| 
       
  | 
    
       Páirc a' Mháimín 
 
  | 
  
      
  | 
    
       Is
      deacair a thuiscint agus tú i do sheasamh ag breathnú amach ar Pháirc
      an Mháimín inniu, nach raibh anseo tráth den tsaoil ach portach nó “Currach”
      mar a thabharfadh muintir an cheantair air. Ba
      le Micheal Johnny Mac Donnchadha as an Máimín an píosa talúna
      seo agus thug sé cead do leads óga na háite peil agus cluichí eile a
      imirt ann, gan cur isteach ná amach orthu. 
      Tharla sé go bhfuair Micheal Johnny an seans aistriú go Contae na
      Mí chuig áit agus talamh a bhí níos fearr. Tar
      éis dó roinnt smaoineamh a dhéanamh air, shocraigh sé aistriú síos
      go lár tíre agus an áit a bhí aige sa Máimín a thabhairt suas (siad
      muintir Sheáinín Pheait Bhearthla a tháinig san áit.) Is
      iomaí cic buailte ar liathróid ó shin i leith agus is iomaí peileadóir
      a chuir barr feabhais ar a chuid scileanna peile san áit seo.  Thóg Cumann Peile Naomh Anna seilbh ar an áit tamall tar éis
      a mbunaithe sa bhliain 1964 agus sna 70adaí bheartaigh an Cumann,
      faoi stiúir an tAthair Micheál Ó Flannbhara, Michael Mór Ó
      Conghaile (nach maireann), Nioclás Ó Conchubhair agus daoine
      eile, an áit a fhorbairt agus páirc pheile a thógáil ann.  Rinne siad féin agus muintir na háite éacht agus páirc a
      dhéanamh ann.  Cuireadh athchóiriú
      iomlán ar an bPáirc sna 80adaí faoi stiúir Mháirtín Bhreathnach,
      Pádraig Ó Conghaile, Paddy Pheada Ó Conghaile (nach
      maireann) agus baill eile den chumann agus arís, agus Comórtas Peile na
      Gaeltachta á reáchtáil ag Cumann Naomh Anna i 2002, shocraigh an coiste
      tuilleadh forbairt a dhéanamh faoi stiúir Chóil Uí Cheallaigh, Cóilín
      Ó Conghaile (fochoiste na páirce) 
      le cabhair mhór ó FÁS, Comhairle Cheantar na nOileán
      agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.  
      Níl an fhorbairt le críochnú anois ach oiread, mar go bhfuil
      tuilleadh oibre beartaithe ag an gCumann
      agus muid ag tabhairt faoi Ionad Spóirt agus Seastán a thógáil. 
      Is cóir tacaíocht mhuintir na háite agus dhaoine taobh amuigh
      den cheantar a lua agus an chabhair a thugann siad don chumann i gcónaí
      trí Lotto an Chumainn a cheannach agus
      chuile chabhair eile dá dteastaíonn a thabhairt. Dá
      mairfeadh Michael Johnny agus “Currach an Mháimín”
      a fheiceáil inniu, nach é a bheadh bródúil sásta, díreach mar a
      bheadh na daoine ar fad a raibh a gcroí sa gCumann Peile agus sa bpeil féin,
      ach atá anois i láthair Dé.  Ní
      dhéanfar dearmad orthu go brách na breithe. Inniu
      agus tú ag breathnú amach nó ag imirt ar Pháirc an Mháimín, cuimhne
      orthu siúd ar fad a raibh lámh acu i gcur chun cinn an Chumainn Peile
      seo agus i bhforbairt na Páirce seo. 
      Ach cuimhne go mór mór ar an bhfear a d’fhág an píosa talúna
      seo ag leads óga na háite an chéad lá riamh. 
       Buíochas
      leat a Mhichéal Johnny agus solas na bhflaitheas duit. Píosa
      a scríobh Ciarán Ó Fátharta 
  |