Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA 1975

line decor
 
 
 
 

 

Tánáistí Chomórtas Peile na Gaeltachta na Bliana 1975

Ní mórán duine a thug seans na ngrást d’fhoireann sóisear Naomh Anna Leitir Móir an tráthnóna ar imir siad in aghaidh Mhaigh Cuilinn i gcluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta ar Pháirc an Chathánaigh ar an gCeathrú Rua sa bhliain 1975.  Ní mórán seans a bhí le tabhairt dóibh ar aon chaoi, mar gheall gur foireann sinsear a bhí ag Maigh Cuilinn agus imreoirí móra le rá ag an am ag imirt dóibh.  Bhí duais ollmhór le fáil ag na buaiteoirí ionadaíocht a dhéanamh thar cheann Chonamara ag craobh náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta i nGaoth Dobhair. 

Ba é Tomás Ó Gríofá (Tom Pheadair) an captaen a bhí ar an bhfoireann a thug aghaidh ar Mhaigh Cuilinn agus tar éis na hóráide a thug sé roimh thús an chluiche…. bhuel ní fhéadfadh aon toradh eile a bheith ar an gcluiche ach bua do leads na nOileán ….dhá phointe a bhí ann ag deireadh ach bhí sé chomh maith le dhá scór….bhí éacht déanta ag club beag le foireann sóisear agus craobh Chonamara de Chomórtas Peile na Gaeltachta buaite acu den chéad uair i saol an chumainn.  Bhí agus tá, caint fós ar an éacht sin i gcúrsaí peile i gceantar na nOileán. 

Thug an fhoireann aghaidh ar Ghaoth Dobhair agus gan a fhios acu céard a bhí amach rompu, bhí roinnt deacrachtaí le himreoirí nach raibh in ann taisteal, bhí roinnt imreoirí gortaithe agus bhí mar a b’iondúil ag an am, roinnt eile fós imithe ar imirce ón am ar bhuaigh an fhoireann Craobh Chonamara.  Níor chríochnaigh na deacrachtaí ansin …an tráthnóna Aoine a raibh an fhoireann ag taisteal ó thuaidh, chlis ceann de na carranna cúpla míle amach as Baile Dhún na nGall agus é ag éirí déanach go maith sa tráthnóna.  Mar a tharla bhí carr eile a bhí sách déanach ag fágáil na Gaillimhe le theacht an bealach fós….”Hire Out” a bhí ag Johnny Phateen Phatch …. tháinig sé sa deireadh agus ceathrar eile imreoirí sa gcarr leis.  Déanadh chuile iarracht caoi a chur ar an gcarr briste, ach chinn ar an iarracht, theastaigh páirteanna agus gan aon áit oscailte le go mbeadh siad le fáil. 

Ní raibh ach dhá rogha ann… fanacht ar thaobh an bhóthair agus dul ar an ordóg nó gach duine dul isteach sa “Hire Out”.  Tógadh an dara rogha agus chuaigh naonúr isteach i gcarr amháin agus thosaigh ar an aistear go Gaoth Dobhair a chríochnú.  Ba mhíchompordach an t-aistir é agus ba mheasa ná sin é agus an lot i lagar leis an ocras. Bhí buidéal fuisce ag duine éigin agus le teann ocrais, thosaigh siad á ól.  Faoin am ar leandáil siad i nGaoth Dobhair, bhí an chuid a bhí an-óg ag an am agus nach raibh aon chleachtadh acu ar fuisce ná dada eile mar é, sách bocaithe agus fós ocrach agus é ag tarraingt ar an dó a chlog ar maidin. Tugadh chuig teach lóistín bhean Uí Ghallchóir iad, céard eile i nGaoth Dobhair ar ndóigh agus má tugadh féin ba mhaith agus ba chóir í ag cur síos an tae, leag sí ceapairí agus riar cácaí de chuile chineál ar bord agus baineadh an t-ocras agus an t-ól den naonúr in imeacht chúig nóiméad.  Ba mhaith mar a chodail siad an oíche sin.

