Páirc an Mháimín Oscailt na Páirce i 1974
B’fhadhb airgid ceann de na bacanna ba mhó a bhí ar an gCumann Peile nuair a bunaíodh é. Nuair a chinn an Cumann go raibh siad chun páirc a fhorbairt bhronn Joe Mór Mac an Iomaire, fear gnó as na Doireadha agus a raibh teach tábhairne aige sa Droim, cheithre scór phunt (£80) orthu chun tuilleadh talún a cheannach ó Sheáinín Pheaits Bheartla. Cnocáinín Dan an t-ainm a bhí ar cheann de na garranta a cheannaigh an Cumann agus ceannaíodh tuilleadh talún ó Dan Chóilín Ó Domhnaill taobh le láthair na páirce.
Is iomaí turas anróiteach a rinne an tAthair Ó Flannabhra chuig Oifig Chlárú na Talún i mBaile Átha Cliath chun teideal na páirce a bhaint amach don Chumann Peile. Thóg sé roinnt blianta an teideal sin a fháil agus chinntigh an tAthair Ó Flannabhra go ndéanfaí Páirc an Mháimín a fhorbairt chomh luath agus a d'fhéadfaí. Tuairiscíonn miontuairiscí an Chumainn a scríobh Nioclás Ó Conchubhair, a bhí ina rúnaí ar feadh blianta fada ar an gCumann, i Feabhra na bliana 1967 go raibh an teideal faighte ag an gCumann.
Rinne muintir na háite obair dheonach go leor ar an bpáirc. Dhraenáil siad í agus thóg siad móta leis an taoille a choinneáil amach. Is iomaí Máirt tar éis an tsaighneáil sa mbeairic i Leitir Móir a bhailíodh na fir le chéile ar Pháirc an Mháimín le cuideachan a dhéanamh ar an obair. Tháinig fir as ’chuile bhaile, ón Daingean isteach go Túr Cheann Gólaim, chun lá crua oibre a dhéanamh. Bhíodh an tAthair Ó Flannabhra é féin ina measc, a sheaicéad caite de aige agus é go rúitíní i bpuiteach agus in uisce. Tugadh 'bulldozer' isteach an Daingean don chéad uair riamh in Earrach na bliana 1968 chun an pháirc a rómhar agus a chothromú. B'iontach an t-iontas a bhí ar chuile dhuine nuair a chonaic siad spreac agus éifeacht an mheaisín seo. Thart ar 1970 tugadh faoi obair na páirce i ndáiríre a chur chun cinn. Reachtáladh drámaí, coirmeacha ceoil, cluichí cártaí, céilithe chun airgead a bhailiú don pháirc imeartha. Rinne Nioclás Ó Conchubhair obair na gcapall mar rúnaí sna blianta sin. Chinntigh sé gur frítheadh na deontais chuí ó Roinn na Gaeltachta agus ó Chumann Lúthchleas Gael agus d'aimsigh sé chuile chineál foinse airgid ab fhéidir leis. Is iomaí plé a rinne sé féin, Michael Mór agus an tAthair Ó Flannabhra ar an teallach Tigh Mhichael Mór.
Tuairiscítear gur tarraingíodh suas le 750 leoraí stuif ar an bpáirc idir gaineamh, gairbhéal, gaineamh trá, clocha duirlinge agus créafóg. Ba £4 a bhí ar leoraí gainimh a thrarraingt as Seanadh Féistín ag an am. B'iad leoraithe Sheáinín Pheaitín Mháirtín Ó Conghaile, Antoine Ó Laoi, Mhichael Mór agus Phádraig Mhic Dhonnchadha a tharraing an stuif ar fad. Níl aon dabht faoi nár cuireadh allas agus nár dearnadh obair chun an pháirc a thógáil
Thosaigh obair na páirce i mí Eanáir 1969 agus osclaíodh an pháirc féin go hoifigiúil an 31ú Márta 1974. Bhí an pháirc 140 slat ar fad agus 84 slat ar leithead. Chosain an pháirc £6,200. Tógadh seomraí feistis i 1976 a chosain £7,700.00.
B’ábhar mórtais a bhí i dtógáil na páirce don Chumann Peile agus chuir an fhorbairt le meanma, le huallmhian agus le dóchas aos óg na háite ina dhiaidh sin agus riamh ó shin. Cé gurb í an imirce an namhaid ba mhó a bhí ag an gCumann go ceann blianta fada ina dhiaidh sin chuaigh an Cumann i neart agus i dtreis ó shin. Bhain peileadóirí de chuid an Chumainn áiteanna amach ar fhoirne an Chontae. Peileadóirí mar Sheán Ó Conghaile a d'imir d'fhoireann sinsir na Gaillimhe agus Ciarán Ó Fátharta agus Pádraig Ó Conaire a bhain Craobh na hÉireann amach ar fhoireann mionúir na Gaillimhe. |