Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

CIARÁN Ó FÁTHARTA

line decor
 
 
 
 

Rugadh Ciarán Ó Fátharta ar an ú lá de Mheitheamh 1958 agus bhí cónaí air sa Mháimín.  Fuair sé a chuid oideachas sa scoil náisiúnta i dTír an Fhia agus ina dhiaidh sin i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua.  Tá sé pósta le Áine Lucia Nic Dhonnacha agus tá triúir gasúir acu, Feithín, Muireann agus Finian. Tá cónaí orthu i gCuilleáin ar an gCeathrú Rua. Tá Ciarán ag obair mar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla.

Tá saol fada caite ag Ciarán le Naomh Anna, mar pheileadóir, mar oifigeach agus mar bhainisteoir. Tá seirbhís iontach tugtha don chontae aige chomh maith, ag imirt agus ag bainistiú foirne. D'imir sé mar lánchúlaí ar chlé ar fhoireann mionúir na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Mionúir na hÉireann i 1976 agus deich mbliana ina dhiadh sin, bhí sé mar roghnóir ar fhoireann mionúir na Gaillimhe a thug leo Craobh na hÉireann i 1986. Ina dhiaidh sin bhí sé mar roghnóir ar fhoireann Sinsir na Gaillimhe nuair a bhí Peter Forde ina bhainisteoir. Chomh maith leis an Chraobh Mionúir i 1976, bhuaigh sé Craobh na hÉireann le Sóisear na Gaillimhe i 1985.

Is bliain iontach a bhí i 1976 d’fhoireann mionúir na Gaillimhe.  Bhuaigh siad comórtas sraith Chonnacht níos luaithe sa bhliain agus bhuail siad Sligeach i gcluiche ceannais an chraobh i dTuaim.  Ar aghaidh leo go Páirc an Chrócaigh agus fuair siad an ceann is fearr ar fhoireann mionúir as Baile Átha Cliath sa gcluiche leathcheannais. D’imir Ciarán sárchluiche an lá úd, go háirithe sa dara leath.  Bhuail siad Corcaigh sa gcluiche ceannais le 7 gcúilín, 1-10 le 0-6. D'imir sé le foirne Faoi 21 na Gaillimhe i 1978 agus i 1979. Fuair Ros Comáin an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais Chonnacht thíos i mBéal Átha na Slua i 1978 ach chuaigh Ciarán ceann níos fearr an bhliain dar gcionn, 1979, nuair a bhuaigh siad Corn Chonnachta ach fuair An Dún an ceann is fearr orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Bhí Ciarán ina bhainisteoir ar an fhoireann Idirmheánach a bhuaigh Craobh na Gaillimhe agus Craobh Chonnacht i 2009 ach ní inniu ná inné a thosaigh Ciarán i mbun bainistíochta ar fhoirne peile. Bhí sé féin agus Pádraig Ó Conaire ag treanáil an fhoireann Faoi 14 a thug an chéad corn chontae riamh go ceanntar na nOileáin nuair a thug siad leo Sraith B an Chontae. D'fhoghlaim Ciarán go leor faoi chúrsaí treanálá ó na bainisteoirí éagsúla a bhí aige thríd na mblianta agus é ar fhoirne an chontae ach tá gean faoi leith aige ar Johnny Geraghty, cúlbáire foireann na Gaillimhe a bhuaigh 3 Chraobh Sinsir as a chéile, 1964, 1965 agus 1966. Bhí Johnny ina bhainisteoir ar fhoireann mionúir na Gaillimhe .