Ar pháirc na himeartha ar an Satharn, chas Naomh Anna le Baile Ghib as Contae na Mí, arís ní mórán seans a tugadh dóibh, ach tar éis óráid Tom Pheadair, chuaigh siad céim eile chun cinn agus bhuaigh ar na leads lártíre sa deireadh thiar.  Thóg an fhoireann go deas bog é an chuid eile den lá agus dhírigh a n-aird ar an gcluiche leathcheannais agus ar fhoireann láidir na nAghasach as Ciarraí.  Imríodh an cluiche sin ar an Domhnach agus pé seans a bhí faighte ag an bhfoireann go dtí seo, ní raibh aon duine ag tabhairt saol fata i mbéal muice dóibh in aghaidh Chiarraí, ach arís óráid bhreá eile ón gcaptaen, cúlaithe a bhí crua docht lárpáirce a bhí thar cionn agus tosaithe den scoth.  Tar éis ardchluiche, bhuaigh an fhoireann sóisear seo as ceantar na nOileán le dhá phointe 1-6 in aghaidh 0-7.

Faoin am seo, tar éis dhá chluiche crua, bhí an painéal spíonta go maith, cuid acu gortaithe agus gach seans ann nach mbeadh siad in ann dul chun páirce an lá dar gcionn sa chluiche ceannais.  Rinne Nioclás Ó Conchubhair, a bhí mar bhainisteoir, mar rúnaí agus mar imreoir freisin, agallamh ar Raidió na Gaeltachta tar éis an cluiche leathcheannais agus d’iarr sé ar aon pheileadóir a bhí in ann bróga peile a chuir air féin iarracht a dhéanamh teacht chomh fada le Machaire Gathláin i gcomhair an lae dar gcionn. Tharla sé go raibh Seáinín Phateen Mháirtín, a bhean Deirdre agus Antoine Lee ag éisteacht leis an agallamh agus shocraigh siad dul ar thóir roinnt peileadóirí a bheadh in ann taisteal.  Fuair siad iad agus roimh bhreacadh an lae, thosaigh Antaine Lee ag tiomáint go Gaoth Dobhair agus Seáinín agus Deirdre, Pádraig Josie Joe Rua, Máirtín Breathnach agus Pat Choilimín Ó Conghaile sa veain aige.

Tharla sé gurb iad an fhoireann baile, Gaoth Dobhair agus foireann Bhaile Mhúirne a chas ar a chéile sa gcluiche leathcheannais eile, tharla achrann éigin eatarthu faoi rud éigin nach raibh aon eolas againn air agus nár bhain linn go díreach, ach amháin gur ceann acu a bheadh linn sa gcluiche ceannais.  Bhí scéalta ag dul thart go raibh an dá fhoireann caite amach as an gcomórtas agus go raibh an corn le bronnadh ar Leitir Móir, ach ní raibh leads Chonamara leath chomh seafóideach agus go gcreidfeadh siad scéalta mar sin, go mór mór agus an fhoireann baile, dream a raibh fíor-réiteach déanta acu in eagrú an chomórtais, sáite san aighneas.  Bhí cruinnithe ann san oíche Dé Domhnaigh agus arís ar maidin Dé Luain ag iarraidh réiteach a fháil ar an aighneas.  Cuireadh siar am an chluiche ceannais faoi dhó agus bhí muintir Chonamara tamaill an-fhada ag fanacht le himirt sa gcluiche ceannais.  Sa deireadh thiar, siad Gaoth Dobhair a chuaigh chun cinn agus bhí sé sách déanach tráthnóna Dé Luain nuair a thosaigh an cluiche ceannais céanna.

