Header image
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
line decor

CORN CHUIMHNEACHÁN PA GREALISH

line decor
 
 
 
 

Bronnadh Corn Chuimhneacháin Pha Grealish ar Chathaoirleach an Chumainn, Máirtín Ó Conghaile, ag ócáid a reachtáil Coiste Peile an Iarthair sa Forge i Maigh Cuilinn ar an Satharn, 24 Feabhra 2007. Bronntar an corn seo ar Phearsa na Bliana do Chumainn atá i roinn Coiste Peile an Iarthair. Is mar aitheantas ar an tseirbhís iontach atá tugtha aige do chúrsaí peile i gCeantar na nOileáin a fuair Máirtín an gradam seo. Le linn do Mháirtín a bheith mar Chathaoirleach ar an gCumann seo ó 1994, tá muid tar éis Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta a reachtáil go hiontach i 2002 agus táimid beagnach réidh anois chun an tIonad Nua Spóirt a oscail le taobh Pháirc an Mháimín ar chostas €2 mhilliúin. D'fhreastal bean chéile Mháirtín, Tríona, agus a mhac, Liam, agus a iníon, Eibhlín, chomh maith le roinnt den Coiste chun tacaíocht a thabhairt do Mháirtín.

philgrealish triona_mairtin mairtin_curran nally_mairtin_tomas sweeney_maher bernie_gerry_pat
cait_colm thomasgeoghegan mairtinmaher joe_bernie phil_coiste gerryfolan
joe_mairtin_curran mairtin_triona tomas_triona_gerry triona_cait gerry_sweeney
 
 

Don dara uair bronnadh Corn Chuimhneacháin Pha Grealish ar oifigeach ón gCumann, an uair seo ar Rúnaí an Chumainn, Máirtín Ó Meachair, ag ócáid a reachtáil Coiste Peile an Iarthair ag deireadh 2016. D'fhreastal bean chéile Mháirtín, Margaret, agus beirt iníon, Caroline agus Orlaith, chomh maith le roinnt den Coiste chun tacaíocht a thabhairt do Mháirtín.

Máirtín Ó Meachair Clann Uí Mheachair mairtin_caoimhín An Coiste
 
 

Don tríú uair bronnadh Corn Chuimhneacháin Pha Grealish ar oifigeach ón gCumann, an uair seo ar Rúnaí an Chumainn, Mary Ní Loingsigh, ag ócáid a reachtáil Coiste Peile na Gaillimhe ag deireadh 2022.

Phil, Mary & Máirtín Bronnadh Clann Mhary Mary & Róisín