun éisteacht leis an gcluiche. Chonaic mé an chéad chluiche peile ar an teilifís tí Mhicil Pháraic i 1963 idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath. Bhí an teach lán go béal. Nuair a bunaíodh Cumann Peile Naomh Anna i 1964, bhí Gaillimh i mbarr a réime. Thosaigh an Cumann sraith peile na mbunscoileanna áitiúla i 1965. B’iontach an smaoineamh a bhí anseo. Ba iad an Trá Bháin a ghnóthaigh an sraith an bhliain sin agus arís i 1966. Ar an bhfoireann sin bhí Máirtín Pheait Liaimín, Larry agus Máirtín an Fhíodóra, Larry Sonny, Colm Winnie Saile, Cóilín Nana Choilm, Páraic Sheáin Mhicil, Stiofán Thomáis Stephen, John Pheige, Páraic Willie Liaimín, Máirtín Joeen Sheáin Choilm, Michael, Patsy & Máirtín Pháraic Nell. Bhí muid faoi dhraíocht ag peileadóirí na Gaillimhe agus ag Michael O’ Hehir. D’imríodh muid ár bpeil thiar ar an gCriathrach. Bhí an seanpháircín, an Móinín caite anois. Má bhí cloigeann rua ort, ba tú John Keenan, más í an chiotóg a bhí agat, ba tú Seamus Lydon, nó má bhí tú mór láidir, ba tú Noel Tierney nó Mattie McDonagh. Ní raibh aon chaint ar "Man. U" ná ar "Liverpool". Ní raibh a fhios againn tada faoin "hamstring" ná an "groin". Bhíodh méaracha lúptha agus rúitíní casta ceart go leor. Tá an Criathrach ciúin anois agus ní fheicfear na "réaltóga" ag imirt arís.
I 1974, labhair mé le Micil Pháraic i dtaobh cúrsaí peile. Dúirt sé gurbh é an tAthair Mullarkey a thug isteach an chéad pheil agus an chéad bhanna ceoil ar an mbaile. Ní raibh sé ach ina leaid an-óg ag an am a dúirt sé. Bhásaigh Micil i 1984 in aois a 97. Taispeánann sé sin cé chomh fada siar agus a théann an pheil ar an mbaile. Tá muid faoi chomaoin mhór ag an tAthair Mullarkey. Ba í an pheil an phríomhchaitheamh aimsire a bhíodh againn, ach chaitheadh do chuid jobanna beaga a bheith déanta agat freisin. Thabharadh mé liom mo bhróga peile ar an bportach agus bhíodh mé ag brath ar Mhichael Sheáin Seoighe síob a thabhairt síos go Ros a’ Mhíl dom. Eachtra amháin a sheasann amach i m’intinn i gcónaí, tráthnóna a raibh cluiche faoi 16 againn. Stop mionbhus Pheter Neidín taobh amuigh do theach Joe an Táilliúra. Bhí Michaelín ar bharr an choca agus Joe ag píceáil féir suas aige. Léim amháin anuas, isteach sa teach le Michael ag iarraidh na mbróga peile agus amach sa mionbhus faoi luas. Feicim fós máthair Mhichael sa doras agus Joe (go ndéana Dia grásta orthu beirt) ag an gcoca féir agus gan fhios acu céard a bhí ag tarlú…… Níor críochnaíodh an coca féir an tráthnóna sin.
