Leitir Mealláin & an Chomharsanacht

BAILE
STAIR
LOTTO
COISTÍ
FOIRNE
CLUICHÍ
ONÓRACHA
PICTIÚIR
COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA
TEAGMHÁIL
SCOILEANNA
FORBAIRT ÁISEANNA
CAMPA PEILE

An ghné is measa faoi na hoileáin ná eolas a fháil amach fúthu  -  cé as ar tháinig na daoine fadó – an mba fámairí a bhí iontu nó dream a díbríodh as a gceantar féin agus gurbh éigin dóibh bunú agus lonnú ar an gcladach thiar ó Chorcaigh go Dún na nGall.  An raibh cónaí ar na hoileáin anseo fadó?  Bhí.  De réir scéalta na mBárd, tháinig na chéad daoine go hÉirinn i bhfad roimh aimsir Chríost.  I mbáid a thángadar.  Hereman an chéad Rí a bhfuil trácht air.  Chónaigh na daoine seo cois cladaigh.  Tá an cruthúnas againn faoi seo ó na carnáin sliogáin atá le fáil i go leor áiteacha timpeall an chósta.  Deir Solinas gur ghnách nó gnás leis an máthair Cheilteach an chéad rúinne beatha a thabhairt dá mac ar "Rinn an Cloiden" – inniu is "blaise beag" poitín é. Bhí na daoine seo féinmhuiníneach, neamhspleách.  Shaothraigh na fir an bia agus chuir na  mná ar bord é – iasc na farraige, bainne na bó nó na gcaorach nó na ngabhar.  Ní raibh teach ar bith gan coire nó pota mór.  Bhí sé seo lán i gcónaí le feoil nó iasc.  B’údar náire a bheadh ann an strainséir a ligean amach ina throscadh.  Tá an ghnaíúlacht chéanna sna hoileáin fós.

Anois agus arís cuirtear ceist - "Cé as ar tháinig na hoileáin?  De réir na scoláirí, bhíodar ar fad ceangailte le hÁrainn.  Ceaptar gur loch mhór a bhí i gCuan na Gaillimhe.  Loch Lurgain a baisteadh uirthi.  Le linn ré na lic oighre, bhí sioc uafásach ann a mhair na mílte bliain.  Ansin d’ardaigh an ghrian agus thosaigh an sioc ag leámh.  Cé gur in uachtar a bhíonn an teas, is é  an t-íochtar a thugann uaidh.  Ansin briseann maidhm mhór amach, go deas sleamhain ar dtús.  De réir a chéile tagann luas agus fuinneamh faoin meall mór seo.  Tosaíonn an brú, an cartadh, an tochailt, an stróiceadh, sa gcaoi nach bhfuil tada in ann seasamh ina choinne.  Déanann an liathróid mhór seo, ina bhfuil na mílte tonna de chuile chineál, scrios, argain agus stróiceadh.  D’fhág sé seo poill mhóra atá anois ina locha, ina srutháin agus ina n-aibhneacha ina dhiaidh.  D’fhág sé mealltracha anseo agus ansiúd agus sin iad na hoileáin sa lá atá inniu ann ina bhfuil meascán de chuile chineál cloch iontu idir cloch aoil agus eibhir agus tá ceann de na samplaí is fearr againn anseo.  Rinne an ghaoth agus na héin an chuid eile.  Is rí-dhóigh gur thóg sé na mílte bliain sular tháinig cónaí ar na hoileáin. De réir an méid a léigh mé, ba iad na Naoimh an chéad dream ar coinníodh súil orthu.  Iadsan a thug an léann agus an t-eolas.  Aníos leis an gcladach thiar a rinneadar a mbealach.  Bhí eolas maith ag an seandream ar "Chasán na Naomh".  Cuireadh fáilte rompu agus tugadh cluais do gach teagasc a bhí le tabhairt acu. 

Bhí dhá ionad scíthe agus sosa acu anseo ar a mbealach go hÁrainn – Baile na Cille agus an Trá Bháin.  D’fhágadar a gcuid iarsmaí againn mar chruthúnas go rabhadar anseo, i samplaí cloiche.  Ach faraor, chas an taoille ar Caitlicigh nuair a fuair drúis an collaíocht smacht ar an intinn.  Mhair an mhaidhm bhrocach sin na céadta bliain, ach ní raibh fágtha sa deireadh ach an bhruth faoi thír.  Dibríodh agus díshealbhaíodh na Gaeil.  Rinneadar a mbealach siar.  Sin é an fáth díreach go bhfuil chuile chineál sloinne le fáil sna hoileáin.  Lonnaíodar anseo agus d’fhan siad anseo go dtí go dtáinig ocras an "Ghorta Mhóir"  ach arís ba siar a thugadar a dtriall – go Meiriceá. Bhí muintir ha háite seo dhátheangach – sé sin bhí Béarla agus Gaeilge ar a gcomhairle féin acu.  Cóilínteacht is dóigh ba chúis le sin.  Óir gur dhream farraige a bhí agus atá iontu, chuadar in arm agus i gcabhlach Shasana.  I 1654 chuir oifigeach le Cromail "posta faire farraige" suas i bhFoirnis.  Tá an seanfhothrach ann go fóill.  Bhí an ceanncheathrú nó an "Battery" amuigh i Leitir Móir.  Ó shin anuas d’fhan an Béarla ann, ach freisin choinnigh na daoine an Ghaeilge mar bhí sí an–fhóinteach má bhíothas do cheistiú faoi phoitín a bheith i do sheilbh. "No Béarla agam" an freagra seasta.

Ach an oiread le háit, bhánaigh an imirce na hoileáin tráth.  Tar éis an dara cogadh d’imigh na céadta – cuid mhaith nár fhill riamh, ach buíochas le Dia, d’fhill a gclann sa gcaoi go bhfuil fás mór tagtha ar an líon daoine.  Saibhreas thar cuimse dúinn na daoine óga.  Dream foghlamtha, éirimiúil iad atá measctha suas i ngach gné den spóirt.  Tá craobh Mheiriceá tugtha abhaile cúpla uair mhaith ag an hiomróirí.  Tá idir gasúir agus déagóirí tógtha suas le peil.  Arís tabharfaidh tú faoi deara an cúnamh, an chomharsanacht agus an fhoighid atá acu seo le chéile.  Ní ghlacann siad le dailtínteacht ná le graiscíní mímhúinte.  Tá siad dea-mhúinte agus dea-iompar orthu.  Ní hamháin gur creidiúint dá muintir iad, ach is mór an chreidúint don áit iad.  Go gcoinní Dia mar sin iad.

Píosa a scríobh Colm Ó Ceallaigh