Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

TORTHAÍ FAOI 17 - 2021

line decor
 
 
 
 

 

Bainisteoirí: Seán Andy Ó Ceallaigh (087-3193830) agus Ciarán Bairéad (087-1257730)
 Roghnóirí: Aonghus Ó Laoi, Tomás Ó Curraoin, Joe Seoige, Maitias Eoin Bairéad, Christopher Seoige
 
 
Faoi 17 2021
Seaimpíní Faoi 17 C an Chontae
 
Chun deiridh: Tomás Ó Curraoin (Roghnóir), Seosamh Ó hIcí, Ciarán Ó Catháin, Aonghus Ó Ráinne, Ciarán Mac Donnacha, Ciarán Bairéad (Bainisteoir), Rónán Ó Droighneáin, Malachy Ó Cualáin, Mícheál Ó Cadhain, Aodán Ó hIcí, Eoin Ó Gríofa, Aonghus Ó Laoi (Roghnóir), Maitias Eoin Bairéad (Roghnóir), Christopher Seoige (Roghnóir), Joe Seoige (Roghnóir)
Chun tosaigh: Seán Andy Ó Ceallaigh (Bainisteoir), Oisín Ó Cualáin, Callum Ó hIcí, Pádraic Seosamh Mac Donnacha, Maidhle Mac Donnacha, Fionn Mac Donnacha (Captaen), Liam Ó Flatharta, Seán Ó Báille, Mícheál Seoighe, Dara Ó Báille
 
 
Faoi 17 2021
Seaimpíní Faoi 17 C an Iarthair
 
Chun deiridh: Tomás Ó Curraoin (Roghnóir), Joe Seoige (Roghnóir), Seán Ó Báille, Rónán Ó Droighneáin, Oisín Ó Cualáin, Mícheál Ó Cadhain, Aonghus Ó Ráinne, Ciarán Ó Catháin, Ciarán Mac Donnacha, Fionn Mac Donnacha (Captaen), Malachy Ó Cualáin, Seosamh Ó hIcí, Maitias Eoin Bairéad (Roghnóir), Aonghus Ó Laoi (Roghnóir)
Chun tosaigh: Ciarán Bairéad (Bainisteoir), Pádraic Seosamh Mac Donnacha, Eoin Ó Gríofa, Callum Ó hIcí, Liam Ó Flatharta, Mícheál Seoighe, Maidhle Mac Donnacha, Dara Ó Báille, Christopher Seoige (Roghnóir)
 
 
Fionn Mac Donnacha & Pat Choilmín
Fionn Mac Donnacha, Laoch na hImeartha i gcluiche ceannais an Chontae, le Pat Choilmín Ó Conghaile
 
9-6-2021: Craobh Faoi 17 C an Iarthair, Babhta 1 i gCarna (Tábla Sraithe)
Naomh Anna 7-12       4-12 Carna-An Caiseal / Na Piarsaigh, Ros Muc
 
16-6-2021: Craobh Faoi 17 C an Iarthair, Babhta 2 ar an Máimín
Naomh Anna 3-8       4-10  Naomh Feichín, An Clochán
Rónán Ó Droighnéain 2-0, Maidhle Mac Donnacha 0-6, Pádraic Seosamh Mac Donnacha 1-0, Ciarán Ó Catháin 0-1, Ciarán Mac Donnacha 0-1
 
20-6-2021: Craobh Faoi 17 C an Iarthair, Babhta 3 i gCill Aithnín
Naomh Anna Bua gan choibhlint        Cill Aithnín
 
11-8-2021: Craobh Faoi 17 C an Iarthair, Babhta 5 ar an Máimín
Naomh Anna 5-10      4-7  Carna-An Caiseal / Na Piarsaigh, Ros Muc
 
29-8-2021: Craobh Faoi 17 C an Iarthair, Babhta 6 ar an Máimín
Naomh Anna Bua gan choibhlint        Cill Aithnín
 
22-8-2021: Craobh Faoi 17 C an Iarthair, Babhta 4 sa gClochán
Naomh Anna 5-14      4-13  Naomh Feichín, An Clochán
 
