Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

Seaimpíní Faoi 14 na hÉireann 2010 - Gaillimh

line decor
 
 
 
 

 

 

Tar éis dóibh an cluiche ceannais a chailleadh le trí bliana anuas, d’éirí le cailíní na Gaillimhe Craobh na hÉireann a thabhairt leo lena mbua iontach ar Bhaile Átha Cliath i gCill Tuama, Ros Comáin ar an Satharn, 12 Meitheamh.  B’iad cailíní an príomhchathair is fearr a thosaigh agus bhíodar 1-3 le 0-1 chun deireadh nuair a d’éirí leo dhá chúl a scóráil taobh istigh de nóiméad. Scóráil Katie Carter an chéad ceann agus fuair cailín óg Chois Fharraige, Ciana Ní Churraoin an dara cúl.  Bhí Gaillimh cúilín amháin chun cinn ag leathama, 2-4 le 1-6.  Tháinig Niamh Ní Chualáin chun páirce 10 nóiméad isteach sa dara tréimhse.  Fuair Aoibhinn Joyce agus Kelly Malone dhá chúl eile do Ghaillimh sa dara leath sin ach tháinig Baile Átha Cliath ar ais go láidir sna nóiméid deireadh chun an bearna is lú a fhágáil idir na foirne nuair a bhí an fheadóg deireadh séidte ag an réiteoir.


Gaillimh: Saoirse Burke, Alice Meagher, Sarah Gormally (Niamh Ní Chualáin), Emile Gavin, Megan Heneghan, Nicola Warde, Niamh Hanniffy, Siobhán Gavin (0-1), Ciara Burke (0-1), Olivia Divilly, Louise Warde (0-3), Kelly Malone (1-0) (Laura Anne Costello 57nóim), Katie Carter (1-2), Ciana Ní Churraoin (1-1) (Shannon Keady 30 nóim), Aoibhinn Joyce (1-1).

An painéal: Aoife Creavin, Karen Dowd, Megan Glynn, Louise Brennan, Katlyn Maloney, Fiona Power, Shauna Hynes, Ciara Lynagh, Gabby Lusiake, Darina Keane, Mairead Duffy, Roisin Holland, Katie McDonnell

 

Cailíní Faoi 14 na Gaillimhe 2010

Tá Niamh Ní Chualáin le feiceáil chun deireadh, an ceathrú cailín ó thaobh na láimhe deise (pictiúir ó Paul Mohan Sportsfile)