Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

AG TÓGÁIL AN SPÓRTLANN

line decor
 
 
 
 

Tar éis do Chumann Peile Naomh Anna Leitir Móir, Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil in 2002, b’ábhar mórtais agus bróid é do gach duine a raibh baint acu leis an ócáid, chomh maith agus a d’éirigh leis an deireadh seachtaine.  Thug sé spreagadh agus misneach do choiste agus do bhaill an Chumainn.  Thug siad faoi deara an tionchar a bhí ag an ócáid ar an gceantar uile.  Thuig an Cumann Peile i gcónaí an tábhacht a bhí le peil sa cheantar.  Thuig sé níos mó ná riamh tar éis an chomórtais an riachtanas a bhí le roghanna eile caithimh aimsire. As sin a tháinig an bhrionglóid ‘Spórtlann Chumann Peile Naomh Anna’.

Go gairid ina dhiaidh sin cuireadh ar chlár imeachtaí an Chumainn, Ionad Spóirt a thógáil ag Páirc an Mháimín.  Pléadh roghanna éagsúla.  Fostaíodh Conor Hayes Consulting Engineers/Martin Buckley & Associates agus aontaíodh ar fhoirgneamh ina mbeadh Halla Spóirt, Giomnáisiam, Seomra Cluichí, Seomra Gaile/Sauna agus riachtanais eile.  Chuir an Cumann Peile na pleananna os comhair an phobail agus bhí siad an-tógtha leo.  Ní bheadh gá níos mó bheith ag déanamh aistear fada chun do rogha spóirt a chleachtadh.

Fuarthas an cead pleanála agus an teastas slándála tine a bhí riachtanach agus cuireadh meastachán €1,500,000 ar an bhfoirgneamh a thógáil i dtús na bliana 2004.  Fuair an Cumann Peile deontas €1,200,000 ón Aire Éamon Ó Cuív agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.  Chuir an tAire agus a Roinn €527,000 airgead breise leis sin chun an foirgneamh a chríochnú agus a fheistiú amach.  Bhí ar an gCumann Peile a sciar féin den airgead a bhailiú agus rinneadh é trí dhá chrannchur áitiúla a reáchtáil.  Rinneadh brabach €139,000 ar an dá chrannchur le chéile.  De bharr obair bhreise, boilsciú tógála agus go speisialta costas trealamh nach raibh san áireamh i dtús ama, d’ardaigh an costas iomlán go €2,100,000 faoin mbliain 2006.  Úsáideadh airgead Lotto an Chumainn freisin chun an foirgneamh a thógáil.  Fuair an Cumann Peile $100,000 ón iarpheileadóir, Michael Mhichael Mhóir agus b’iontach an chabhair é sin don Chumann.

Fochoiste Tógála
Rinne an Cumann Peile cinneadh ansin an foirgneamh a thógáil é féin, seachas an obair a thabhairt do chonraitheoir.  Roghnaíodh an fochoiste tógála seo a leanas chun breathnú i ndiaidh na hoibre tógála: Pádraig Ó Conghaile (Cathaoirleach), Stiofán Ó Flatharta (Rúnaí), Máirtín Breathnach, Cóil Ó Ceallaigh, Pádraig Ó hEidhin & Seosamh Ó Flatharta.  Fostaíodh Cóilín Ó hÓgáin as an Trá Bháin le bheith mar shaoiste ar an tógáil agus thosaigh an obair ar an suíomh ar an 11 Aibreán 2005.  Tríd an bhfochoiste, rinneadh léaráidí agus fuarthas praghsanna ar gach gné den obair.  Lean an obair ar aghaidh go hiontach sásúil faoi na fochoistí éagsúla agus príomhchoiste an Chumainn.

Fochoiste Airgid
Chun cúrsaí airgid a láimhseáil, roghnaíodh an fochoiste seo a leanas, Cáit Mhic Dhonncha, Gearóid Ó Cualáin, Pádraig Ó Conghaile, Sibéal Bhreathnach, Micheál Ó Súilleabháin, Sarah Uí Chéide, Dennis Mac Uidhir, Colm a’ Doirín Mac Donncha, Tomás Ó Flatharta, Cóil Ó Ceallaigh & Tony Ó Laoi.  Rinne an fochoiste seo obair mhór ó thaobh reáchtáil na gcrannchur.

