Le cabhair ón Roinn Gnóthaí
Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta reáchtáil muid an deichiú campa samhradh iontach arís i mbliana. Bhí 53 gasúr le feiceáil ar an bpáirc ón Luan, 10 Lúnasa go dtí an Aoine, 14 Lúnasa. Cé nach raibh an aimsir iontach, bhain na gasúir sult as mar bhíomar in ann iad a thabhairt isteach sa halla mór sa Spórlann agus is ann a bhí an spraoi. Bhí Joe Joe Mac Donnchadha mar stiúrthóirí ar champa na bliana seo agus bhí Joan Ní Fhlatharta agus Peadar Ó Peircín ag cuidiú leis mar oiliúnóirí.
Ag deireadh
an champa bronnadh mála spóirt ar gach duine a ghlac páirt.
Fuair muid na málaí seo ó LE Spóirt ar an gCeathrú Rua. Ba mhaith leis an gCumann buíochas a ghlacadh leis An Roinn Gnóthaí
Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta as ucht a cuid tacaíochta arís i mbliana.
|