Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

FOIREANN FAOI 14 1979

line decor
 
 
 
 

Buaiteoirí Sraith Faoi 14 B an Chontae 1979

Nuair a bhuaigh Foireann Faoi 14 Naomh Anna sraith an chontae i 1979, ba é seo an chéad uair ariamh don cumann aon comórtas chontae a bhaint amach. Sa ghrúpa, fuair Naomh Anna an bua ar Uachtar Ard, ar Na Piarsaigh, Ros Muc, ar An Cheathrú Rua, ar Mhicheál Breathnach, ar An Spidéal agus ar an gCleggan. Fuair siad an ceann is fearr ar An Chreagán sa gcluiche leathcheannais leis an scór 3-8 le 1-8. Imreodh an cluiche sin i bPáirc an Phiarsaigh, Bóthar na Trá agus coicís ina dhiadh sin thug siad leo an Corn le bua bhreá ar Bhaile Chláir na Gaillimhe, arís le 6 phointe, 3-9 le 3-3.

Seo tuairisc ar an gcluiche a bhí sa Churadh Connachtach an tseachtain sin.

Tuairisc ar an gcluiche Faoi 14 i 1979

B'iad Ciarán Ó Fátharta agus Pádraic Ó Conaire a threanáil an fhoireann. Seo an fhoireann a chuaigh chun páirce an lá sin:

1. Micheál Ó Lochnáin (Fuirnish)
2. Mark Mac Donnacha (Teach Mór) 3. Micheál Bairéad (Fuirnish) 4. Pól Ó Cualáin (Baile na Cille)
5. Uinsíonn Ó Lorcáin (Cruiminne) 6. Peadar Ó Cuinn (Tír an Fhia) 7. Pat Ó Domhnaill (Gleann Trasna)
8. Michael Bharry Ó Flatharta (Leic)           9. Cóilín Ó Curraoin (An Trá Bháin)
10. P.J. Mac Donnacha (Tír an Fhia) 11. Tomás Ó Ráinne (Máimín) 12. Gearóid Breathnach (Leitir Mealláin)
13. Piaras Ó Cuinn (Leitir Móir) 14. Micheál Ó Laoi (Leitir Mealláin) 15. Antoine Ó Gríofa (capt. Tír an Fhia)
16. Joe Joe Mac Donnacha (Tír an Fhia) 17. Gearóid Ó Cualáin (Baile na Cille) 18. Aodán Ó Loingsigh (Leitir Móir)
19. Seosamh Ó Gríofa (Tír an Fhia) 20. Seosamh Ó Flatharta (Muilinn) 21. Colie Ó Cualáin (Baile na Cille)
22. Seamus Ó Ráinne (Leitir Caladh)    

Níor tógadh aon phictiúir den fhoireann sin ach seo ceann a tógadh d'fhoireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin i 1980. Tá 11 den phainéal thuas le feiceáil sa phictiúir.

Scoil Chuimsitheach Chiaráin 1980