| 
       
  | 
    
       Oscailt na Páirce - 31 Márta 1974 
 
  | 
  
      
  | 
    
       B'iontach an lá
      é do Cheantar na nOileán an lá ar oscail Páirc an Mháimín ar an 31
      Márta 1974.  B'iad an
      tAthair Micheál Ó Flannabhra, an tAthair Micheál Ó Fátharta,
      a bhí ina shéiplíneach i dTír an Fhia ag an am, 
      agus an tAthair Colm Ó Faoláin, sagart paróiste Leitir Móir,
      a rinne an beannú.  D'imir
      foireann Naomh Anna an lá úd in aghaidh Bhaile Mháirtín
      as Ráth Cairn agus d'imir Cumann an Athar Uí Ghríofa in aghaidh Ghaeltacht
      Chonamara. Ní raibh na
      seomraí feistis tógtha an lá úd agus baineadh úsáid as Halla Thír
      an Fhia.  Ba iad banna ceoil Scoil
      Thír an Fhia faoi stiúir an tSr Uinseann a chuir an ceol ar fáil
      ar feadh an lae.   Tráthnóna,
      chuir an Cumann an sméar mhullaigh ar an oscailt le dinnéar mór do na
      foirne in Óstán na Ceathrún Rua agus céilí ina dhiaidh sin arís i
      Halla Mhic an Adhstair san áit ar bronnadh na duaiseanna. 
      Bhronn Cumann Peile Connemara Gaels Boston agus Nua Eabhrac corn
      agus trófaithe ar an gCumann baile. 
      Ceann de na coirn sin ab ea Corn James Philbin a bhronn
      Connemara Gaels Nua Eabhrac. De bharr sruth
      na himirce bhí bánú á dhéanamh ar Chumann Peile Naomh Anna ag tús na
      seachtóidí.  B'éigean do
      phlúr na bhfear a n-aghaidh a thabhairt ar Leeds, Londain, Nua Eabhrac
      agus ar Boston.  D'imigh
      leitheidí Mharcuis agus Sheáin Uí Chualáin as Fuirnis,
      triúr de mhuintir Chonghaile, Seán, Michael agus Pádraig,
      na Peircíní, Micheál agus Seán.
      Agus Micheál Ó Flatharta as Leitir Móir. 
      D'imir siadsan uilig d'fhoireann sinsir Connemara Gaels i mBoston
      agus i Nua Eabhrac. Chuaigh imreoirí eile go Leeds agus go Londain. Michael
      Phat Liaimín as an Trá Bháin, a raibh bonn uile-Éireann bainte
      amach aige agus é ag freastal ar Scoil Ghairmoideachais na Gaillimhe agus
      Cóilín Ó Ceallaigh as an Maimín. Bhí aitheantas faighte ag Seán
      Ó Conghaile as Tír an Fhia ag an leibhéal contae nuair a b'éigean
      dó féin an baile a fhágáil agus a aghaidh a thabhairt ar Boston. Cé gur thóg na fir sin orthu féin páirt a ghlacadh i gCumainn Pheile thar lear d'fhan a ndílseacht agus a ndúthracht riamh le Cumann Peile Naomh Anna. Seo a leanas giotaí a bhí sa leabhrán oifigiúil a bhí ar fáil d'oscailt na páirce ar an 31ú Márta 1974. 
 
 
 
 
 
  |