Bhí slua mór i láthair ar Pháirc an Mháimín ar an Satharn, 9 Meitheamh 2007, tráth ar oscail an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T. D., Spórtlann nua Chumann Peile Naomh Anna, Leitir Móir, ionad a tógadh ar chostas €2.1 milliún. Ag cur tús leis na himeachtaí bheannaigh na sagairt áitiúla, an tAthair Eddie Bheartla Ó Conghaile agus an tAthair Micheál Ó Braonáin, an Spórtlann.
Ina óráid, thug Cathaoirleach an Chumainn, Máirtín Ó Conghaile, aitheantas don tacaíocht a fuair an cumann ón Aire agus ó na Feidhmeannaigh sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta. Chomh maith leis an Aire Ó Cuív, luaigh sé an mhuinín a chuir feidhmeannaigh na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta sa chumann chun an tionscadal seo a thabhairt chun críche agus go speisialta an tacaíocht a fuair siad ó dhaoine ar nós Bertie Ó hAinmhire, Uinseann Mac Thómáis, Seán Mac Eoin, Bríd Ní Chonghaile, Áine Uí Chonghaile, Bríd Ní Thuathail agus Pádraig Ó Cinnéide.
Ba lá mór a bhí ann freisin do mhuintir Mhichael Mhóir Ó Conghaile. Tá an Spórtlann ainmnithe i ndiaidh Mhichael Mór as Tír an Fhia (1912 – 1994), duine de bhunaitheoirí an Chumainn i 1964. Chuir an Cathaoirleach fáilte speisialta roimh Bhríd, baintreach Mhichael Mhóir, agus a chlann mhac agus a chlann iníon a bhí i láthair chomh maith le garchlann agus gaolta eile. Ghlac sé buíochas speisialta le Michaelín Mhichael Mhóir a thug síntiús de $100,000 chun an Spórtlann a thógáil. Bhí beirt eile de bhunaitheoirí an Chumainn, An tAthair Micheál Ó Flannabhra agus Nioclás Ó Conchubhair, i láthair chomh maith agus labhair an Cathaoirleach ar an obair mhór a rinne siad seo siar sna seascaidí chun Cumann Peile a bhunú i gceantar na nOileán nuair nach raibh airgead fairsing ag an am agus an áit bánaithe ag an imirce.
Bhí áthas air go raibh iontaobhaithe an Chumainn i láthair chun an ócáid seo a cheiliúradh, b’iad sin An tAthair Micheál Ó Flannabhra, Nioclás Ó Conchubhair, Gearóid Ó Clochartaigh, Michael Tom Ó Cualáin agus Stiofán Ó Flatharta. Thug sé aitheantas speisialta don treoir a fuair an Cumann ó Nioclás le linn an fheachtais seo.
Thug sé le fios gurb é an Cumann féin a bhí ina phríomhchonraitheoir ar an tionscadal agus gur fhostaigh siad fochonraitheoirí leis an obair a dhéanamh de réir mar a theastaigh sé. Rinne sé seo an jab níos deacra ach chiallaigh sé go raibh smacht iomlán ag an gCoiste ar an obair a bhí le déanamh. De bharr an seasamh seo a thógáil, shábháil an Cumann thart ar €500,000 i gcostais ailtireachta agus i gcostais comhairleoireachta. D’fhostaigh an Cumann fear áitiúil agus imreoir, Cóilín Ó hÓgáin, mar shaoiste ar an tionscadal agus rinne Cóilín agus a chuid fear sárobair ar fad. Rinne Stiofán Ó Flatharta agus Cáit Mhic Dhonnacha sárobair ar son an choiste chomh maith. Ghlac an cathaoirleach buíochas leis na fochoistí ar fad a d’oibrigh go díograiseach le linn an tionscadail. Ghlac sé buíochas le Comhar Creidmheasa Cholm Cille, Indreabhán as ucht an mheaisín dífhibrileoir, luach os cionn €3,000, a bhronn siad ar an gCumann le haghaidh an Spórtlann. Ghlac sé buíochas chomh maith le hÚdarás na Gaeltachta agus go háirithe an tacaíocht a fuair siad ó Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin agus Tadhg Ó Conghaile.
Baineadh leas maith as na scéimeanna fostaíochta áitiúla a bhí á reáchtáil sa cheantar faoi scáth Mhuintearas na nOileán agus Chomhairle Ceantar na nOileán, le Helen Uí Dhunáird agus Séamus Ó Ráighne mar shaoistí. Thug sé le fios go raibh súil go mbeadh an Spórtlann oscailte don phobal ag tús mhí Iúil agus go mbeidh an giomnásium, an halla spóirt and an seomra caidrimh don óige in úsáid go lánaimseartha ón am sin.
