|
Craobh Chonnacht Faoi 12 ag Sarah
Comhghairdeas le Sorcha Ní Loingsigh as Béal a' Daingin, iníon le
Máirtín agus Bríd. Bhí Sarah ar foireann cailíní Faoi 12 na
Gaillimhe a bhuaigh Craobh Chonnacht ar an Domhnach seo caite, 1 Lúnasa,
nuair a fuair siad an ceann is fearr ar chailíní Mhuigh Eo ar pháirc
Chorafinne. Bhí Sarah ag imirt ar an líne leathchúl, ar chlé, áit
a raibh sárchluiche aici. Ní raibh mórán idir na foirne sa chéad
fiche nóiméad den cluiche tráth a raibh cailíní na Gaillimhe chun cinn
le cúig chúilín i gcoinne a ceathair ach ansin chuir Gaillimh brú mór
suas sna nóiméid deireadh den leath agus scóráil siad trí chúl.
Bhí Gaillimh i bhfad rómhaith sa dara leath agus bhí an bua acu sa
deireadh leis an scór 4-14 in aghaidh 0-4.
|