Le cabhair ón Roinn Gnóthaí
Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta reáchtáil muid an deichiú campa samhradh iontach arís i mbliana. Bhí 40 gasúr le feiceáil ar an bpáirc ón Luan, 9 Lúnasa go dtí an Aoine, 13 Lúnasa. Bhí Joe Joe Mac Donnchadha mar stiúrthóirí ar champa na bliana seo agus bhí Joan Ní Fhlatharta, Bríd Uí Lochnáin agus Peadar Ó Peircín ag cuidiú leis mar oiliúnóirí.
Ag deireadh
an champa bronnadh mála spóirt ar gach duine a ghlac páirt.
Fuair muid na málaí seo ó LE Spóirt ar an gCeathrú Rua. Ba mhaith leis an gCumann buíochas a ghlacadh leis An Roinn Gnóthaí
Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta as ucht a cuid tacaíochta arís i mbliana.
|