Aifreann Ceiliúradh sa Spórtlann
Cuireadh tús le himeachtaí chun ceiliúradh a dhéanamh ar leathchéad bliain bunú an Chumann le aifreann i Spórtlann Mhichael Mhóir ar an Domhnach, 3 Lúnasa 2014. Léigh an tAthair Eddie Bheartla Ó Conghaile, sagart Thír an Fhia an aifreann agus ina chuideachta bhí an tAthair Micheál Ó Braonáin, sagart paróiste Leitir Móir agus an tAthair Ciarán DeBláca, sagart paróiste na Ceathrún Rua, fear a bhí ina leas-uachtarán ar an gCumann nuair a bhí sé i dTír an Fhia.
Bhí slua breá i láthair agus bhí an chór ann faoi stiúir Bhridget Uí Lochnáin. Tar éis an aifeann imreodh dhá chluiche peile idir Naomh Anna agus An Cheathrú Rua, cluiche Faoi 8 agus cluiche Faoi 10.
|