Bhí 300 duine i láthair ag Dinnéar Bliantúil an Chumainn a bhí ar siúl ar an Satharn, 29 Samhain, sa Spórtlann. Ba iad foirne na bliana 1964, an chéad fhoireann a chuaigh chun páirce ar son Naomh Anna, na haíonna speisialta a bhí ag an Dinnéar. Chomh maith leis sin d'fhreastail aíonna eile ar an ócáid, ina measc Cathaoirleach Choiste C.L.G. Chontae na Gaillimhe,
Nollaig Ó Treasaigh, Cathaoirleach Choiste Peile an Chontae agus iar-oifigeach de chuid an Chumainn seo,
Tadhg Ó Conghaile atá anois ina chónaí ar an Spidéal, Cathaoirleach Choiste an Iarthair,
Máirtín Ó Curraoin agus Rúnaí an Choiste sin,
John Connolly, na Teachtaí Dála
Seán Kyne agus
Éamon Ó Cuív, an Comhairleoir Contae agus iar-pheileadóir Naomh Anna,
Seosamh Ó Laoi.
Bronnadh gradaim Imreoirí na Bliana sna grádanna éagsúla ó na Mionúir suas, chomh maith le Pearsa na Bliana agus Corn Cuimhneacháin Mhichael Mór Ó Conghaile. Bronnadh pictiúir speisialta ar na himreoirí ar fad a bhí ar an gcéad fhoireann i 1964 agus ba é Nioclás Ó Conchubhair, fear a bhí ar an bhfoireann sin, a rinne urraíocht orthu..
Is é Patrick Phádraig Mhichael Choilmín Mac Donnacha agus a fhoireann a chuir an béile blasta chun boird agus bhí ceol ann le John Beag Ó Flatharta, Ann Marie agus Martin Joe. Is í Aoife Ní Churraoin ó Tigh Khitt i gCasla a bhí i gceannas ar an mbeár agus bhí oíche go maidin ann.