Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

Sparáil sa Spórtlann

line decor
 
 
 
 

 

‘White Collar Boxing’ i gCeantar na nOiléan 2010

Colman Ó Flatharta ag traenáil

An bhfuil dúshlán nua uait?  An bhfuil tú ag iarraidh fáil réidh leis an strus atá ort, cur le do  fhéin-mhuinín agus a bheith aclaí? 
Tá Cumann Peile Naomh Anna i gcomhar le Spórtlann Naomh Anna, Leitir Móir ag éagrú ‘White Collar Boxing’ i gCeantar na nOiléain, agus tá muid ag cuartú fir agus mná ar fud Chonamara a mbeadh suim acu é a dhéanamh. Leagfar amach clár gairmiúil traenála sé seachtainí do chuile dhuine, agus  is fearr nach mbeadh aon taithí dornálaíochta acu roimh ré.  Cuirfear an traenáil in óiriúnt do na h-iomaitheoirí agus críochnóidh sé le oíche mhór sa Spórtlann nuair a thabharfas na dornálaithe aghaidh ar a chéile sa bhfáinne, an dúshlán is mó ar fad, os comhar cairde, gaolta agus na céadta eile a bheidh i láthair. 

Iar dhornálaí Oilimpeach de chuid na hÉireann, Cathal O’Grady, a bheidh i mbun na traenála, a mhairfeas sé seachtainí, agus réiteoidh sé chuile dhuine le go mbeidh siad réitíthe i gceart don troid agus don ócáid. Cuirfear fáilte roimh aon nduine atá ós cionn 18 agus faoi bhun 60, daoine ó Chumann Peile Naomh Anna nó aon chumann peile/spóirt eile i gConamara, daoine áitiúla, lucht gráithe, gníomhaithe áitiúla agus aon duine a bhfuil suim acu sa dúshlán.  Cuirfear scrúdú dochtúra ar dhaoine sula ndéanfar aon traenáil chun a chinntiú go mbeidh siad in ann aige.
Mná ag Sparáil

Tá Cumann Peile Naomh Anna ag éagrú na hócáide seo le airgead a bháiliú don Chlub, do Pháirc a’Mháimín agus do Spórtlann Mhichéal Mhóir.  Tá muid fíor bhuíoch as gach cúnamh a thugtar dúinn.

Bhíodh an ‘White Collar Boxing’ go mór i gceist i Meiricéa sna 1980í le dochtúirí, tógálaithe, siúinéirí, sagairt agus muinteoirí dhá dhéanamh…..anois tá sé i gConamara!  Ní bheadh a fhios agat cé a d’fheicfeá sa bhfáinne fós!

Traenáil ag tosaigh3ú seachtain de Mheán Fómhair 2010
Oíche Mhór sa SpórtlannDé Sathairn, 23ú Deireadh Fómhair 2010
Tuilleadh Eolais:      Pádraic Ó Raighne 087-2238764; Gearóid Mac Donncha  087-9091147; Cathal O’Grady 087-8526323
 

Caroline Uí Ráighne & Ciarán Ó Gríofa

Caroline Uí Ráighne le Ciarán Ó Gríofa

Nóra, Philly & Edel

Nóra Ní Ógáin, Philly Ní Fhlatharta agus Edel de Paor

 

‘White Collar Boxing’ in Ceantar na nOiléan 2010

Are you looking for a challenge?  Do you want to get rid of all that stress, improve your confidence and get fit?
Cumann Peile Naomh Anna, in association with Spórtlann Naomh Anna in Leitir Móir are organising a ‘White Collar Boxing’ event in Ceantar na nOiléan and are looking for fighters, both men and women from all over Connemara to participate.
No previous boxing experience is required.

Ex Irish Olympic boxer, Cathal O’Grady, who organises and runs the programme, will undertake a six week training regime, to prepare the participants for the fight of their lives in front of friends, family and supporters at a gala night in our sports centre, Spórtlann Naomh Anna. The programme is based on a professional boxer’s regime, with some modifications, and will be tailored to the needs of participants of various levels.
Participants over the age of 18 will be welcome, individuals, club members, other club members from any kind of sport in Connemara, local people, business people, local activists, politicians and anyone else who feel up to the challenge!

This event is being organised by Cumann Peile Naomh Anna to raise money for the club, our pitch, Páirc a’Mháimín and for Spórtlann Naomh Anna.  We are extremely grateful to all those who have helped us in the past and continue to do so.
Spaces are limited, but you never know who might turn up in the ring!

An information night will be held in Spórtlann Naomh Anna for anyone interested and members of the media on Monday, 13th September at 8.30 pm. 
Training begins: 3rd week of September 2010
Gala Night:  Saturday, 23rd of September 2010
Further Information: Pádraic Ó Raighne 087-2238764; Gearóid Mac Donncha  087-9091147; Cathal O’Grady 087-8526323