11-9-2021: Craobh Faoi 17 C an Iarthair, An Cluiche Ceannais in Uachtar Ard
Naomh Anna 3-13      1-16  Naomh Feichín, An Clochán
Fionn Mac Donnacha 0-10, Rónán Ó Droighnéain 2-0, Maidhle Mac Donnacha 1-0, Oisín Ó Cualáin 0-1, Ciarán Ó Catháin 0-1, Ciarán Mac Donnacha 0-1
 
23-10-2021: Craobh Faoi 17 C na Gaillimhe, An Cluiche Ceannais i Maigh Cuilinn
Naomh Anna 6-10      3-10  Cealltrach
Rónán Ó Droighnéain 4-0, Fionn Mac Donnacha 1-8, Ciarán Mac Donnacha 1-0, Aonghus ó Ráinne 0-1, Ciarán Ó Catháin 0-1
 
 
Craobh Faoi 17 C an Iarthair
Im
Buaite
Cothrom
Caillte
+
-
Dif.
Pointí
Naomh Anna, Leitir Móir
6
5
-
1
104
90
+14
10
Naomh Feichín, An Clochán
5
4
-
1
126
77
+49
8
Carna-An Caiseal / Na Piarsaigh, Ros Muc
5
2
-
3
72
94
-22
4
Cill Aithnín
6
-
-
6
2
46
-44
0
 
Craobh Faoi 17 C an Iarthair tugtha leo ag Naomh Anna, Leitir Móir
Naomh Anna, Leitir Móir 3-13   Naomh Feichín, An Clochán 1-16
 
Tús maith leath na hoibre agus buann cúil cluichí, dhá ráiteas a chloistear go minic agus nach iad a bhí fíor faoi chluiche ceannais Craobh Faoi 17 C an Iarthair a imríodh in Uachtar Ard ar an Satharn, 11 Meán Fómhair, nuair a fuair leaids óga Naomh Anna, Leitir Móir an ceann is fearr ar Naomh Feichín, An Clochán. Ní raibh caite ar an gclog ach nóiméad nuair a scóráil Maidhle Mac Donnacha cúl chun an-tús a chur le himirt leaids na nOileán. Ach throid Naomh Feichín ar ais go láidir agus bhí siad dhá phointe chun cinn tar éis seacht nóiméad nuair a scóráil príomhscórálaí An Chlocháin, Cillian Ó Gionnáin, cúl dóibh le cur leis an dá phointe a fuair sé roimhe sin. Chríochnaigh Ó Gionnáin an cluiche le 1-10 agus bhí an-choimhlint idir é agus Fionn Mac Donnacha, a chríochnaigh le 0-10. Chuir an cúl a scóráil Rónán Ó Droighneáin tar éis ceathrú huaire na foirne ar chomhscór, 2-2 le 1-5. Idir sin agus leathama bhabhtáil na foirne pointí le deireadh a chur leis an leath cothrom, 2-6 le 1-9. Chomh maith le Fionn, scóráil Ciarán Mac Donnacha agus Ciarán Ó Catháin pointí do na buaiteoirí
 
Ní raibh dada idir na foirne sa dara leath agus iad ag babhtáil pointí le fanacht cothrom agus muid ag teacht le deiridh na huaire. Nuair a scóráil Oisín Ó Cualáin pointe chun an cluiche a chothromú agus muid ag dul isteach sa nóiméad deiridh den chluiche bhí an chuma ar an scéal go mbeadh am breise ag teastáil chun buaiteoir a fháil ach bhí ionsaí amháin eile fanta i leaids na ngeansaithe dubha agus nuair a cuireadh an liathróid trasna cúl an Chlocháin, bhí Rónán Ó Droighneáin ansin chun an liathróid a chur san eangach agus cúl na bhua a fháil do leaids na nOileán, 3-13 le 1-16. Scóráil Fionn Mac Donnacha 0-10, Rónán Ó Droighneáin 2-0, Maidhle Mac Donnacha 1-0, Ciarán Ó Catháin, Ciarán Mac Donnacha agus Oisín Ó Cualáin 0-1.
 
