Le cabhair ón Roinn Gnóthaí
Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta reáchtáil muid campa samhradh iontach arís i mbliana. Bhí 75 gasúr le feiceáil ar an bpáirc ón Luan, 30 Iúil go dtí an Aoine, 3 Lúnasa.
Seo é an t-ochtú bliain don Chumann a bheith ag reáchtáil campa den chuid seo agus is
cinnte go bhfuil éileamh mhór air go fóill i measc ógánaigh na
nOileán. Cé go raibh an aimsir iontach don tseachtain, bhí maidin amháin le múrtha báistí agus don chéad uair riamh bhíomar in ann na gasúir a thabhairt isteach sa halla mór sa Spórlann agus is ann a bhí an spraoi. Bhí Máirtín Breathnach agus Michael Bharry Ó Flatharta mar stiúrthóirí ar champa na bliana seo agus bhí Cóilín Phaitín Ó Confhaola, Áine Uí Mháille, Seán
Pháidín Ó Curraoin, Philomena Ní Fhlatharta, Patrick Mark Ó Fátharta agus Máirtín Ó Meachair ag cuidiú leo mar oiliúnóirí.
Chomh maith leis sin bhí Micheál Ó Confhaola, Séamus Ó Domhnaill, Aonghus Ó Fátharta agus Colm Mac Donnacha mar chúntóirí againn. Ag deireadh
an champa bronnadh mála spóirt ar gach duine a ghlac páirt.
Fuair muid na málaí seo ó Velotec, comhlacht le Pádraic Ó Cuinn, atá lonnaithe i gCasla. Ba mhaith leis an gCumann buíochas a ghlacadh leis An Roinn Gnóthaí
Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta as ucht a cuid tacaíochta arís i mbliana.
|