Tháinig slua breá gasúir óga an cheantar amach ar an Máirt, 2 Lúnasa
chun páirt a ghlacadh i gcampa peile a bhí á eagrú ag an gCumann.
Seo é an séú bliain don Chumann a bheith ag reáchtáil campa den chuid seo agus is
cinnte go bhfuil éileamh mhór air go fóill i measc ógánaigh na
nOileán. D'fhreastal 89 ógánach ar fad ar champa na bliana seo,
idir na haoiseanna 7 mbliana go dtí 15, idir buachaillí agus
cailíní. Bhí Máirtín Breathnach agus Michael Bharry Ó Flatharta mar stiúrthóirí ar champa na bliana seo agus bhí Fiachra agus Ferdia
Breathnach, Cóilín Phaitín Ó Conghaile, Áine Uí Mháille, Seán
Pháidín Ó Curraoin, Joe Joe Mac Donnacha agus Cormac Ó Confhaola ag cuidiú leo mar oiliúnóirí.
Bhí an aimsir go maith den chuid is mó de na laethanta. Ag deireadh
an champa bronnadh cótaí le suathantas an Chumainn agus
le suathantas An Roinn Gnóthaí
Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar gach duine a ghlac páirt.
Ba mhaith leis an gCumann buíochas a ghlacadh leis An Roinn Gnóthaí
Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a thug cúnamh an campa samhraidh a chur ar
siúl agus le Micheál Ó Conghaile istigh ag Anchor
Safety/Aran Stitch as ucht a chuid tacaíochta chomh maith.
|