Seaimpíní Faoi 17 C na Gaillimhe - Naomh Anna, Leitir Móir
Naomh Anna, Leitir Móir 6-10   Cealltrach 3-10
 
Ní chuirfeá an gadhar féin amach sa mbáisteach a thit ar Pháirc an Bhaile Dhóite i Maigh Cuilinn nuair a thug leaids óga Chumann Peile Naomh Anna, Leitir Móir agus Cealltrach aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Faoi 17 C an Chontae. Is 13-an-taobh a bhí sa ngrád seo agus tá moladh mór ag dul do na himreoirí ar fad a d’imir ar dhromchla a bhí fliuch báite, le liathróid a bhí ar nós gallúnach ach fós a thug taispeántas iontach uatha a bhí lán le scil agus fuinneamh. Chuir Cealltrach tús spleodrach leis an gcluiche agus bhí siad 1-1 chun cinn tar éis cúig nóiméad imeartha. Idir sin agus briseadh an tsosa uisce, chuir captaen Naomh Anna, Leitir Móir, Fionn Mac Donnacha, 1-4 ar chlár na scór, ceithre phointe ó chiceanna saora, lena chiotóg agus lena dheasóg, agus cúl iontach tar éis an-bhabhta imeartha díreach sular ndeachaigh siad chun deoch a thógáil ó na buidéil, iad chun cinn 1-4 le 1-2. Bhí cóir na gaoithe, a bhí sách láidir, i bhfabhar leaids na nOileán sa gcéad leath agus theastaigh farasbarr maith uathu sa dara tréimhse ach ba iad leaids óga Chealltrach a tháinig ar ais ón sos uisce le 3 phointe agus gan fhreagra ag leaids na nOileán ach pointe ón imirt ó bhróg Fhínn. Anois, bhí na foirne ar comhscór agus muid ag druidim le deireadh an chéad leath. Ach is sa chúig nóiméad deiridh den chéad leath sin a chonaic muid an pheil is fearr ón bhfoireann sna ngeansaithe dubha agus chuir siad cúig phointe ar chlár na scór gan aon fhreagra ón bhfreasúra, 3 cinn ó chiceanna saora Fionn agus ceann an duine ó na fathaigh lár páirce, Aonghus Ó Ráinne agus Ciarán Ó Catháin, chun an scór leathama a fhágáil ar 1-10 le 1-5 i bhfabhar Naomh Anna, Leitir Móir.
 
Tharla dhá eachtra luath sa dara leath a raibh tionchar mór acu ar thoradh an chluiche seo. Ceann acu sin nuair a bronnadh cárta dearg ar lánchúlaí Chealltrach, Rian Ó Hionnghaile Riain, tar éis sé nóiméad ach is sé an t-athrú a rinne lucht bainistíochta Naomh Anna, Leitir Móir ag tús an dara leath a raibh an tionchar is mó aige ar an gcluiche. Thug siad Rónán Ó Droighneáin isteach mar ionadaí sa líne lántosach agus in achar chúig nóiméad, idir an t-ochtú nóiméad agus an tríú nóiméad déag den leath, bhí an liathróid báite san eangach trí huaire aige chun Naomh Anna, Leitir Móir a chur go mór chun cinn, 4-10 le 1-6, agus iad ag dul i dtreo an taobh líne don sos uisce. Rinne Cealltrach tréan-iarracht teacht ar ais sa gcluiche le 1-3 gan fhreagra agus an cluiche ag dul isteach in am cúitimh ach chuir dhá chúl ó leaids na nOileán, ceann ó Chiarán Mac Donnacha agus a cheathrú cúl ó Rónán Ó Droighneáin, deireadh le haon aiséirí agus bhí bua slachtmhar ag Naomh Anna, Leitir Móir ag deireadh na himeartha, 6-10 le 3-10. Is iad Rónán Ó Droighneáin 4-0, Fionn Mac Donnacha 1-8, Ciarán Mac Donnacha 1-0, Aonghus Ó Ráinne agus Ciarán Ó Catháin 0-1 a fuair na scóranna don fhoireann bhuaiteach.
 
Roghnaíodh Fionn Mac Donnacha mar Laoch na hImeartha agus bronnadh gradam Galway Bay FM air ach ba shaothar foirne a bhí sa mbua seo, ón 18 imreoir a bhí ar an bpainéal go dtí an lucht bainistíochta a chuir obair mhór isteach ó thús an tséasúir, na bainisteoirí Ciarán Bairéad agus Seán Andy Ó Ceallaigh agus a cuid roghnóirí, Joe Seoige, Tomás Ó Curraoin, Christopher Seoige, Aonghus Ó Laoi agus Maitias Eoin Bairéad. Comhghairdeas leo ar fad!