Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

DINNÉAR BLIANTÚIL 2005

line decor
 
 
 
 

Den chéad uair riamh bhí an dinnéar bliantúil againn i dTeach a' DaingeanTigh Darby mar atá aithne ag daoine go háitiúil air go fóill.  Bhí 160 duine i láthair nuair a déanadh ceiliúradh ar bhua iontach Fhoireann na mBan, a bhain amach Craobh Sóisir an Chontae lena mbua ar Bhaile an Mhuilinn agus chomh maith leis sin an fhoireann Sóisir C a bhuaigh Sraith an Iarthair lena mbua ar an gCeathrú Rua.  Ceann de na rudaí is suntasaí a bhí le tabhairt faoi deara i mbliana ná an méid daoine óga a tháinig amach ag an ócáid.  Is iad an dream óg a rinne an-oíche go deo di, lena gcraic agus lena ndamhsa.  

Ar na haíonna speisialta a bhí i láthair bhí ár seanchara, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn Ó Cuív, bhí peileadóir an Chontae Micheál Ó Míocháin, bhí Rúnaí Choiste Peile an Chontae Seán de Paor agus a bhean chéile Breda, bhí Cathaoirleach Choiste Peile an Iarthair, Pádraig Mac Suibhne agus a bhean chéile Úna, bhí Cathaoirleach Choiste Ban na Gaillimhe Benny Fahy agus a pháirtnéir Breda Donaghue.  Déanadh bronnadh ar bhaill an Chumainn a bhain clú agus cáil amach ar fhoirne na Gaillimhe i 2005:- Filimine Ní Fhlatharta (Craobh Sinsir Chonnachta), Fiachra Breathnach (Craobh Faoi 21 na hÉireann agus Craobh Chonnachta), Patrick Mark Ó Fátharta agus Antoine 'Toto' Ó Gríofa (cluiche ceannais Tedd Webb Faoi 16), Sarah Ní Loingsigh (Sraith Chonnachta Faoi 14) agus Clíodhna Ní Cheallaigh (Sraith Chonnachta Faoi 12).

Bronnadh na gradam seo a leanas: Fionn Ó Céide (Faoi 12), Aonghus Ó Fátharta  (Faoi 13), Seosaimhín Ní Chonghaile  (Cailíní Faoi 14), Seosaimhín Ní Chonghaile (Cailíní Faoi 14), Michael Daniel Ó Domhnaill  (Faoi 14),  Éanna Ó Catháin  (Faoi 15), Sorcha Ní Loingsigh (Cailíní Faoi 16), Pádraig Ó Máille (Faoi 16), Aonghus Ó Laoi (Faoi 17), Seosamh Ó Ceallaigh (Mionúir), Colm Ó Confhaola  (Faoi 21), Myle Seoighe (Sóisear C), Peadar Peircín (Sóisear A), Filimine Ní Fhlatharta (Na mná), Pádraig Eoin Ó Céide (Idirmheánach), Cóilín Phateen Ó Confhaola (Corn Chuimhneacháin Mhichael Mór) agus Cáit Mhic Dhonnacha (Pearsa na Bliana).

Bhí ceol ann le Keystrings.

1-cupain 1-coiste_dinnear 4-coiste 12-cait_coilin 14-cliodhna_eamon
15-caomhan 16-clannchiarainphat 17-clannchoilinphateen 18-eanna_mikemeehan 19-faoiaois_aire
10-meehan_colmtan 11-aonghus_patrickmark 20-imreoiri_contae2005 3-aonghus_joe 22-maher_aire
23-johnpower 24-marie_feeney 25-maher_caitin 26-meehan_nabreathnaigh 27-padraigeoin_caomhan_colm
28-sarah_tanya 29-soisearc 13-clanntonylee 30-toto_patrickmark 31-tony_joejoe
32-thomas_mairin 33-breathnach_kelly 34-ceamara 35-ciaran_stiofan 36-clannchiarainchoil
37-colmtan 39-eanna_michaeld 2-cliodhna_seosaimhin 40-fionn 41-keystrings
5-eanna_aonghus 7-fionn_padraigeoin 8-imreoiri_mna 9-liz_leads 6-fiachra_meehan
47-margaretmaher 48-marie_damhsa 49-marychiarain 21-david_stiofan 50-michaelgerard
51-micheal_coilin 52-mna_tuairin 46-mairead_mary 54-pjbhab 55-pjfoley
56-seainin_helen 57-sinead_filimine 58-slua 59-triona 42-coil_caitin
60-sinead_marie 61-micheallee 62-ailbhe_sinead 63-ann_david 64-benny_kelly
65-caomhan_mairin 66-loideain 67-coilin_mairead 68-damhsa 69-philomenas
70-cluichedamhsa 71-mary_antoine_mag 72-antoinephat 73-eanna_belt 74-peadarpeircin
53-philomena_aonghus 75-philomena 43-coilinban 44-delia 45-filly
Cóilín & Tina Delia Aoife & Jamie Máire & Bríd Cóilín & Nóra
Marcus & Marie Marie & Cóil Marie & Eileen Philly & Criostóir Nóra & Máirín
Toto agus Philly Mná Sóisear