Nuair a hiarradh orm giota a scríobh faoi chluichí peile a bhí againn mar ghasúir i Leitir Mealláin, sin sular bunaíodh Cumann Peile Naomh Anna, b’éigean dom dul i ngleic le cuimhne m’óige. B’fhada ó pháirceanna glasa, leibhéalta an lae inniu a bhí na garrantaí garbha, cnocánacha ar imir muide iontu mar ghasúir scoile. Ní raibh aon chumann peile ag freastal ar an taobh seo tíre ag an am. Ach mar sin féin, bhí scuainí gasúir le feiceáil ag imirt in áiteanna beaga, cúlráideacha ar fud an cheantair, áiteanna nach dtabharfaí faoi deara iad.
Bhí traidisiún spóirt an-láidir sna hOileáin riamh anall. Bhíodh rásaí bád, lúthchleasaíocht, caitheamh meáchan agus imeachtaí eile i gCuigéal. Níor theastaigh mórán uchtach uainn mar ógánaigh leanacht ar aghaidh leis an traidisiún seo. Dála go leor gasúir eile ag an am, b’fhada liom go dtiocfadh an tráthnóna le bualadh le gasúir eile le go mbeadh cluiche againn i gclós an tséipéil. Sna blianta sin freisin théadh roinnt scoláirí ón scoil náisiúnta go dtí scoileanna chónaithe ar fud na tíre. Nuair a thagadh siad abhaile d’eagraíodh siad cluichí beaga eadrainn. Bhí an deartháir is sine agam féin ina scoláire cónaithe i gColáiste Mhuire i nGaillimh ag an am. Nuair a thagadh sé abhaile, bhíodh liathróid aige dúinn. Bhí fáilte i gcónaí roimh éinne le liathróid nua mar bhí sé deacair liathróid a fháil agus a choinneáil i gcaoi mar gheall ar chomh garbh is a bhí an talamh.
Nuair a tháinig an tAthair Séan de Bláca mar shéiplíneach go Tír an Fhia sna caogadaí, d’eagraigh sé comórtas lúthchleasa ar an Máimín do scoileanna ó Leitir Mealláin go Leitir Móir. Tá cuimhne an-mhaith agam ar cheann de na hócáidí seo mar bhí mé féin agus mo dheirfiúracha ann i gcuideachta ár gcairde scoile. Is cuimhin liom go raibh an-choimhlint idir na scoileanna. Bhí slua mór lucht féachana i láthair. An tseachtain dár gcionn, ghlaoigh an sagart ag an scoil i Leitir Mealláin agus bosca mór féiríní aige dóibh seo a ghnóthaigh rásaí. Fuair gasúir orgáin béil agus bronntanais deasa eile. Ar deireadh, tá mé ag ceapadh go bhfuair chuile dhuine rud éigin, fiú murar ghlac siad páirt sna himeachtaí. Tagann an lá sin ar ais i mo chuimhne chuile uair a théim siar thar Pháirc an Mháimín, sin minic go leor.
Bhí páirc dheas, réidh ar Dhumhaigh Dhaighinse agus is iomaí cluiche peile agus iománaíochta a himríodh ann ag an am. Bhí foirne curtha le cheile ó na bailte thart – seachtar an taobh chomh fada agus is cuimhneach liom. Ar an Domhnach, d’fheicfeá an slua ag déanamh ar Oileán Dhaighinse. Thógfadh muintir an oileáin ón gcaladh muid – Clann Mhaidhc Thaidhg, Clann Tom Bheartla nó Clann Tom Mhaidhlín, go ndéana Dia grásta orthu sin atá ar shlí na Fírinne. D’imrítí na cluichí i gcónaí ar an Domhnach agus bhíodh an-choimhlint ann. Ní raibh a leithéid de rud ann agus réiteoir. Is é an deireadh a bhíodh leis an scéal, go raibh chuile dhuine ina réiteoir agus chuile dhuine ag imirt freisin. Thuigfeá go mbeadh argóintí ann ag deireadh na gcluichí seo, ach chaithfeadh muid a chinntiú i gcónaí go raibh bealach abhaile againn ag deireadh an lae. Bhíodh ar dhuine éigin muid a thabhairt amach i mbád. Caithfidh mé a rá nár fágadh ar an oileán riamh muid, ba chuma cén chaoi a ndeachaigh an cluiche.
Bhíodh cluichí á n-imirt freisin i ngarraí Phat Pheaide i dTóin a’Mhása, nuair a bhí muid inár ndéagóirí. Ní raibh aon teorainn aoise anseo chorr ar bith. Ta mé ag ceapadh go raibh fiú dream ag imirt a bhí ag fáil an phinsean – nó sin mar shamhlaigh muide mar dhéagoirí é ag an am. Is cuimhneach liom daoine ar nós Antaine Ó Laoi agus Johnny Seoighe (Mháis), go ndéana Dia trócaire orthu, ag imirt. Thugaidís an-spreagadh dúinn. Dar ndóigh, bhí saineolaithe peile ar an taobh líne freisin go mór mór Cóilín Pheait Anda, go ndéana Dia grásta air. Ní choinneodh Páidín Ó Sé coinneal dó.
Níl anseo ach blaiseadh an-bheag den spóirt a chruthaigh muid dúinn féin sula raibh aon chaint ar an bpáirc bhreá atá sa Máimín ag Cumann Peile Naomh Anna anois.
Píosa a scríobh Jimmy Phateen Phatch Ó Conghaile |