Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TURAS GO MEIRICEÁ 2004

line decor
 
 
 
 

Ba ar an Déardaoin an t-ochtú lá d’Aibreán 2004 a d’fhág grúpa de 51 duine as Cumann Peile Naomh Anna, Leitir Móir agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar Chicago agus Boston ar chuairt 10 lá.  Nuair a bhain muid Aerfort O’Hare amach bhí slua maith de phobal na nOileán ag fanacht linn agus bratacha Leitir Móir crochta go hard acu.  Bhí teacht le chéile agus greim le nithe againn an oíche sin áit ar chuir muid aithne níos fearr ar an muintir thall.  Maidin Dé Sathairn a bhí an cluiche mór ar siúl ar pháirc Lane Tech i Chicago agus muid ag imirt in aghaidh foireann McBrides.  Bhí slua mór i láthair agus ardtaispeántas peile le feiceáil acu.  Cé go raibh coimhlint mhór ann bhí an bua ag Naomh Anna ar deireadh 1-13 le 0-13. Ina dhiaidh sin thug chuile dhuine aghaidh ar an Irish Heritage Centre áit a raibh neart le nithe agus le nól agus oíche go maidin.   Tráthnóna Dé Domhnaigh bhí teacht le chéile againn i Fast Eddie’s, teach ósta le Barbara Anne Nic Dhonnchadha as Leitir Mealláin ó dhúchas, agus ar an Luan thug muid cuairt ar an St. Barbara,  bád Steven Mulkerrins as an Máimín a bheas ag seoladh ó Chicago go dtí céibh an Mháimín an samhradh seo chugainn.  Cé go raibh cúpla Marlon Brando inár measc agus muid ag fágáil Chicago bhí Kaiser Sousa s’againn fhéin ar an bhfoireann agus é réidh le muid a thabhairt tríd an dara cuid dár n-aistear nuair a shroich muid Boston tráthnóna Dé Máirt.  

Ceantar Dorchester an áit is mó a raibh daoine ag fanacht le linn ár gcuairt ar Bhoston.  Is cinnte go bhfuil go leor de mhuintir na háite ag cur fúthu i mBoston idir óg agus aosta.  Bhí roinnt ócáidí eagraithe le linn dúinn a bheith ann agus bronnadh Léinte Polo orainn ó theach ósta Joe Mulkerrins, an Goalpost i Quincy.  Tráthnóna Dé Sathairn a thug muid an bóthar go Canton orainn féin don chluiche peile in aghaidh Na Connemara Gaels.  Ionad den chéad scoth atá i gCanton agus gan é oscailte ach le tamall de bhlianta.  Bhí go leor de leaids Chonamara ag imirt do na Gaels rud a rinne an cluiche níos suimiúla agus bhí ceathrar d’iar imreoirí Naomh Anna ag imirt leo chomh maith.  Théis cluiche a bhí gar ag amanna, bhí bua arís ag Naomh Anna rud a chiallaigh go raibh International Record an Chumainn gan a bheith briste.  Tráthnóna Dé Domhnaigh a d’fhág muid slán lena chéile taobh amuigh den “Bar” i Dorchester, cé go raibh roinnt daoine ar ais arís théis cúpla uair a chloig, a bhuíochas sin go hAer Lingus!, ach bhain chuile dhuine spraoi agus sásamh as an turas agus beidh cuimhne cinn againn ar na laethanta agus na hoícheanta a chaith muid lena chéile i Chicago agus Boston sa mbliain 2004. 

Ba mhaith le fochoiste Turas go Meiriceá, Naomh Anna ár mórbhuíochas a ghlacadh le gach duine a chabhraigh agus a thug tacaíocht / urraíocht dúinn leis na himeachtaí éagsúla a d’eagraigh muid ó thús na bliana.

 Go Raibh Míle Maith Agaibh go Léir.