D'imir Cóilín Mac
Donnchadha peil ar fhoireann sinsir na Gaillimhe sna seascaidí agus
bhain sé Craobh na hÉireann amach i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann
ar Pháirc an Chrócaigh 1966 nuair a d'imir Gaillimh in aghaidh
Chiarraí. Ba as an Droim,
Leitir Móir Cóilín ach d'fhág sé
an ceantar nuair a bhí sé tuairim is cheithre bliana déag d'aois. D'imir agus bhuail Cóilín neart báire le buachaillí an
cheantair agus é ag éirí aníos sa Droim agus chuir sé bláth ar a
chuid scileanna peile ina dhiaidh sin i gColáiste Mhuire, Gaillimh.
Seo cuntas a thug Cóilín
do dhaltaí Scoil Náisiúnta Rónáin na Trá Báine i 1984 ar a óige i
gCeantar na nOileán.
"Ní raibh mé ach thart
ar thrí bliana d'aois nuair a chuaigh mo mhuintir chun cónaí sa teach mór
ar an Droim. 'Residence an Mháistir' mar a thugtaí ar an t-am
sin. Bhí suim agamsa sa bpeil ó bhí mé i mo naoínán. Chloisinn m'athair agus m'uncail Pat ag cur síos ar na cluichí
agus ar pheileadóirí na linne sin.
An chéad chuimhne atá agamsa
ar chiceáil liathróide ná an t-am a mbíodh ranganna siúinéireachta
ag Miko Sally sa Halla i dTír an Fhia. Is minic a thagadh sé isteach le cupán tae te a ól agus bhíodh
sé ag cur iachall orm an liathróid a chur thar an mbord sa gcistineach
le cic. Is iomaí mug breá a
chuir mé in aer den bhord agus is iomaí leidhce faoi gcluais a fuair mé
mar gheall air.
Is iomaí cluiche crua a d'imríomar
i gclós na scoile agus is iomaí argóint agus achrann a tharraing na
cluichí céanna. Taobh
amuigh de sin ba sa ngarraí ó dheas den teach mór a himríodh an chuid
eile de chluichí an bhaile.
Dhéantaí roinnt mhaith
cleachtadh peile ar an tsráid ag tigh Joe Mhóir freisin agus go
deimhin b'iad na leaids a bhíodh ag obair ansiúd a thug isteach
scileanna na peile againn. Is
cuimhin liom Packie Casey ag baint de a léine agus a bhríste tar
éis ceann de na cleachtaí úd agus
dá níochán amuigh sa loch.
Bhí roinnt mhaith buachaillí
ansin an t-am úd a bhí aclaí go maith. Leaids mar Seáinín John Chóilín, Máirtín Tom, Clann
Shéamuis Jimmy, go mór mór Pádraig (an-pheileadóir) agus
go leor eile.
An bheirt ba mhó a raibh
tionchar acu ormsa (taobh amuigh de m'athair féin) ná Máirtín Ó Márta agus Joe Joe. Bhíodh an Mártach ag imirt i lár na páirce le
foireann Mhicheál Breathnach an tráth sin. Maidir le Joe Joe chaith sé
uaireanta fada ag múineadh dom le peil a bhualadh leis an dá chois agus
leis an 'drop-kick' a bhualadh leis an dá chois freisin. Bhí peileadóirí níos fearr fós sa Trá Bháin an t-am sin agus
b'iondúil gur thíos ar an trá a d'imrídís siúd a gcuid cluichí.
Maidir leis na daoine fásta,
Páirc an Mháimín b'ionad an chomórtais dóibh siúd. Is iomaí peileadóir breá a d'imir ar an bpáirc sin thar na
mblianta. D'fhág mise an
Droim sula raibh mé cheithre bliana déag d'aois. Thug mé tréith na peile liom agus an rud is mó a chuir áthas ar
mo chroí ná go raibh mé in ann filleadh ar mo mhuintir seacht mbliana
ina dhiaidh sin leis an Sam Maguire i 1966. Tá súil agam nach fada uainn an lá go mbeidh fear eile as an áit
ag tabhairt an choirn ar ais. Tá
mé cinnte go dtiocfaidh an lá sin freisin.
Beannacht ó Chóilín
Deireadh Fómhair 1984
|