Ní raibh an traenáil chéanna ann an t-am sin agus atá ann inniu, ach i ngan fhios dúinn féin bhíodh muid ag foghlaim na scileanna peile céanna. Ag seoladh na mbeithíoch, bhíodh muid ag "soloing" leis an liathróid. Ag fosaíocht na mbeithíoch, bhíodh leathdeiridh na bó mar "target" chun í a choinneáil amach as an gcoirce. Tá caint mhór inniu ar an "punt kick" agus ar an gcic chliathánach. Bhíodh na seansimléir leathana an-áisiúil ina chomhair sin. Cé chuirfeadh an liathróid síos sa simléar? Chloistí an bhéic taobh istigh agus luaith ag dul go gealach…. bhí muide i bhfolach. Ní raibh liathróidí chomh fairsing san am. Bhíodh cupáin ag "Science Shoe Polish" agus bhíodh liathróid saor in aisce le fáil orthu ach oiread áithrid acu a bhailiú. Bhíodh snas ar an liosta siopadóireachta ag mo mháthair chuile sheachtain……. Tháinig Craobh Uile-Éireann chuig an Trá Bháin i 1965. Bhí Michael Phaeit Liaimín ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na nGairmscoileanna an bhliain sin. Bhí Frank Ned as Cumann Mhicheál Breathnach ar an bhfoireann leis chomh maith.
De bharr sraith na mbunscoileanna, tháinig borradh agus fás ar chúrsaí peile sa gceantar, ach chuir an imirce isteach go mór orainn. I gCluiche Ceannais an Iarthair faoi 18 i 1970, d’imigh seachtar go Sasana. Ní raibh seans againn. Ó thaobh na Trá Báine de, níor fhan duine ar bith sa mbaile ach mé féin ó na foirne a bhuaigh i 1965/66. Ó thaobh an chumainn, d’imigh glúin uilig peileadóirí, daoine ar imir mé leo ar nós, Seáinín, Michael, Páraic Mhichael Mhóir, Séamus Mhaggie an tSeaimpín, Michael & Johnny Sheáin Bhríd (d’imir Michael le mionúir na Gaillimhe), Colm Mhichael Sheáin Bhreathnaigh, Peter Phete Kelly, Joe Cadhain, Máirtín Johnny Willie, Michael Chóil Pheadair, Johnny & Cóilín Phateen Pheaitch, Michael Donoghue, John Bheartla Mharcuisín, Páraic Neide, Cathal Ó Loingsigh agus go leor eile. Mol an óige agus tiocfaidh sí. Is fíor a rá go raibh tionchar mhór ag leithéidí Jimmy Rua Mac Cormaic, Pat Houlihan, an tAthair Ó Flannabhra agus Michael Mór Ó Conghaile ar mo shaol peile. Ba é Jimmy an chéad thraenálaí a bhí agam agus má bhí suim sa bpeil agat, bhí cara go brách agat. Eachtra an tsolais dheirg ar mo rothar a chuireann Pat Houlihan i gcuimhne dom. Bhíodh na gardaí géar faoi sin. D’iarr sé mé ag traenáil, bhí sé ag fáil dorcha agus dúras le Pat go gcaithfinn imeacht. Thuig sé mo chás agus i gcanúint Chiarraí dúirt sé "Beidh tú ceart go leor" d’ardaigh mo chroí…..bhí an oíche titithe, fuair mé féin agus mo rothar síob abhaile.
Bhíodh an tAthair Ó Flannabhra thíos sa trínse le fir an cheantair ag réiteach na páirce. Bhí Michael Mór ag brú i gcónaí chomh tábhachtach agus a bhí sé áiseanna cearta a bheith ag an aos-óg. Nach breá an rud inniu go bhfuil muintir an cheantair, taobh istigh agus taobh amuigh, ag tacú leis an obair mhór atá ar siúl ag an gCumann ar Pháirc an Mháimín d’aos-óg an cheantair le bheith ag díol agus ag ceannach LOTTO.
Tá mé cinnte go bhfuil ré nua ag teacht don Chumann. Chonaic muid Ciarán Ó Fátharta & Páraic Ó Conaire i 1976 ag imirt do Ghaillimh. Chonaic muid Séamus Ó Ráinne, Michael Bharry agus Seáinín Mhichael Mhóir ag imirt do Ghaillimh freisin. Tá an ghlúin óg ag teacht aníos. Tá an imirce thart. Feicim an solas dearg ag athrú go huaithne……..
Píosa a scríobh Stiofán Ó Flatharta, Cisteoir Naomh Anna 1988 - 1996 |