Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

DEONTAS AN AIRE 2004

line decor
 
 
 
 

Bhí slua beag i láthair ar Pháirc a' Mháimín ar an Luan, 11 Deireadh Fómhair 2004, chun fáilte a chur roimh an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn Ó Cuív.  Bhí a fhios ag gach a raibh i láthair go raibh an tAire chun fógra a thabhairt ar an méid de dheontas a bhí sé le ceadú chun an tIonad Spóirt a thógáil ar an suíomh in aice na páirce ach ní raibh súil ag aon duine go mbeadh sé chomh flaithiúil agus a bhí.  Bhain sé uspóg as an slua nuair a d'fhógair sé go raibh sé ag ceadú €1.2 milliúin don togra, sin 80% de dheontas.  Ina óráid, dúirt an tAire go raibh an-áthas air deontas den tsuim airgid seo a thabhairt, an deontas is mó dar leis a tugadh riamh i gcnapshuim d'ionad spóirt sa Ghaeltacht.  Dúirt sé go raibh sárphlean curtha le chéile ag an gCumann Peile don ionad seo agus gur áis iontach a bheas ann nuair a bheas sé tógtha. Is cinnte go bhfuil ionad mar seo ag teastáil sa cheantar, a deir sé agus ní raibh aon dabht aige faoi nach mbainfeadh muintir an cheantair ar fad úsáid as.  Rinne sé comhghairdeas le Philomena Ní Fhlatharta as ucht a bheith ar fhoireann Shinsir Ban na Gaillimhe a thug leo Craobh na hÉireann.  Dúirt sé gur ceantar láidir Gaeilge é ceantar na nOileán agus go bhfuil coistí díograiseach ag obair ann.  Ghlac Cathaoirleach an Chumainn, Máirtín Ó Conghaile buíochas ó chroí leis an Aire as ucht an deontas a cheadú agus dúirt Máirtín gur fear é Éamonn Ó Cuív a chuidigh leis an gCumann seo i gcónaí agus go bhfuil an Cumann thar a bheith buíoch agus bródúil as an Aire.  Is ionad don phobal a bheas anseo agus beidh míle fáilte isteach roimh óg agus aosta a deir an cathaoirleach.  Tabharfaidh an tIonad seo deis dúinn an ceantar a chur os comhair na ndaoine agus d'fhéadfadh muid a bheith ag cuimhniú ar imeachtaí ar nós an tOireachtas a thabhairt go dtí na hOileáin sa todhchaí.  Ghlac Máirtín buíochas le chuile dhuine a chuidigh leis an obair seo agus bhí súil go mbeadh toradh maith le feiceáil ar an obair cothrom an ama seo an bhliain seo chugainn. Bhí an Comhairleoir Contae, Connie Ní Fhátharta i láthair chomh maith agus tá an Cumann thar a bheith buíoch di as ucht an cabhair a thug sí le táillí an cead pleanála.

Óráid an Chathaoirleach Éamonn Ó Cuív agus Máirtín Ó Conghaile Lucht féachana Óráid an Aire Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
Máirtín Ó Conghaile agus an tAire Lucht féachana Máirtín Jamsie Ó Flatharta An tAire agus Máirtín Jamsie Filimine Ní Fhlatharta agus an tAire
An tAire agus Filimine Ní Fhlatharta An tAire Éamonn Ó Cuív An tAire agus Filimine Connie Ní Fhátharta Lucht féachana
Baill an Chumainn Baill an Chumainn