Bhí sé ina stoirm críochnaithe ceart agus má bhí an t-ádh ar Naomh Anna go dtí seo i gcomórtas na bliana 1975 … tháinig deireadh tobann leis nuair a bhuaigh Gaoth Dobhair an Toss agus bheartaigh imirt leis an ngaoth fíor-láidir …ba é sin ‘curtains’… bhuaigh foireann láidir Ghaoth Dobhair an cluiche go héasca.  Ní raibh óráid Tom Pheadair féin in ann an fhoireann a spreagadh chun imeartha, agus ní dheachaigh dada ceart ó thús deireadh, ach mar sin féin, bhí éacht déanta ag foireann sóisear as Conamara agus dul chomh fada leis an gcluiche ceannais.  Sé an feall nár tugadh an t-aitheantas sin dóibh ó shin i leith. Ní móide gur cheap aon duine dada faoi ag an am, ach cuireann sé as go mór do dhaoine, go mór mór cuid de na himreoirí a d’imir sa chraobh ceannais, nuair a fheiceann siad ainm na dtánaistí eile uilig scríofa síos le hais na mbuaiteoirí síos tríd na blianta

Níltear in ann méir a shíneadh i dtreo aon dream ná aon duine ar leith faoin gcúis a bhí leis, bíodh méir le síneadh nó ná bíodh.  Taobh amuigh den méid sin, gan ainm na foirne a bheith luaite mar thánaistí, fuair muid chuile rud eile a bhí ag imeacht, breathnaíodh ina ndiaidh go maith i nGaoth Dobhair agus fuair muid cuireadh chuig Baile Mhúirne a imirt i bpáirc an Chrócaigh le linn cluichí an Oireachtais a bhíodh á n-imirt ag an am.  Ghlac an Cumann leis an gcuireadh sin go fonnmhar agus beidh sé go deo le rá ag foireann Naomh Anna na bliana 1975 gur imir siad i bpáirc cháiliúil Pháirc an Chrócaigh.  Bhuaigh Baile Mhúirne an cluiche…ach ba sásta iad leads Chonamara ag dul abhaile agus fios ag cuid mhaith acu nach mbeadh seans go deo arís acu imirt i gceannáras.  Cé gur bhuaigh beirt a bhí ag imirt don fhoireann sin i 1975,  Pádraig Ó Conaire as Tír an Fhia agus Ciarán Ó Fátharta as An Máimín bonn Uile-Éireann le mionúir na Gaillimhe an bhliain dár gcionn.

Níl anseo ach píosa beag de chuid den stair a bhain le Comórtas Peile na Gaeltachta na bliana 1975, bhí eachtraí eile ann is dóigh, a scéal le hinsint ag chuile fhoireann agus ag chuile dhuine a bhí páirteach ann.  Ó thaobh Chumann Peile Naomh Anna, bhí muid ann, chuaigh muid chomh fada leis an gcluiche ceannais, bhain muid an-spraoi agus an-spórt go deo as agus bhí foireann maith againn a d’oscail an bealach d’fhoirne eile a tháinig ina ndiaidh.  Rinne an fhoireann stair ag imirt i bPáirc an Chrócaigh, ní raibh air ach locht beag amháin agus sin nach tugadh an t-aitheantas iomlán don fhoireann, an t-aitheantas a bhí ag dul dóibh.  Deirtear nach gcuimhníonn aon duine ar an bhfoireann a chailleann an cluiche ceannais agus is fíor é is dóigh, ach is deas an rud aitheantas a thabhairt dóibh mar sin féin agus an stair á scríobh.  Bhí baint ollmhór ag foireann Naomh Anna 1975 le stair Chomórtas Peile na Gaeltachta na bliana sin agus is cuma cén chaoi a fhéachann tú air, siad an fhoireann sin a bhí ag Naomh Anna Leitir Móir i gcluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i 1975…tánáistí na bliana sin…  An fhoireann a d'imir i nGaoth Dobhair.

 Píosa a scríobh Ciarán Ó Fátharta, a d'imir ar an bhfoireann sin