|
Cumann Peile Naomh Anna, Leitir Móir |
|
Campa Samhraidh 2004 ar Pháirc a' Mháimín Tháinig slua breá gasúir óga an cheantair amach ar an Máirt, 3 Lúnasa
chun páirt a ghlacadh i gcampa peile a bhí á eagrú ag an gCumann.
Seo é an cúigiú bliain an Cumann ag reáchtáil campa den chineál seo agus is
cinnte go bhfuil éileamh mhór air go fóill i measc ógánaigh na
nOileán. D'fhreastal 95 ógánach ar fad ar champa na bliana seo,
idir na haoiseanna 7 mbliana go dtí 14 agus idir buachaillí agus
cailíní. Bhí Máirtín Breathnach agus Michael Bharry Ó Flatharta
mar stiúrthóirí ar champa na bliana seo agus bhí Fiachra Breathnach,
Cóilín Phaitín Ó Conghaile, Áine Uí Mháille, Gráinne Ní Mháille,
Joanie Bharry Ní Fhlatharta, Colm Ó Conghaile, Patrick Mark Ó Fátharta
agus Pádraig Choilmín Ó Conghaile ag cuidiú leo mar oiliúnóirí.
Bhí an aimsir go maith den chuid is mó, bhí orainn iad a ligean
abhaile uair níos luaithe ar an Déardaoin de bharr na báistí ach bhí
an ghrian le feiceáil go minic ar na laethanta eile. Ag deireadh na
seachtaine bronnadh geansaithe Fleece le suathantas an Chumainn agus
le suathantas An Roinn Gnóthaí
Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar gach duine a ghlac páirt.
Ba mhaith leis an gCumann buíochas a ghlacadh leis An Roinn Gnóthaí
Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a thug cúnamh an campa samhraidh a chur ar
siúl agus le Micheál Ó Conghaile istigh ag Anchor
Safety/Aran Stitch as ucht a chuid tacaíochta chomh maith.
|