Le cabhair ón Roinn Gnóthaí
Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta reáchtáil muid campa samhradh iontach arís i mbliana. Bhí 86 gasúr le feiceáil ar an bpáirc ón Luan, 31 Iúil go dtí an Aoine, 4 Lúnasa.
Seo é an seachtú bliain don Chumann a bheith ag reáchtáil campa den chuid seo agus is
cinnte go bhfuil éileamh mhór air go fóill i measc ógánaigh na
nOileán. Bhí Máirtín Breathnach agus Michael Bharry Ó Flatharta mar stiúrthóirí ar champa na bliana seo agus bhíCóilín Phaitín Ó Confhaola, Áine Uí Mháille, Seán
Pháidín Ó Curraoin, Colm Ó Confhaola, Patrick Mark Ó Fátharta agus Micheál Ó Confhaola ag cuidiú leo mar oiliúnóirí.
Seachas beagán báisteach ar an Aoine, bhí an aimsir go hálainn. Ag deireadh
an champa bronnadh t-léine, togs, stocaí agus mála ar gach duine a ghlac páirt.
Ba mhaith leis an gCumann buíochas a ghlacadh leis An Roinn Gnóthaí
Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta as ucht a cuid tacaíochta arís i mbliana.
|