Fochoiste Riaracháin & Bainistíochta
Is iad seo leanas na daoine atá ar an bhfochoiste seo chun cúrsaí riaracháin agus bainistiú an Ionaid a láimhseáil - Máirtín Ó Conghaile, Cáit Mhic Dhonncha, Bríd Nic Dhonncha, Michael Bharry Ó Flatharta, Philomena Ní Fhlatharta, Gearóid Ó Cualáin & Máirtín Ó Meachair.  Rinne an fochoiste seo cuid mhaith taighde ar reáchtáil Ionaid Spóirt sa chontae agus taobh amuigh den chontae agus tháinig siad ar aghaidh le plean riaracháin agus bainistíochta.

Na Scéimeanna S.F.P. & S.S.T.
Baineadh leas maith as na scéimeanna fostaíochta áitiúla a bhí á reáchtáil sa cheantar faoi scáth Mhuintearas na nOileán agus Chomhairle Ceantar na nOileán.  Bhí na daoine seo a leanas ag obair ar an bhfoirgneamh agus obair suímh faoi scáth na Scéime Sóisialta Tuaithe agus faoi shaoistíocht Shéamuis Uí Ráinne: Cóilín Phaeitín Ó Conghaile, Máirtín Breathnach, Cóil Ó Standúin, Beartla Mac an Rí, Máirtín Mhichael Ó Lochlainn, Páraic Pháraic Neidín Mac Donncha, Liam Willie Ó Máille, Máirtín Ó Briain, Seán Ó Ráinne, Seosamh Ó Cuanaigh, Seosamh Ó Conghaile, Colm MacDonncha, Colm Ó Ceallaigh & Tomás Ó Cualáin.

D’oibrigh Síle Mhic Dhonnchadha, Cóilín John Bhaibín Seoige & Máirtín Ellie Ó Flatharta ar an bhfoirgneamh faoi scáth Mhuintearas na nOileán agus Helen Uí Dhunáird.  D’oibrigh Colm Ó Conghaile, Cóil Phat Mhyle, Ciarán Ó Flatharta, Ferdia Breathnach, Seán Ó Tuathail agus Máirtín Ó Loingsigh ar an Ionad chomh maith.

Na Fochonraitheoirí
Is iad seo leanas na fochonraitheoirí a bhí ar an suíomh i rith na hoibre tógála: Johnny Lee & Kevin O Hara - Innealra. Ryan St. Steel, Western Décor (Peadar Peircín / Daithí Mac Donncha) Rowland Roofing, Blocadóirí - Páraic Mac an Rí agus a chriú (Nicky Ó Curraoin, Ciarán Ó Maoilchiaráin, Máirtín Mac an Rí, PJ Ó Conghaile, Breandán Ó Loingsigh, Antoine Ó Gríofa.), Concept Scaffolding, Brandon Agencies, Season Masters, Pláistéirí Flacor, Oran Precast, Urláir agus obair éagsúil – Johnny Lee, John Chóilín Saile & Síomón Ó Curraoin.  Meicneoir - Páraic Mac Cluscaí, Leictreoir - Quick Electrical, Hi-Tech, Michael Cawe, Pat Larkin - Tíleáil, M. J. Burke, A.A.S.L. Acoustics, Aaran Lifts, Siúinéirí -Páraic Ó Ceallaigh, Páraic Ó hEidhin & Tomás Ó Gríofa,  Wogan Flooring, Galway Stainless Steel, Bord na Móna, Pura-Flo- An Córas Eisilteach, Ken Carr, Croke Concrete, Nightguard, Sign Here, R.M.S.- Marcáil línte.

Soláthraithe
Seo a leanas an dream a chuir trealamh agus soláthar ar fáil don fhoirgneamh. Nioclás Ó Conchubhair, Ican Technology, Hole Master, Highway Testing Lab., Barna Waste, James Mc Donagh, Ivors, Carlow Precast Tanks Ltd., Morenet, Marcus Ó Conghaile, Architectural Hardware Ltd., Comhlacht Adhmad Teo., Casla, Pádraic Mac Donncha, Trade Kitchens, Lackagh Group, Caulfield Ind. Ltd., Glynns Hardware, Western Hygiene Supplies Ltd., Michael Long Haulage, Mc Donagh DIY & Building Supplies, Statoil, Ballydangan Agri-Supplies Ltd., Tigh Phlunkett, Pádraic Folan Engineering, Anchor Safety, Mac Rental, Joe Burke Consulting Eng. Ltd., Tripart Ltd., Seala Teo., E.S.B. Networks, Agatha Mitchell Ltd., O’Higgins Homevalue, Oliver Cunningham Paint Rite Ltd., CPH Plant Hire, Sam Hire, Socos Teo., Seán Lydon, Eircom, Gaelic Telecom, Comhairle Contae na Gaillimhe, Physique Ireland, Corrib Fire Security, Patrick Reaney / Ken Carr (Córas Fuaime) agus Douglas Clancy SP Sports.