Labhair Nioclás Ó Conchubhair ar son na n-iontaobhaithe. Rinne sé cur síos ar an aithne a bhí aige ar Mhichael Mór. Dúirt sé gurbh é Michael an fear a b’iontaí a casadh riamh air agus go raibh sé cosúil le taoiseach sa cheantar. Fear an-éirimiúil agus an-tuisceanach a bhí ann, fear nach bhfuair na deiseanna oideachais a fuair daoine eile ach fear a bhí fadbhreathnaíodh ón tús. Ón gcéad am ar bunaíodh an Cumann ba í an fhís a bhí ag Michael go mbeadh páirc peile sa cheantar agus d’éirigh leis an sprioc sin a bhaint amach i 1974. Dúirt Nioclás go raibh costas de £6,452 ar an bpáirc peile san am sin agus go bhfuair siad deontas £4,000 ó Roinn na Gaeltachta.
San óráid a thug Michaelín Mhichael Mhóir Ó Conghaile, rinne sé comhghairdeas leis an gCumann as an éacht mór a rinne siad agus an Spórtlann a thógáil. “Is iontach an onóir do mo mháthair, dom féin agus do mo bhean chéile Mary, do mo dheartháireacha agus mo dheirfiúracha agus don chlann ar fad go bhfuil an foirgneamh breá seo ainmnithe i gcuimhne m’athar.” Dúirt sé go raibh sé iontach an dream óg a fheiceáil ag fanacht sa bhaile anois agus gan orthu dul ar imirce mar a bhí air féin agus ar a chuid deartháireacha a dhéanamh siar i 1969. Cé go raibh siad thar lear, bhí a gcroíthe i gcónaí sa bhaile agus bhí sé thar a bheith bródúil inniu a bheith in ann teacht abhaile beagnach dhá scór bliain ina dhiaidh chun cuidiú le críoch a chur leis an obair a thosaigh a athair siar sna seascaidí. “Tá súil agam go mbainfidh óige an cheantair úsáid as na háiseanna iontacha seo, nach bhfuil a leithéid le fáil as seo go Baile Átha Cliath”, a deir sé.
Dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T. D., gur lá an-mhór a bhí anseo dó féin go pearsanta. Ghlac sé buíochas leis an gCumann Peile agus le muintir an cheantair ar fad. Mhol sé muintir na nOileán agus dúirt sé nach raibh aon imní air féin ná ar a chuid feidhmeannaigh ón gcéad lá nach mbeadh ar chumas Chumann Peile Naomh Anna an tionscadal seo a thabhairt chun críche. “Tá áthas orm go raibh mé in acmhainn €1.7 milliún a thabhairt mar dheontas. Ach bhí oraibh féin an obair mhór a dhéanamh chun an chuid eile den airgead a bhailiú, os cionn €300,000. Chruthaigh sibh, agus sibh ag eagrú Comórtas Peile na Gaeltachta i 2002, go bhfuil tacaíocht mhuintir an cheantair agaibh agus tá a thoradh sin le feiceáil anseo inniu. Is ceantar é seo atá dílis don Ghaeilge agus don chultúr.” Mhol sé an coiste, an réiteach agus an phleanáil a rinne siad. “Is dream iad a bhí an-eagraithe agus an-éasca le hoibriú leo” a deir an tAire. Mhol sé an obair a rinne Michael Mór ag tús ama agus é mar cheannródaí ar an gCumann agus go raibh an t-aitheantas atá faighte aige maidir leis an Spórtlann a bheith ainmnithe ina dhiaidh tuillte go hiomlán aige. Ag críochnú suas dó, dúirt sé gur chuid den stair an t-imirce anois agus gur easpa comhluadar an fhadhb is mó a bhíonn ar dhaoine déileáil leis na laethanta seo. Feiceann sé an Spórtlann seo mar áis a chuideoidh le haos-óg agus leis an dream níos sinne le comhluadar a bheith acu i dteannta a chéile agus an Ghaeilge lárnach anseo ar fad. Má tharlaíonn sé sin, is aisíoc maith a bheidh ann ar an infheistíocht a rinne sé féin agus An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta sa tionscadal luachmhar seo.
Labhair Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, agus Cathaoirleach Choiste Chontae C.L.G. na Gaillimhe, Gearóid Ó Lorcáin, chomh maith agus rinne siad comhghairdeas leis an gCumann Peile.
Lean na himeachtaí ar aghaidh ar an Domhnach le dhá chluiche cispheile sa halla spóirt. I gcluiche na mban fuair foireann na Ceathrún Rua an ceann is fearr ar TG4 leis an scór 34 le 27. I gcomórtas na bhfear fuair Maigh Cuillinn an ceann is fearr ar Titans na Gaillimhe le naoi bpointe, 65-54.
|