Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

MICHAEL MÓR Ó CONGHAILE (1912-1994)

line decor
 
 
 
 

Michael Mór Ó Conghaile

Rugadh Michael Mór Ó Conghaile, nó Michael Phádraig Phatch Anna i gCeapaí Mhághnuis, Tír an Fhia sa bhliain 1912.  Ba é an duine ba shine é do naonúr clainne.  Ar nós go leor de lucht a linne chuaigh sé ar imirce go Sasana ina fhear óg sa bhliain 1935. Ar theacht ar ais dó fuair sé obair mar thiománaí leoraí ag Risteárd Ó Tuathail - fear gnó a bhí i Leitir Móir ag an am.  Bhí siopaí ag Dick ar fud Chonamara, ó Leitir Mealláin go Gaillimh.  Thaistil Michael an tír lena linn ag tarraingt tráchta ag na siopaí ag dul ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath agus go Maigh Eo san áit a raibh siopa freisin ag na Tuathail.   Bhí scéalta iontacha ag Michael faoina chuid taistil, an ganntanas peitril in aimsir an chogaidh, úsáid an gháis sa leoraí, easpa garáistí ar fud na tíre agus ar ndóigh na daoine spéisiúla a chastaí air ar a bhealach.

Phós Michael agus Bríd Ní Fheiliméara as an Trá Bháin sa bhliain 1945 agus thóg siad deichniúr clainne.  Cheannaigh Michael a leoraí féin tar éis pósadh dó agus bhain sé slí maireachtála as an tiomáint ar feadh a shaoil.  Bhí an-suim agus scil aige i gcúrsaí meicnice agus choinnigh sé féin a leoraí deisithe agus cóirithe nuair a bhíodh call leis.

Ba mhór é a spéis agus a shuim i gcúrsaí peile agus i gCumann Lúthchleas Gael riamh.  Ba mhinic é is é ina leaid óg ag imirt peile in éineacht le Michael agus Pat Geoghagan agus le buachaillí óga na háite ar Thrá Dhaighinse nó ar Mhóinín na Trá Báine.  D’imir sé féin agus Josie Joe Ó Laoi agus Ciarán Feistí Ó Fátharta le foireann na mBreathnach tráth den saol agus bhíodh scéalta aige faoi bhus Ferguson a bhíodh á dtabhairt ag na cluichí go hUachtar Ard le linn aimsir an chogaidh mhóir ó 1939-45.

Ba é a mhian i gcónaí páirc cheart imeartha a bheith ag aos óg an cheantair seo. Mar sin in éineacht le ceannródaithe eile cosúil leis an Athair Micheál Ó Flannabhra, a bhí ina shéiplíneach i dTír an Fhia ag an am, Jimmy Rua Mac Cormaic, go ndéana Dia trócaire air, Nioclás Ó Conchubhair, Pádraig Ó hUallacháin agus daoine eile, bunaíodh Cumann Peile Naomh Anna i 1964.  Is iomaí cur agus cúiteamh a rinneadh ar obair agus ar phleananna an Chumainn i dteach Mhichael Mór sna blianta tosaigh sin.  Bheartaigh an Cumann forbairt a dhéanamh ar Chorra an Mháimín mar pháirc peile chaighdeánach.  Le cabhair deontas éagsúil agus obair dheonach mhuintir na háite, tógadh páirc le stró agus anró.  Bhí Michael ina Chathaoirleach ar an gCumann nuair a d’oscail an pháirc go hoifigiúil i 1974.  Bhí a chroí agus a anam in obair an Chumainn agus chuir sé as go mór dó nuair a b’éigean do go leor imreoirí an Chumainn dul ar imirce sna seachtóidí – a chlann mhac féin ina measc.

Tá obair an Chumainn imithe ó neart go neart ó spreag Michael agus a chuid comhghleacaithe an fód dearg a chur in uachtar ar Chorra an Mháimín agus ar Chnocáinín Dan. Tá an Spórtlann ainmnithe i ndiaidh Mhichael.

Scríofa ag Máire Uí Ráinne, Trá Bhán (Iníon le Michael Mór)