Ba mhaith leis an gCumann Peile aitheantas a thabhairt d’oifigigh agus do choistí an Chumainn a d’oibrigh agus a threoraigh cúrsaí i rith obair thógála an Ionaid.

Coiste 2005
Tomás Mac Eochagáin (Uachtarán) Máirtín Ó Conghaile (Cathaoirleach), Ciarán Ó Fátharta (Leas-Chathaoirleach), Cáit Mhic Dhonnacha (Cisteoir), Gerry Stiofáin Ó Cualáin (Leas-Chisteoir), Máirtín Ó Meachair (Rúnaí), Pádraig Ó Ráighne (Rúnaí Cúnta & O.C.P.)

Coiste Gnó
Philomena Ní Fhlatharta, Cóilín Phaitín Ó Conghaile, Máirtín Breathnach, Seán Ó Murchú, Colm a’ Doirín Mac Donncha, Stiofán Ó Flatharta, Cóil Ó Ceallaigh, Dennis Mac Uidhir, Pádraig Ó Conghaile, Tony Ó Laoi, Áine Uí Mháille, Pádraig Ó hEidhin, Sarah Uí Chéide, Seosamh Ó Flatharta.

Coiste 2006
Tomás Mac Eochagáin (Uachtarán), Michael Tom Ó Cualáin (Leas-Uachtarán), Máirtín Ó Conghaile (Cathaoirleach), Sarah Uí Chéide (Leas-Chathaoirleach), Máirtín Ó Meachair (Rúnaí), Pádraig Ó Ráighne (Leas-Rúnaí & O.C.P.), Cáit Mhic Dhonnacha (Cisteoir), Gerry Stiofáin Ó Cualáin (Leas-Chisteoir), Patrick Stephen Ó Flatharta (Oifigeach Óige), Michael Bharry Ó Flatharta (Oifigeach Gaeilge), Tony Ó Laoi (Oifigeach Oiliúna).

An Coiste Gnó
Philomena Ní Fhlatharta, Cóilín Phaitín Ó Conghaile, Máirtín Breathnach, Colm a’ Doirín Mac Donncha, Stiofán Ó Flatharta, Cóil Ó Ceallaigh, Dennis Mac Uidhir, Pádraig Ó Conghaile, Áine Uí Mháille, Pádraig Ó hEidhin, Peadar Ó Súilleabháin, Bríd Nic Dhonncha, & Ciarán Ó Fátharta.

Coiste 2007
Tomás Mac Eochagáin (Uachtarán), Michael Tom Ó Cualáin (Leas-Uachtarán), Máirtín Ó Conghaile (Cathaoirleach), Sarah Uí Chéide (Leas-Chathaoirleach), Máirtín Ó Meachair (Rúnaí), Pádraig Ó Ráighne (Leas-Rúnaí & O.C.P.), Gerry Stiofáin Ó Cualáin (Cisteoir), Bríd Nic Dhonncha (Leas-Chisteoir), Michael Bharry Ó Flatharta (O.C.P. & Oifigeach Gaeilge), Patrick Stephen Ó Flatharta (Oifigeach Óige), Philomena Ní Fhlatharta & Cóil Ó Ceallaigh (Oifigigh Oiliúna).

An Coiste Gnó
Cóilín Phaitín Ó Conghaile, Máirtín Breathnach, Colm a’ Doirín Mac Donncha, Stiofán Ó Flatharta, Sibéal Bhreathnach, Pádraig Ó Conghaile, Áine Uí Mháille, Pádraig Ó hEidhin, Joe Thomas Ó Flatharta, Cáit Mhic Dhonncha, Peadar Ó Súilleabháin & Tony Ó Laoi.

Tá an tIonad ainmnithe in onóir Mhichael Mhóir Ó Conghaile.  Tá ár mbuíochas ag dul do na ceannródaithe uile a d’fhág an oidhreacht againn nuair a bunaíodh an Cumann Peile i 1964.  Tá muid mar ghrúpa ag cur leis an oidhreacht sin agus muid ag oscailt an Ionaid seo go hoifigiúil ar an 9 Meitheamh 2007.